Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol if you don't put your life in some sort of order
" "Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
curtha de aige finished
" " Cinneadh dul go Meiriceá ======= Nuair a bhí an mháistreacht curtha de aige, chaith Allen bliain ag obair i mBanc na hÉireann.
a chuirfeadh scánnan de chuid Hollywood i gcuimhne duit that would remind you of a Hollywood film
" Thar na blianta goideadh roinnt de na saothair is cáiliúla ar domhan - amanna ar bhealach a chuirfeadh scánnan de chuid Hollywood i gcuimhne duit.
cuireadh de ghlanmheabhair iad they were committed to memory
" Mar sin, ar scláta le "peann" scláta a scríobhadh bunleaganacha na ndánta agus cuireadh de ghlanmheabhair iad.
curtha de dhroim seoil subverted, ruined
" Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil.
dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm if such a policy were implemented
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
sa chor is lú a chuireann sé de in his every movement
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
curtha de aige overcome
" ’ D’airigh Liam éadroime ina ghéaga, an laige is an mearbhall curtha de aige.
cuireadh ruaig ar de Courcy de Courcy was driven out
" Throid na Normannaigh a chéile ar feadh cúig bliana, ansin cuireadh ruaig ar de Courcy.
go gcuirfí an rialtas de dhroim seoil. that the government would be thwarted.
" Dúirt Frank Bainimarama, ceannaire an airm, nach mbeadh aon ghlacadh leis an reachtaíocht sin agus dá leanfaí ar aghaidh leis go gcuirfí an rialtas de dhroim seoil.
cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair. I learn dreadful dreadful statistics of horror off by heart.
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís the service are charged with the responsibility
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid he presented a series of proposals
"Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
chuir fúthu de bhonn tola settled down by their own design
" Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail a pair of tits would turn the world on its head
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh as much as was possible was included
" Bailíodh agus cíoradh é agus cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh sa cháipéis deiridh.
Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh such an invite wasn’t some petty thing
" “B’fhéidir go dtiocfá ar cuairt chugainn,’ arsa sé féin ansin, Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh.
is iomaí cor a chuir an córas de the system has changed a lot
" Córas Oideachais na Tíre =========== **SMM: Tá do shaol oibre caite in oideachas tríú leibhéal na tíre agus is iomaí cor a chuir an córas de le blianta anuas.
Leas an tSaoránaigh Curtha de Leataobh the citizen’s welfare put aside
" Leas an tSaoránaigh Curtha de Leataobh ================ Oibríonn an daonlathas go maith (nó go measartha) ar scála beag, ach is ar éigean a oibríonn sé ar scála mór.
de réir atá curtha i láthair ag according to what (....) have shown
" Tá athrú ar an dearcadh sin anois de réir atá curtha i láthair ag gasúir Lorgan.
curtha de dhroim seoil (we’ve) sent packing
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
a chuir mé taobh istigh de which I planted within
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.