Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ná habair nár cuireadh ar do shúile é don't say you weren't warned
" Ná habair nár cuireadh ar do shúile é," arsa Lillian.
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol if you don't put your life in some sort of order
" "Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí it seems he told the players
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
cuir do shoc amach stick your head out
" Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.
a chuirfeadh gliondar ar do chroí which would make you feel really happy
" Feiceann tú rudaí a chuirfeadh gliondar ar do chroí gach aon lá, ach chomh maith leis sin, feiceann tú rudaí a bhrisfeadh do chroí.
pé cúis a cuireadh i do leith whatever charge you were charged with
" Go dtí seo, bhí polasaí oifigiúil amháin ag Meiriceá: pé rud a rinne tú, nó pé cúis a cuireadh i do leith, gheofá dlíodóir agus chaithfí go daonnachtúil leat ar an mbonn go raibh tú neamhchiontach go dtí go dtabharfadh breitheamh cinneadh i do leith.
thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile he used to give an invitation to another junior club
" D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort which wouldn't scare you to death
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
cuireadh do dhaoine eile an invitation to other people
" Is éard is *weblog* nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann.
cuireadh do Margaret Thatcher an invitation to Margaret Thatcher
" An bhfuil aon seans go dtabharfaidh bás Rhys an comhphobal le chéile arís?Bhí díomá agus díchreideamh ar go leor daoine anseo nuair a thug an Príomh-Aire Gordon Brown cuireadh do Margaret Thatcher teacht ar cuairt go 10 Downing Street i mí Mheán Fómhair, mar gur cháin sé go láidir í agus í ina príomh-aire.
i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith after allegations were made against him
" Sa bhliain 2002, cuireadh brú air eirí as a phost mar mhéara i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith go raibh sé bainteach le caimiléireacht agus breabaireacht.
An Lá a Rachas tú i mBannaí, Cuir do Lámh i do Phóca expect to pay dearly for legal proceedings
"An Lá a Rachas tú i mBannaí, Cuir do Lámh i do Phóca’ Tá straitéis beachtaithe ag Mac Unfraidh le dul i ngleic le seo.
chuirfeadh ar do shúile duit would convince you
" Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil *The Grateful Dead* freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an *rock-and-roller* aige.
Tugadh cuireadh do were invited
" Tugadh cuireadh do na Briotánaigh teacht le himirt in aghaidh na nGailíseach, agus blaiseadh den chultúr Galego.
chuir suas do phost eile refused another job
" (Bean óg í seo a chuir suas do phost eile go gairid roimhe sin le teacht chuig an ghaelscoil úr!) Níor ghlac mo dhuine le comhairle an dlíodóra, Gaeilgeoir, ach d’fháisc sé air san iarracht go damanta agus tá na céadta cainteoirí líofa Gaeilge san áit mar gheall ar an aon duine amháin sin.
cuireadh in iúl do na baill the members were informed
" Ag cruinniú deiridh an Choiste Athbhreithnithe ar 15/6/2011, aontaíodh an cháipéis agus cuireadh in iúl do na baill go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais í agus go bhfoilseofaí í an samhradh sin.
Tugadh cuireadh do na hiar-lúthchleasaithe ex-athletes were invited
" Tugadh cuireadh do na hiar-lúthchleasaithe Oilimpeacha Astrálacha cuaird onóra a dhéanamh sa searmanas oscailte, ach ní raibh Norman ina measc.
cuireadh do an invitation to
" Do thug Ard-Rúnaí Sualannach na Náisiún Aontaithe, Dag Hammarskjöld cuireadh do Chruise O Brien forálacha éagsúla na Náisiún Aontaithe a chur i gcrích go feidhmiúil in Katanga.
Chuirfeadh sé uisce le do cháir it’d make your mouth water
" Chuirfeadh sé uisce le do cháir éisteacht lena chuntas ar “*at least six beautiful ways you can cook a rabbit*.
tugadh cuireadh do was invited
" Cé gur tugadh cuireadh do John Brennan cuairt a thabhairt ar sheanbhuaile a athar mar go bhfuil sé anois ina cheannaire ar an CIA, ní raibh an fear féin sásta rud ar bith a rá faoina phost ach gur “pribhléid mhór dom a bheith i mo cheannaire ar an CIA, ar na fir agus na mná a choinníonn Meiriceá – agus an domhan mór –slán sábháilte.
cuireadh as do chearta the rights (of L) were infringed
" Ghlac an Breitheamh Aindrias Ó Caoimh leis gur cuireadh as do chearta Uí Lubhlaí triail chothrom a fháil siocair go raibh cáipéisí de chuid an Gharda Síochána caillte.
a chuireann as do go leor daoine óga which bothers many youngsters
" Feictear dom nach mbíonn sí róbhuartha faoina ‘híomhá’, íomhá shamhailteach úd na linne a chuireann as do go leor daoine óga, cailíní ach go háirithe.
gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine it convinces one of the value of one’s culture
" Uireasa a mhéadaíonn cumha mar a deir an seanfhocal, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine.
a chuir i gcuimhne do which reminded
" Chuir an ceiliúradh seo deireadh le ‘Bliain Creidimh’ a thosaigh an Pápa Bheinidict XVI i 2012 agus a chuir i gcuimhne do Chríostaithe an bhaint atá acu le traidisiún fada a théann siar go dtí Naomh Peadar, an chéad Phápa, iascaire bocht agus deisceabal, a fuair bás ar son a chreidimh sa Róimh 1,950 bliain ó shin.
thug sí cuireadh do she gave an invitation to
" Idir an dá linn, thug uachtarán Ontario, - an cúige ina bhfuil Toronto - Kathleen Wynne, an chluas bhodhar do Ford le déanaí nuair a thug sí cuireadh do Kelly bualadh léi chun cúrsaí a phlé.
cuireadh agallamh orm do I was interviewed for
" Inné, cuireadh agallamh orm do Blas, clár raidió BBC Raidió Uladh ar an taispeántas The Art of the Troubles atá ar siúl in Iarsmalann Uladh go dti mí Mheán an Fhómhair.
níor chuir an teilifís as do television didn’t impinge on
" Thit an slua go tubaisteach an-tapa ón 40,000 duine a bhíodh i láthair sna caogaidí ach níor chuir an teilifís as do na cluichí i gcoitinne ach a mhalairt.
cuireadh do dhreamanna an invitation to groups
" An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d'ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal.
a chuir muid romhainn do which we set for
" ie ==== Rinneadh an cinneadh seo d’ainneoin go bhfuil sé léirithe gur baineadh amach na spriocanna uilig a chuir muid romhainn do Beo.
chuir siad meangadh ar do bhéal they made you smile
" com/Chefn-StemGem-Strawberry-Stem-Remover/dp/B002XOHZWC/> Muna bhfeabhasaíonn na huirlisí is giuirléidí sin ar fad do shaol iad féin, tá súil agam gur chuir siad meangadh ar do bhéal.