Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cultacha costumes
" "Déanann muid cultacha fá choinne achan chineál ócáide," a dúirt sé.
cultacha ildaite brightly coloured costumes
" Tá sé mar aidhm aige dráma páise a chur ar siúl ar shráideanna na Gaillimhe agus seó a fhorbairt don stáitse ina mbeadh ceol traidisiúnta, neart gluaiseachta agus cultacha ildaite, díreach cosúil leis an chineál ruda a dhéanann an compántas Macnas ar an tsráid.
cultacha galánta fine suits
" Caitheann na hoibrithe óga seo cultacha galánta, i gcodarsnacht leis na seanéadaí atá á gcaitheamh ag na tógálaithe.
cultacha suits
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
cultacha liatha grey suits
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
cultacha speisialta cosanta special protective suits
" Bhí orthu cultacha speisialta cosanta a chaitheamh, a chlúdaigh an corp agus an aghaidh go hiomlán.
cultacha suits
" £73 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an Princess Royal Stand, an áit a raibh mé féin ag obair, agus cé go raibh radharc maith ón ardán, ní dheachaigh cuid mhaith de na *punters *amach air mar go raibh sé rófhuar dóibh agus iad gléasta i ngúnaí beaga nó i gcultacha.
cultacha stairiúla historical costumes
" Tá a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike.
cultacha suits
" Níorbh fhada nó gur íocóin stíle iad beirt - beret agus collaíocht oscailte Bonnie Parker, cultacha agus giodal bréige Clyde Barrow.
dearthóir cultacha costume designer
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
cultacha seanré áille beautiful period costumes
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
cultacha spóirt sportswear
" - Iad siúd atá tógtha leis na cultacha spóirt, is féidir leo na leanaí a ghléasadh ar an dóigh sin fá choinne na Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe.