Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
téip chumhdaigh masking tape
" "Tá an téip chumhdaigh reaite agus bhí mé ag smaointiú gur mhaith leat a dhul chuig B&Q le tuilleadh a fháil.
gcrios chumhdaigh protection zone
" Mheas muid go mbeadh an blár agus na bóithre ina gcrios chumhdaigh againn, agus go gceansófaí na lasracha sula sroichfidís ár dtithe.
spéaclaí cumhdaigh dark glasses
" B'éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta.
cumhdaigh fhíorluachmhara very precious ornamental shrines
" Tá suas le 120 taise naofa sa taispeántas ríshuntasach seo agus is ar na cumhdaigh fhíorluachmhara, na coiméadáin a rinneadh leis na taisí a chaomhnú iontu, atá an taispeántas dírithe den chuid is mó.
Cumhdaímis sinn féin go maith let’s cover ourselves up well
" Cumhdaímis sinn féin go maith, téimis amach ag siúl nuair is mian linn, ar neamhchead don aimsir, agus ná coimeádtar cúbtha sinn inár gcimí faoi chaolach an tí.
Cé go mbíonn tú cumhdaithe although you’re covered
" Cé go mbíonn tú cumhdaithe faoin acht seo, molaimse duit iarraidh ar an ngaráiste nó ar an díoltóir, barántas a thabhairt duit.
cumhdaithe covered
" Níor aithin mé i dtosach é cumhdaithe mar a bhí faoi scáth a chaipín ó theas láidir an lae.