Pota Focal Intergaelic
cúp | cap | cip | cíp | coup
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Corn Domhanda World Cup
" Cineál "Corn Domhanda" a theastaíonn, sé sin grúpaí de cheithre fhoireann, iad ag imirt in aghaidh a chéile ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile i rith mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh, gach foireann ar aghaidh ansin chuig cluiche ceathrú ceannais A nó B i mí Iúil, ag brath ar a gcuid torthaí sna réamhbhabhtaí.
corn cup
" Is iomaí corn a tháinig ar ais go hÉirinn linn ar an eitilt abhaile.
Chorn Sacair an Domhain the World Cup
" Chaill foireann na hAstráile sa gcluiche deireanach cáilíochta do Chorn Sacair an Domhain.
an Corn Domhanda sacair the soccer World Cup
" Ní bheidh an Corn Domhanda sacair á chraoladh beo ar an idirlíon an samhradh seo, agus tá cúis an-mhaith leis sin: ní fhéadfaí an liathróid a fheiscint.
Corn Sacair an Domhain the Soccer World Cup
"Corn Sacair an Domhain thart um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
corn cup
" I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse.
Corn an Domhain the World Cup
" Chomh luath is a chríochnaigh Corn an Domhain, áfach, d'athraigh an tírdhreach gan mhoill.
Chorn Mhic Cárthaigh The McCarthy Cup
" I gceann eile tá greim láimhe ag imreoir ar Chorn Mhic Cárthaigh agus é á thumadh i loch atá an-chosúil le ceann de locha Ghleann dá Loch.
corn cup
" " corn Uí Riada ======= Bhuaigh Gearóidín féin an comórtas is tábhachtaí sa sean-nós, corn Uí Riada an Oireachtais, sa bhliain 1996.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
i gCluiche Ceannais Chorn an FA in the FA Cup Final
" Bhí mé ag Wembley i 1989 nuair a fuair sé an chéad chúl sa bhua 3-2 in aghaidh Everton i gCluiche Ceannais Chorn an FA.
corn cup
" Cé go bhfuil siad sa dara roinn anois, rinne siad go maith i gcorn an FA (bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach) agus i gcorn Worthington (cluiche ceannais) nuair a bhí Aldridge ina bhainisteoir.
a raibh ar ghrinneall an chupa everything that was at the bottom of the cup
" " Shlog sé siar a raibh ar ghrinneall an chupa agus d'éirigh ina sheasamh.
chorn cup
" Geit as Baile Átha Cliath ======= An chéad chorn a bhuaigh Contae na Mí faoi stiúir Sheán Boylan ná Corn Uí Bhroin, comórtas a imrítear go luath gach bliain i measc chontaetha Chúige Laighean.
Chorn Ryder Ryder Cup
" Mar léiriú ar an meon úd chonaiceamar cúpla bliain ó shin an chaoi inar iompar foireann na Stát Aontaithe iad féin i gcomórtas gailf Chorn Ryder.
Corn Mhic Cárthaigh The McCarthy Cup
" An rud ba mhaith liomsa a chloisteáil ná cén plean atá á chur i bhfeidhm chun Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt go contae Chiarraí agus contaetha mar é.
corn mór airgid a big silver cup
" Ar a bhealach chuig an chéad choirnéal eile chuaigh Balor thar Mhicheál Mór Ó Grúdlainne, iar-shaoiste Fhoraois na Gaeilge, agus corn mór airgid ina láimh aige.
boslach uisce water held in cupped hands
" Bhuail sé isteach sa teach, leag sé an mála gona bhuidéal ar bhord na cisteanaí, gur bhuail sé boslach uisce ar a éadan, gur thriomaigh sé é féin le seantuáille; gur ith sé a dhinnéar.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ní amhrán náisiúnta na hÉireann, "Amhrán na bhFiann", a chas foireann rugbaí na hÉireann (is ea, foireann rugbaí na hÉireann) roimh a gluichí i gCorn an Domhain le déanaí san Astráil, ach píosa nua-chumtha dar teideal "Ireland's Call".
cluiche leathcheannais Chorn an FA the FA Cup semi-final
" D'inis Sheila Coleman, ball den HJC anseo i Learpholl, dom go mbíonn imeachtaí mar seo ar siúl go rialta in Éirinn le cuidiú a thabhairt don fheachtas, a bunaíodh tar éis na tubaiste ag cluiche leathcheannais Chorn an FA i 1989 idir Learpholl agus Nottingham Forest i Hillsborough, staid sacair Sheffield Wednesday.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
Chorn an Domhain the World Cup
" Chuaigh mé go dtí an tSeapáin agus Saipan le linn Chorn an Domhain in 2002, agus is cuimhin liom féachaint ar na biachláracha gan bheith in ann tada a thuiscint.
corn cup
" Lé linn cluiche ceathrú ceannais Chiarraí idir An Ghaeltacht agus Eiméid Lios Tuathail, is amhlaidh a bualadh Marc Ó Sé i dtosach agus Tomás ansin agus gurbh é deireadh an scéil gur tugadh Tomás chuig an oispidéal agus giall briste aige! Cé a cheapfadh go dtarlódh a leithéid, coicís i ndiaidh Chraobh na hÉireann? Ní aisling é ach tromluí! Ar bhealach, is scéal dochreidthe é go leagfaí ar lár le buille fealltach beirt de laochra an chontae chomh luath i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint agus corn Sam Mhic Guidhir a bhreith ar ais go dtí "An Ríocht".
fíorchupán caife a real cup of coffee
" Sa dóigh sin, is féidir leo fíorchupán caife a fháil, rud atá riachtanach le hiad a mhuscailt ar maidin.
i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa in the European Cup final
" Ní bratach Celtic a bhí ann ná trídhathach féin! Bratach Liverpool a bhí ann i ndiaidh a mbua ar AC Milan (a bhunaigh Sasanach, dála an scéil!) i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa.
Corn an FA the FA Cup
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
Corn na hEorpa the European Cup
" Nach leor é sin dó? Bhí níos mó clú orainn anseo tar éis an chluiche sacair iontach sin in Iostanbúl ar an 25 Bealtaine agus rinne mé féin oilithreacht go hAnfield le gairid chun bheith i mo sheasamh in aice le Corn na hEorpa.
Corn Mhig Uidhir the Maguire Cup
" Bhí trí chluiche ar fad i gcoinne Ard Mhaca agus cé gur chloígh fir Ard Mhaca iad in athimirt Chraobh Uladh, is cuma leo faoi sin anois agus Corn Mhig Uidhir ina seilbh acu.
cluichí ceannais Chorn an Domhain the World Cup finals
" Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006.
tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain after being banished from the World Cup competition
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
Corn Stanley the Stanley Cup
" Bhain sé féin agus na hOilers Corn Stanley, craobh an haca phroifisiúnta i Meiriceá Thuaidh, ceithre bhabhta.
Corn an FA the FA Cup
" Chuaigh Liverpool FC trí Walton ar bhus dearg dhá urlár le Corn an FA agus bhí na mílte i láthair le bratacha agus scaifeanna dearga chun céad míle fáilte abhaile a chur roimh an fhoireann.
an corn the cup
" Maidir le stair Chorn an Domhain, bunaíodh an comórtas de dheasca iarrachtaí grúpa Francach faoi cheannaireacht Jules Rimet agus tionóladh an chéad fhéile i 1930 nuair a bhuaigh Uragua an corn.
Corn sacair an Domhain the soccer World Cup
" Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu.
i gCorn an Domhain in the World Cup
" Ó bhí muid chun imirt ar son gach aon fhoireann timpeall an domhain agus i gCorn an Domhain chomh maith.
an corn the cup
" Is éard atá i gceist agam ná go raibh an corn buaite ag an Eoraip sula raibh an comórtas críochnaithe toisc gur shroich an Eoraip oiread pointí nach bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad a shárú.
tar éis Chorn an Domhain after the World Cup
" De réir cosúlachta, d’fhan roinnt acu tar éis Chorn an Domhain ceithre bliana ó shin.
Corn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Níl a fhios agam an féidir Corn an Bhóthair Iarainn agus Corn an Oireachtais a athréimniú nó an bhfuil an toil nó an spéis ann chuige.
An chéad chorn the first cup
" An chéad chorn a bhuaigh an club s’againne le mo linnse ná Corn Bhaintreacha na Sean-Óglach.
ar son coirn agus bonn for a cup and medals
" D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
a bhuamar comórtas nó corn ar bith that we won any competition or cup
" Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí.
Bhlaiseamar go léir den chorn we all tasted what was in the cup
" Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan.
amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! as if it was the McCarthy Cup itself!
" Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann! Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan.
corn a raibh an-stair ag baint leis. a cup which was steeped in history.
" Bhuamar an Chraobh agus an tSraith Shóisearach agus Idirmheánach i ndiaidh a chéile, móide Corn Fogarty agus Corn an Chéitinnigh, corn a raibh an-stair ag baint leis.
gach corn sóisearach agus idirmheánach every junior and intermediate cup
" Bhí gach corn sóisearach agus idirmheánach inár seilbh le linn tréimhse cúig bliana nó mar sin agus thosaigh sin ar fad de bharr Chorn an Athar Uí Mhurchú agus Cumann Bhaintreacha na Sean-Óglach.
agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, to interview the judges of the Ó Riada Cup,
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
Corn na hEorpa the European Cup
" Tá sé deacair ag an chosmhuintir a thug tacaíocht don fhoireann sular bhain siad Corn an FA den chéad uair i 1965, agus a lean Liverpool FC nuair a bhain siad Corn na hEorpa ceithre huaire idir 1976 agus 1984 nuair a bhí siad in ard a réime, tá sé deacair acu sin a thuiscint gur “saincheadúnas idirnáisiúnta” is ea a bhfoireann áitiúil anois agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in Anfield níos mó.
i gCorn an FA. in the FA Cup.
" Ach níor éirigh sé as an sacar; fuair sé áit ar fhoireann Hendon agus ansin, agus é sé bliana déag, le hEdgeware Town, foireann ar imir sé léi i gCorn an FA.
ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. winning a cup or league or big race.
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
le linn Chorn Domhanda an Rugbaí during the Rugby World Cup
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
corn cup
" Den chéad uair riamh, bronnfar corn fá choinne amhránaíochta ar an sean-nós i nGaeilge na Polainne.
corn cup
" Ba é an Sam Maguire céanna a bhí i gceist, ach corn eile! De ghnáth, bhíodh an bua ag Londain sa pheil, ach ní bhíodh Learpholl ró-olc ó thaobh na hiomána de.
gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, without having had at least three cups of tea,
" D’fhear nach bhfuil ábalta an teach a fhágáil gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, bhí iontas orm go bhfuair mé chomh fada sin i mo thuras gan tae, agus gan aon duine a thachtadh.
i gCorn Domhanda an Chruicéid. in the cricket world cup
" CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidh ná an fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid.
Corn Rugbaí an Domhain. The Rugby World Cup
" Bhí an lucht leanúna agus na saineolaithe ar aon intinn agus iad araon ag tuar go raibh seans maith ann go mbuafadh foireann na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain.
choirn cups
" I mbliana, mar shampla, sa chomórtas tarraingthe téide faoi aois ceithre bliana déag, bhí triúr is fiche ar an dá thaobh den rópa! DuaiseannaMaidir le duaiseanna, bíonn idir choirn, bhoinn agus airgead le buachan ag na hiomaitheoirí.
Chomórtas Sé Náisiúin The Six Nations Cup
" Bhain na cailíní an cheathrú áit sa ‘Chomórtas Sé Náisiúin’ amach anuraidh.
gCorn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
Craobh na hÉireann The Championship/Liam Mac Carthy Cup
" Tá fhios ag gach bainisteoir agus imreoir nach móide go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann gan Chill Chainnigh a chloí ag pointe éigin.
corn a bhreith leo to bring away the cup
" Nil fhios agam cén chaoi a dtagaidís le chéile chun traenála, i gcuracha, in eitleán nó ag snámh, ach ba mhór an t-éacht acu é an corn a bhreith leo.
Corn Cup
" Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland.
Chorn cup
" An cluiche deireanach de chluichí cáilithe Chorn an Domhain a bhí i gceist agus ní raibh ach toradh amháin insamhlaithe, bua d’fhoireann na Poblachta, Poblacht na hÉireann dar ndóigh.
corn a bhailiú to collect the cup
" A eagarthóir, má theipeann ar mo phodcraoladh an ligfeá dom an corn a bhailiú do Bheo.
Chuach cup
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
corn cup
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
Corn an Domhain the World Cup
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
Chorn cup
" Bhuaigh Giles bonn Chorn FA le Man Utd sa bhliain 1963 ach, níos deireanaí sa bhliain sin, scaoil an bainisteoir cáiliúil, Matt Busby, leis chun bealaigh go Leeds United (“ an mheancóg is mó a rinne mé riamh” a d’admhaigh Busby blianta ina dhiaidh sin).
is minic a cailleadh long lámh le cuan many a slip between cup and lip
gCorn an Domhain the world cup
" Is cuimhin liom go maith an uair dheiridh a raibh Éire ag imirt i gCorn an Domhain (2002 monuar!) go raibh na meáin chraolta is cló breac le beannachtaí ar nós Konichiwa agus Sayonara.
Corn cup
" Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
Chorn an Domhain the World Cup
" Imreofar cluichí Chorn an Domhain 2014 i 12 chathair ar fud na tíre, agus sa bhliain 2016 eagrófar na Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro.
Corn cup
" Bronntar Corn Chormaic Mhic an Ailín ar na buaiteoirí in ómós d’iarpheileadóir Thír Eoghain a cailleadh go tubaisteach sa bhliain 2004.
cogadh na sifíní áiféiseach seo this storm in a tea-cup
" B’éigean d’urlabhraí ar son ‘an Pháláis’ ráiteas a eisiúint le cur in iúl go raibh iompar an Phríomh-Aire go hiomlán ceart sular cuireadh deireadh le cogadh na sifíní áiféiseach seo.
gCorn an Domhain the World Cup
" Ach is cuimhin liomsa go maith cá raibh mé an lá gur bhuail an Ísiltír Éire i gCorn an Domhain i 1994.
oiread gradam, bonn, coirn so many awards, medals, cups
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
Corn cup
" Údar meidhréise ag pobal Chill Chainnigh dar ndóigh an scéala seo, ach údar scátha agus imeagla é do mhuintir na gcontaetha eile a bhfuil sé d’uaillmhian acu Corn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo am éigin amach anseo.
inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite inscription on the abovementioned cup
" Is díol spéise é gur bhain Kiernan feidhm as ‘*Minister for Ireland*’ san inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite, seachas Ard-Choimisinéir na hÉireann, mar a bhí sé go hoifigiúil ag an am.
Corn gan Smál sa Smionagar an unharmed cup in the cinders
" com) Corn gan Smál sa Smionagar =========== Ba chleas cliste fiúntach é an corn a bhronnadh ar Chumann Gailf Canberra Ríoga.
thángthas ar an gcorn the cup was found
" Ní fios cén fáth, ach níor reáchtáladh an comórtas thuasluaite go dtí an bhliain 1996, nuair a thángthas ar an gcorn sa smionagar a bhí fágtha nuair a chuaigh an clubtheach trí thine.
níor bhain béim chreabhair don chorn the cup was unmarked
" Cé gur léirscriosadh an clubtheach, níor bhain béim chreabhair don chorn.
faoi stair an choirn about the cup’s history
" Ní raibh aon eolas ag bord rialacháin an chlub faoi stair an choirn, ach ba chuimhin le seanbhaill áirithe an dóigh ar bronnadh an comhramh ar an gclub.
cupán anraith i mo ghlaic agam a cup of soup in my fist
" Agus cupán anraith i mo ghlaic agam, chuala mé mé féin ag fiafrú de dhuine de na maoir de m'ainneoin féin: “Cén dáta a bheas an ócáid seo ar siúl an bhliain seo chugainn?”
corn eile other cups
" Cé gur bhain siad faoi stiúir Ferguson Sraith na Seaimpiní faoi dhó agus cúpla corn eile de chuid na hEorpa móide Corn Chlubanna an Domhain FIFA uair amháin, bhí an chosúlacht ar an scéal go minic nár oibrigh cur chuige Ferguson chomh maith sin ar fhaichí coimhthíocha na hEorpa is a d’oibrigh siad ar fhaichí méithe Shasana.
Chorn na gConaidhmeanna the Federations’ Cup
" An sprioc a bhí acu: máirseáil a fhad leis an staidiam nua sacair, áit a raibh cluiche de chuid Chorn na gConaidhmeanna ar siúl idir an Nigéir agus Uragua.
ceann i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh one in the Mac C. Cup
" Athruithe de Dhíth ======= É sin ráite, tá an córas idirchontae an-lochtach i gcónaí ó thaobh na féilire de: bhí foirne Uíbh Fhaillí agus Aontroim díbeartha as craobhchomórtas na hÉireann, 2013, tar éis dóibh dhá chluiche a imirt, ceann i gcomórtas Laighean agus ceann i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh, lá sular imir Corcaigh a gcéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan.
Corn an Domhain the World Cup
" Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro.
cluichí an Bhóthar Iarainn the Railway Cup games
" Níor tharla sé sin ach i gcás amháin is é sin cluichí an Bhóthar Iarainn (comórtas idirchúige) a bhíodh á gcraoladh ar RTÉ ar Lá ’le Pádraig.
Chorn Domhanda World Cup
" ** Tá fiontraí áitiúil ag súil le cúis chéiliúrtha le teacht an Chorn Domhanda sa Bhrasaíl an samhradh seo, agus é ag seoladh feathal úr Bróg.
Corn Sacair an Domhain the world cup
"Corn Sacair an Domhain faoi lánseol agus mé á scríobh seo.
luach cúpán the price of a cup of ..
" 65 - luach cúpán tae/caifé - a íoc ar an aon nuachtán Ghaeilge a bhí ar fáil, as féin, le blianta beaga anuas.
le linn Chorn na Cruinne during the World Cup
" Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe.
ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain on some of the highlights of the soccer World Cup
" Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain ó bunaíodh an comórtas i 1930.
Corn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
Léiríonn corn gailf a golf cup demonstrates
" Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada.