Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coimeádaí curator
" Tá loitiméireacht déanta ar thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl agus tá an coimeádaí ag cur an mhilleáin ar dhílseoirí áitiúla.
coimeádaithe ealaíne art curators
" Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
coimeádaí curator
" Is é Bob Powell an coimeádaí agus tá an-taithí aige ar iarsmalanna faoin spéir.
coimeádaí curator
" Tá Langlands agus Bell tar éis fáil réidh leis an aidréanailín ón chluiche stua," a dúirt Judith Nesbitt, coimeádaí thaispeántas Dhuais Turner, a bheas ar siúl go dtí go mbronnfar an duais i mí na Nollag.
feighlí curator
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
i ngairdín choimeádaí na hiarsmalainne in the garden of the curator of the museum
" Sa bhliain 1995, fuarthas píosa tábhachtach amháin i ngairdín choimeádaí na hiarsmalainne, Susan Seright.
coimeádaí curator, keeper
" Deir Cynthia Young, coimeádaí an Ionad Idirnaisiúnta Grianghrafadóireachta i Nua Eabhrac, foras a bhunaigh deartháir Capa ina ómós, nach raibh sí go hiomlán cinnte faoin teoiric seo agus go mbeadh a thuilleadh fianaise de dhith uirthi ach go raibh an tIonad ‘open to new interpretations’.
ina chaomhnóir curator
" D’éirigh leis beagnach leath den saothar a bhaint anuas ón teampall ársa agus iad a sheoladh go Sasana i 1805 agus bhí sé féin ina chaomhnóir orthu go dtí gur bhuail géarchéim airgid é agus gur dhíol sé iad le Rialtas na Breatáine i 1816.