Pota Focal Intergaelic
aor | caoir | caora | car | cor
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caora dearga red berries
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
Caor thine air Blast it
" "Cé a smaointigh ar an ócáid cibé? Caor thine air mar lá.
caor berry
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
caor thine fire-ball
" Bhí an t-ádh uirthi gur imigh sí, mar go gairid ina dhiaidh sin phléasc an tine agus chuaigh caor thine suas an staighre beo agus thart ar oifig na dticéad, agus fuair a lán daoine bás.
farasbarr de chaora dearga surplus of red grapes
" Tá a gcuid fíonchaora siúd anois réidh le baint agus is dá bharr sin atá farasbarr de chaora dearga ann, go háithrid *shiraz *agus *cabernet sauvignon*.
caora caorthainn rowan-berries
" Bhí an bréagriocht ar dóigh ar fad: bhí folt casta gruaige uirthi ar dhath an óir; ba ghile a craiceann ná sneachta na haon oíche; ba dheirge a grua ná na caora caorthainn; ní thiocfadh leat a samhail a thabhairt dá súile ach réalta geala oíche sheaca, bhí siad chomh lonrach sin.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe I refused to eat grapes
" Ar feadh ceithre huaire is fiche dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
dhá chaora two sheep
" Bhí céasadh i ndán don duine a tháinig salach ar na manaigh – nuair a ghoid seirfeach bocht dhá chaora ó mhainistir, baineadh a shúile as a cheann, cuir i gcás.
gcaora fíniúna grapes
" Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.
caora berries
" Ba dheirge a ghrua ná na caora caorthainn.
Caora berries
" Caora ina dtriopaill rua ar chrann caorthainn.
caora a mharú to kill a sheep
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
nach ag cur na caoire thar an abhainn not just giving the appearance of doing something
" Tá súil agam nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur orainn agus nach ag cur na caoire thar an abhainn atá sé.
tá sé ina chaor mhire he’s burning with temper
" Ag tús mhí álainn seo an Mheithimh tá Balor bocht ar buile; tá sé le ceangal; tá sé ina chaor mhire.
caora sheep
" Bhí idir 5,000 go dtí 200,000 caora ag na feirmeoirí, ba leo luach £2 mhilliúin de thalamh agus iad ag saothrú idir £1,000 agus £10,000 sa bhliain (airgead ollmhór sa 19ú haois déag).
an chaora seo this sheep
" Agus chuir an chaora seo a cos amach faoi chlár rodthaí a bhí i dtóin an bháid.