Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag mallachtaí linn cursing at us
" Is cuimhin liom na *paratroopers* a bheith ag rith thart ag mallachtaí linn.
ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann cursing like a trooper
" Gach bliain bíonn eachtra de chineál éigin ann a chinntíonn go mbaintear ceannteidil na bpáipéar nuachta amach - smaoinigh siar ar Madonna ag an ócáid bhronnta anuraidh ag mallachtú mar a bheadh seansaighdiúir ann.
babhta mionnaí móra a bout of cursing
" ? geilleagareconomy ina dtuile amholain a flood of crude oil a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off bantrachtwomen dallamullógdeception dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories bíogúilsprightly is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it maitheasgood mo dhícheannadhmy decapitation cúiscause mo dhianéagmy violent death anbhásviolent death babhta mionnaí móraa bout of cursing bómántaslow-witted
ag eascainí cursing
" Deirtear gurb í an ócáid spóirt an t-aon áit phoiblí a mbíonn ceadúnas ag duine a bheith ag eascainí is ag scréachach in ard a chinn is a ghutha, agus lán mála maslaí a chaitheamh le daoine eile, bídís ina strainséirí nó ná bíodh, agus go mb’fhéidir nach ndéarfaí leis ach ciall a bheith aige nó a chlab a dhúnadh.
síoreascainí constantly cursing
" Bíonn carachtair i leabhair Roddy Doyle ag síoreascainí agus tá an nós sin cáinte ag a lán daoine.
ag stróiceadh mionnaí móra cursing wildly
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
mar dhíoltas do mo mhallacht in return for my cursing
" Mallacht orthu! Faoi dheireadh éirionn liom iad a scoitheadh, ach go tobann, mar dhíoltas do mo mhallacht, tosaíonn scréachaíl i mo láirig.
ag leagan mallachtaí ar na fir cursing the men
" Agus bhí an sagart ag leagan mallachtaí ar na fir.