Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dteach banaltrais nursing home
" Ba dheacair liom amharc mo shúl a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m'intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge arís go brách é ó d'éirigh le Helen is le Dónal a theacht ar shocrú leis agus é a ruaigeadh isteach i dteach banaltrais as a mbealach.
banaltracht nursing
" Ba le múinteoireacht, banaltracht agus leis na gardaí a chuaigh mórán de mhuintir na háite a chuir fúthu in Éirinn go dtí seo.
teach altranais nursing home
" Tá na rataí fáiscthe anois ar an teach altranais nua do dhaoine aosta an cheantair.
tithe altranais nursing homes
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
Ionad Altranais nursing home
" Mí na Bealtaine seo caite, ghlac sí páirt i dtrí mharatón siúil trí lá as a chéile, 26 míle gach lá, d'Ospís an Fheabhail i nDoire agus don Ionad Altranais atá á thógáil faoi láthair i nGaoth Dobhair.
thithe banaltrais nursing homes
" Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
seanionad banaltrais an old nursing centre
" Nuair a d'fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d'fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis.
i dteach altranais in a nursing home
" Deirtear go bhfuil Henrietta Wilkins, a d'oibir uaireanta fada i monarcha milseán i mBrooklyn agus Wilkins ag éirí aníos, ina cónaí i dteach altranais i Queens.
altracht nursing
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
mac léinn altrachta nursing student
" Is mac léinn altrachta í Isobel Ann, atá 18 mbliana d’aois.
teach altranais nursing home
" ” Tá dhá dlúthdhiosca salm eisithe ag muintir Back Free Church agus an brabús ag dul chuig teach altranais agus ospís darb ainm Bethesda.
bogadh isteach i dteach altranais to move into a nursing home
" Tá sé i gceist réimse seirbhísí a chur ar fáil chun nach gá dóibh bogadh isteach i dteach altranais ach gur féidir aire a thabhairt dóibh ina mbaile féin.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais in the case of a large share of the nursing home patients
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
i dtithe altranais. in nursing homes.
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
an bhanaltracht nursing
" Chuaigh Maighread leis an bhanaltracht i ndiaidh di an Ardteistiméireacht a chur di agus chuaigh na baill eile den ghrúpa leis an cheol i ndiaidh dóibh a gcuid oideachais a fháil.
mic léinn altranais nursing students
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
altranas nursing
" Aoine an Chéasta achan seachtain sa tír sin!! As seo a thagann na traidisiúin “vorspiel” agus an “nachspiel” – is é sin, an mhuc a dhéanamh sa teach sula dtéann tú amach, nó nuair a philleann tú, agus altranas a dhéanamh ar phionta amháin ‘fhad is atá tú amuigh.
bunteastas altramais a basic nursing cert
" Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas sa teach, agus bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar.
dteach altranais nursing home
" Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.
ag cur fúthu i dtithe altranais. living in nursing homes.
" Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.
ag déanamh cúraim nursing, taking care of
" Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”.