Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comharthaíocht dhátheangach bilingual signs
"comharthaíocht dhátheangach á húsáid ag gnólachtaí ar bheagnach gach sráid.
dátheangacha bilingual
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Amharcann sí ar ais orm trí shúile m'iníne: todhchaí dhearfach, chruthaíoch, oscailte d'ár gcuid páistí dátheangacha.
dátheangach bilingual
" Tá pobal mór dátheangach amuigh ansin agus go leor eile ina theannta a bhfuil meas acu ar an teanga agus ar an traidisiún.
dátheangach bilingual
" An Ghaeilge ======= Pobal dátheangach den chuid is mó atá sa gceantar, tuiscint ar an nGaeilge ag a bhformhór, Gaeilge líofa ag an tríú cuid, déarfainn, agus roinnt mhaith a rugadh i Sasana agus in áiteacha eile gan mórán Gaeilge.
á thairiscint go dátheangach being offered bilingually
" Is chuige seo atá ár bpacáiste ríomhthráchtála á thairiscint go dátheangach.
dátheangach bi-lingual
" Mé féin a rinne an póstear a dhearadh don ócáid agus luaigh mé air go mbeadh an léamh dátheangach, rud a raibh mé ag súil leis.
dátheangacha bilingual
" Agus cé go soláthraímid earraí dátheangacha, caithfear a admháil gur minic a caithtear a leithéidí isteach sa bhosca "Gaeilge amháin" mar sin féin.
dhátheangach bilingual
" Cá bhfuil cónaí ort agus cén obair a dhéanann tú? Cé as tú ó dhúchas? Tá cónaí orm i dTurku - nó Åbo as Sualainnis, is cathair dhátheangach í - in iardheisceart na Fionlainne.
dátheangach bilingual
" Bhí fíon Rioja á ól againn ar feadh na coicíse - níorbh fhios dom go raibh cuid de cheantar Rioja i dTír na mBascach! Rud eile a chuirfeadh náire ar údaráis na tíre seo ná go bhfuil an chomharthaíocht oifigiúil ar fad dátheangach.
dátheangach bilingual
" Ansin "The May Morning Dew" as Béarla, "Siúil a Rún", atá dátheangach ar ndóigh - sin iad na hamhráin thraidisiúnta.
dátheangach bilingual
" Antaine: Tá traidisiún dátheangach sa gceantar maidir leis na hamhráin, nach bhfuil? Éilís: Tá, ach is dócha gur tháinig sin ón taobh eile den teorainn, ó Chiarraí, ó Chill Gharbháin, mar bhí traidisiún ana-láidir cumadóireachta acu ansan.
dátheangach bilingual
" "The Political Song in Modern Irish History" atá mar theideal air, ach beidh sé dátheangach.
dátheangach bilingual
" Bhí tráth, nach fada ó shin é, a raibh daoine sa pharóiste nach raibh aon Bhéarla acu ach anois tá formhór na n-áitreabhach sa pharóiste dátheangach agus nuair a thagann an chrú dtín dtairne is é an Béarla is fearr leis an ndream óg a labhairt.
gcomharthaíocht dhátheangach bilingual signage
" Tá obair tosaithe ar pholasaí a bhaineann leis an gcomharthaíocht dhátheangach san Ollscoil.
comharthaíocht dhátheangach sráide agus tráchta bilingual street and traffic signage
" Tá scéim dhátheangachais, Doire le Dúchas agus í lonnaithe sa Ghaeláras, ag gaelú chathair Dhoire le comharthaíocht dhátheangach sráide agus tráchta; tá 105 comhartha le feiceáil ar ár sráideanna dá bharr.
caife dátheangach bilingual cafe
" Tá bácús agus caife dátheangach oscailte le dhá bhliain anuas a thugann deis d'fhoglaimeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa teanga bualadh isteach agus atmaisféar lán-Ghaeilge a bhlaiseadh.
dátheangach bilingual
" Baineann *Sruth Teangacha*, leabhar dátheangach go príomha, le Trioblóidí an Tuaiscirt agus an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm ar Ghearóid agus é ina chónaí in iarthar Bhéal Feirste.
dátheangach bilingual
" Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.
pobal dátheangach bilingual community
dhátheangach bilingual
" An Éire ba mhaith leat a bheith ann do pháistí do gharpháistí? Éire dhátheangach agus Éire a bheadh ar thús cadhnaíochta san Eoraip.
i ndaoine dátheangacha in bilingual people
" Ceaptar go míníonn an taighde seo freisin cén fáth go dtagann a gcumas i dteanga amháin ar ais roimh cheann eile i ndaoine dátheangacha a mbuaileann stróc iad.
comharthaí dátheangacha bilingual signs
" Ag an aerfort agus ar na bóithre, thug mé faoi deara comharthaí dátheangacha, ach níor chuala mé ach Béarla á labhairt ag daoine mórthimpeall orm.
dátheangach bilingual
" AÓF: Cén praghas atá ar an bpacáiste seo? AÓC: €25, agus leabhar cuimsitheach dátheangach saor in aisce leis, agus beathaisnéisí na gceoltóirí.
Comhartha dátheangach bilingual sign
" Comhartha dátheangach a bheith ar gach sráid sa cheantar.
dátheangach bilingual
" " Beidh an tsraith suite i mBaile Átha Cliath, agus "ag dul níos faide leis an dátheangachas.
go dátheangach bilingually
" Chualamar léachtaí thar a bheith suimiúil faoi ábhair éagsúla, mar shampla, tuismitheoirí ag tógáil clainne go dátheangach, acmhainní Gàidhlig d'fhoghlaimeoirí, tionscadal foclóra Gaeilge-Breatnais, srl.
go dátheangach bilingually
" Tógadh an bheirt deartháireacha agus an ceathrar cailíní sa chlann go dátheangach.
clár dátheangach a chur i láthair to present a bilingual programme
" AÓF: Cad as a dtáinig an smaoineamh an chéad lá riamh? JMcB: Nuair a tháinig Raidio Phobal Inis Eoghain ar an aer ceithre bliana ó shin iarradh orm féin clár dátheangach a chur i láthair.
cláracha fiúntacha dátheangacha worthwhile bilingual programmes
" Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.
dhátheangach bilingual
" D'oscail Pádraig Mac Piarais an chéad scoil dhátheangach in Éirinn, Scoil Éanna, sa teach i 1908.
dátheangach bilingual
" B'fhéidir gur buntáiste é, ó thaobh sealbhú teanga de, má thógtar duine go dátheangach.
gluaisteán dátheangach bilingual car
" Is féidir gluaisteán dátheangach a cheannach sa gharáiste sin! AÓF: Céard go díreach a bhí le déanamh agat chun é a bhuachaint? BNicG: Ní leagtar amach aon rud riachtanach, ach bítear ag súil go mbeadh na rósanna ar fad bainteach ar a mbealaí féin leis an teanga agus leis an gcultúr.
dhátheangach bilingual
" ”* John McCrae Is tír dhátheangach í an Bheilg, ach is í an Phléimeannais príomhtheanga cheantar Flanders.
comharthaí bóthair dátheangacha bilingual road signs
" Ach bhain mé sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne mé iarracht iad a thuiscint, fiú má bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna.
bileoga dátheangacha bilingual leaflets
" Bhí bileoga dátheangacha ar fáil freisin a bhain le tithe stairiúla agus mar sin de.
dátheangach bilingual
" Mar dhuine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath, cuirim i gcónaí spéis sna polasaithe dátheangacha i gcathracha éagsúla na hEorpa.
dátheangach bilingual
" Cé go bhfuil sé ag cur síos ar an nGaeilge agus ar an bhféiniúlacht anseo in Éirinn, an dátheangachas agus na téamaí sin ar fad, chomh maith leis sin tá sé ag cur síos ar dhaoine óga ag fás aníos.
ar bhonn dátheangach on a bilingual basis
" Ní haon áibhéil a rá gur ar bhonn dátheangach atáthar ag feidhmiú anois.
dátheangach bilingual
" Mar dhuine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath, cuirim i gcónaí spéis sna polasaithe dátheangacha i gcathracha éagsúla na hEorpa.
go dátheangach bilingually
" Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin.
ceantar dátheangach bilingual area
" Is ceantar dátheangach é seo, ina labhraítear Iodáilis agus Gearmáinis, agus aistríonn daoine ó theanga go teanga an t-am uilig.
i dtionscadail dhátheangacha in bilingual projects
" I measc na dtionscadal eile atá idir lámha ag Gaillimh le Gaeilge, tá an scéim ‘Cairde’ agus bíonn muid páirteach i dtionscadail dhátheangacha a ndéantar forbairt orthu i gcomhar le grúpaí eile i nGaillimh.
cumas dátheangach bilingual ability
" Faoi láthair, tá cumas dátheangach ag ocht roinn rialtais, na póilíní san áireamh.
dátheangach bilingual
" Faoi láthair, tá cumas dátheangach ag ocht roinn rialtais, na póilíní san áireamh.
oideachas dátheangach bilingual education
" Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é, ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
cuma dhátheangach a chur ar an tír. to make the country look bilingual
" Agus go gcaitear an oiread sin airgid ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu cuma dhátheangach a chur ar an tír.
tír dhátheangach bilingual country
" Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.
nótaí dátheangacha bilingual notes
"nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
leagan dátheangach bilingual version
" Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
Chleachtas Dátheangach. Bilingual Practice
" Faoi láthair, tá Fiontar ag tairiscint dhá iarchéim pháirtaimseartha: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus MA sa Chleachtas Dátheangach.
ar chlár dátheangach an imeachta on the event's bilingual programme
" Bhíothas "Ag ceiliúradh Learphoill – Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2008," mar a scríobhadh ar chlár dátheangach an imeachta, a bhí ar siúl i St George’s Hall i lár na cathrach.
go dátheangach bilingually
" "Beidh an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhéile seo agus is go dátheangach a dhéanfar í a sheoladh.
dátheangach bilingual
" Léirigh rathúlacht an Luas – agus an cárta snasta dátheangach a ghabhann leis – gur féidir cúrsaí iompair a fheabhsú.
go dátheangach bilingually
" Mar shampla, ba go dátheangach a rinneadh an seoladh.
dátheangach bilingual
" Is léir mar sin, go raibh cuid mhaith de na hÉireannaigh dátheangach agus cuid eile gan Béarla ar bith acu.
dátheangach bilingual
" Ach tugann an tOllamh Frank Neal in Ollscoil Salford samplaí de Éireannaigh gan Bhéarla ar bith acu agus Éireannaigh eile a bhí dátheangach (*Black '47, Britain and the Famine Irish*).
dátheangach bilingual
" ” Nó le casadh úr a chur ar an sean-nath: “*Language rights are rights forever, not just for Christmas*!” Ní hionann sin is a rá nár cheart a bheith stuama faoin chostas a bhaineann le seirbhísí dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht.
dátheangacha bilingual
" Bhí sé in éadan comharthaí dátheangacha a bheith crochta in airde i Reilig na Cathrach i mBéal Feirste.
dátheangach bilingually
" Tógadh go dátheangach (Béarla agus Fraincis) an Gael-Mheiriceánach óg seo i San Francisco agus deirtear go forleathan gurb é an "Kennedy Nua" é.
dátheangach bilingual
" Futa Fata Tá difear miontláith idir an pobal atá á chothú ag Futa Fata ar Facebook agus an dream a bhíonn istigh ar Gharraí Johnny Mhorgan: tá an leathanach ar Facebook dátheangach, a bheag nó a mhór, a fhad is atá an blag beagnach i nGaeilge amháin le míreanna níos faide rud a thugann le fios go dtuigeann Futa Fata an t-am atá ag lucht úsáide an dhá mheán.
dhátheangach bilingual
" Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
dátheangach bilingual
" Daniel Bourgeois ar theangacha mionlaithe ó Nua-Bhrunsuic, cúige dátheangach i gCeanada.
dátheangach bilingual
" Sa Bhrasaíl féin, tá an mheánaicme ag éirí dátheangach cheana féin, mar tá ar intinn acu, cainteoirí Phortaingéilise, a bheith níos cóngaraí dá gcomharsana, Spáinniseoirí.
dátheangacha bilingual
" Cé nach bhfuil an teanga ar fáil i ngach scoil, tá an-chuid spéise inti anois, agus tá neart páistí ag freastal ar scoileanna Diwan nó scoileanna dátheangacha.
dátheangach bilingual
" , Aire Oideachais agus Scileanna, agus Caitríona Ruane, MLA, Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, a bhí dátheangach.
dátheangach bilingual
" Ba é an patrún a bhí ann ag an am ná, má bhí pobal aonteangach i nglúin amháin agus sa gcéad ghlúin eile, dátheangach, go raibh siad aonteangach Béarla sa tríú glúin.
sochaí dhátheangach bilingual society
" Tá an rialtas nua ceannaithe isteach sa Straitéis 20 Bliain mar a bhí an rialtas roimhe agus tá siad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh sochaí dhátheangach a fhorbairt.
go dátheangach bilingually
" Bhí mo bhean chéile agus mé féin ina measc agus labhair mise go dátheangach faoin áit is ansa liom in Éirinn - Gleann Cholm Cille, dar ndóigh! Táthar ag súil go dtaifeadfar scéalta go leor eile le linn an taispeántais.
comharthaí dátheangacha bilingual signs
" Mar fhianaise ar sin, feictear comharthaí dátheangacha sna comharsanachta faoi leith.
dhátheangach bilingual
dhátheangach bilingual
" Beidh an ghluais dhátheangach ag deireadh an leabhair ina cuidiú maidir le húsáid nó le leaganacha neamhchaighdeánacha focal.
comharthaí bóthair dátheangacha bilingual road-signs
" Ach mhaígh an Coimisinéir go mbainfeadh a leithéid de chleachtas an bonn ar fad d’aitheantas oifigiúil a bheith ag seoltaí i nGaeilge, agus d’úsáid logainmneacha, comharthaíochta nó comharthaí bóthair dátheangacha.
go dátheangach bilingually
" Mar chuid speisialta den chomhdháil, d'eagraigh Club Leabhar Nua-Eabhrac seisiún speisialta inár cíoradh an leabhar Bás in Éirinn (cnuasach gearrscéalta curtha in eagar ag an scríbhneoir Feirsteach Glenn Paterson) go dátheangach, le dream Gaeilge ag plé bunleagan na ngearrscéalta as Gaeilge agus le dream eile, atá ar beagán Gaeilge go fóill, ag cíoradh aistriúchán na ngearrscéalta céanna as Béarla.
dátheangach bilingual
" Is dóigh liom gurb é seo an chéad leabhar dátheangach, Gaeilge-Bulgáiris, a cuireadh ar fáil sa tír seo.
go leor fógraí dátheangacha plenty of bilingual signs
" Feictear go leor fógraí dátheangacha agus tá eagraíochtaí éagsúla le feiceáil fán áit atá ansin chun an Ghàidhlig a chur chun cinn.
ar chomharthaí dátheangacha on bilingual signs
" Go mbeidh cothrom na Féinne faighte againn don Ghaeilge ar chomharthaí dátheangacha.
mbeadh foirmeacha dátheangacha ar fáil bilingual forms would be available
" *’ Bhí an tAire Talamhaíochta, Austin Deasy, agus an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaí, Barry Desmond, go mór i gcoinne an moladh a bhí sa phlean go mbeadh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal.
Cur chuige ar bhonn dátheangach a bilingual approach
" Cur chuige ar bhonn dátheangach is fearr mar go bhféadfaí olc a chur ar an lucht tacaíochta dá mbeifí ag stocaireacht as Béarla amháin.
n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha a panel of bilingual speakers would be recruited
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d'oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
ceantar dhátheangach a bilingual district
" Ceantar aonteangach a bhí ann i 1974, tá sé chomh maith dhuit a rá, ach is ceantar dhátheangach anois atá i gCois Fharraige agus an Ghaeilge faoi bhrú millteanach le dhá scór bliain anuas.
dátheangacha bilingual
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí meitheal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d’oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
Comharthaí ‘dátheangacha’ bilingual signs
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.