le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealachfor fear that they would do something wrong
Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag.
nach ndearna a dhath as bealachwho did nothing wrong
Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ordthat they would be thrown out of the Order
D’admhaigh Ard-Mháistir an Oird i Sasana, Ron Bather, atá ina chónaí i Learpholl, ar ndóigh, go raibh aithne phearsanta aige ar Roy Barwise agus John Irwin agus nach raibh sé cinnte go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord.
atá déanta as rís ghinchóirithewhich is made from genetically modified rice
Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír.
nach raibh dada as bealach déanta aige.that he had done nothing wrong.
Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
rinne siad iad a stolladh as a chéile.they ripped them apart
D'oscail siad doras an bhus, ghoid siad róbaí an tsagairt a bhí in éineacht leis na buachaillí, an tAthair Terry Murray, agus rinne siad iad a stolladh as a chéile.
rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stairan effort was made to airbrush them from history
Mhair an dearcadh diúltach seo i dtaca lena stair i measc na n-Astrálach le linn an chéad leath den fhichiú haois agus rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair.
roth stiúrtha déanta as leathaira leather steering wheel
Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
dhéanann bean gaisce as an ngnátha woman performs an exceptional feat
Rith sé liom i ndiaidh an imeachta úid, agus ní don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.
Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air.