Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos déine more severe
" Éagórach ======= An rud a chuir olc ar go leor do lucht tacaíochta an stáisiúin ná go raibh an chuma ar an scéal go raibh na ciorruithe a bhí á ndéanamh ar RnaG níos déine ná mar a bhí ar a deirfiúracha in RTÉ, Radio 1 agus 2FM.
tá rialacha níos déine the rules are stricter
" Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.
níos déine arís even more intensive work
" Déanann na mic léinn iarchéime obair níos déine arís, le linn na gcúpla seachtain a chaitheann siad sa chathair gach samhradh.
i bhfad ní ba dhéine a lot stricter
" Bhíothas den bharúil le fada, a deir sé, go mbeadh cosc a bhain leis an stát ar fad i bhfad ní ba dhéine ná an ceann a mhol Bloomberg.
níos déine harder, more intense
" Traenáil níos déine ======= Dar ndóigh tá an traenáil a dhéanann siad mar imreoirí gairmiúla i bhfad níos sofaisticiúla agus níos déine (ag plé le meáchain etc.
i bhfad níos déine much more difficult
" Agus ag an am céanna bhí mise tar éis a bheith ag obair i siopa cúpla mí roimhe sin, agus dúirt mé liom féin go raibh sé i bhfad níos déine a bheith ag freastal i siopa ná a bheith ag múineadh ranga.
níos déine more severe
" Faoi láthair in Éirinn, tá na dlíthe níos déine ar dhaoine a chaitheann tobac i dteach tábhairne nó i mbialann ná mar atá siad orthu siúd atá ag díol na ndrugaí.
níos déine harder
" Is minic iadsan ag obair níos déine ina dhiaidh le rudaí a chur ina gceart, dar leo féin.
níos déine harder
" I sochaithe ina bhfuil meas mór ar an obair agus ar stádas geilleagrach, “tá daoine ag obair uaireanta níos faide agus ag obair níos déine,” a deir Barbara Taylor ó Matchfinder.
níos déine harder
" “Tá sibhse anois dífhostaithe agus díomhaoin, ach caithfidh sibh oibriú níos déine ná mar a rinne sibh riamh roimhe chun airgead a chruinniú do Shinn Féin.
ní ba dhéine fós harder still
" Bhíothas ní ba dhéine fós ar an chlár ar an suíomh gréasáin Tviscrying.
aon dath níos déine any harder
" Níl mé ag rá go raibh muid ag obair aon dath níos déine ná mar a bhí oifigigh an choiste láir ach idir a saothar siúd agus saothar na ndaoine anseo ar an talamh tá cuid mhór oibre curtha isteach ann ceart go leor.
saol ní ba dhéine a harder life
" ” Ba é Risteard ab óige de chúigear páistí agus deir sé go raibh saol ní ba dhéine ag an bheirt ba shine sa teaghlach ná mar a bhí ag an chuid eile acu.
níos déine harder
" Chun cleachtadh coirp níos déine a fháil, is gá dul go Dunedin ar an gcósta thoir, turas 300 ciliméadar.
ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla on stricter standards as regards fuel consumption
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, but as a result of the severity of the penalty
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
déine intensity
" Bhí dán beag deas aige a ndéanadh sé é a aithris gan stad: Tá Tulach Mhór i lár na tíre Tulach álainn trína chéile; Lucht dhá chois ag siúl na slí Gan vóta acu ná déine Gan Béarla acu ná Gaeilge.
déine intensity
" Táim ag smaoineamh go háirithe ar thosca ar nós dromchla páirce, séasúr imeartha, líon agus minicíocht na gcluichí, déine agus minicíocht na traenála, cur i bhfeidhm rialacha a bhaineann le himirt chontúirteach, tionchar agus dearcadh bainisteoirí i leith a gcuid uaillmhianta pearsanta féin, an brú a chuirtear go hindíreach ar imreoirí de dheasca ról craosach lucht fógraíochta, urraíochta, teilifíse agus maoinithe.
i bhfianaise na ndlithe déine in light of the strict laws
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
déine austerity
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
bhfuil siadsan níos déine ar they’re harder on
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
beartais déine austerity policies
" D’fhéadfaí a rá gur mar sin atá an Stát ag caitheamh le gach uile dhuine sa tír faoi láthair agus beartais déine á gcur i bhfeidhm gan taise ag an rialtas.
dúnghaois déine austerity policy
" Seanchairde ====== **SMM: Meas tú ón aithne atá agat ar bhallraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, an bhfuil ina measc duine thall is abhus a bhrisfeas amach in aghaidh an dúnghaois déine seo i mbliana?** TÓC: Sílim go bhfeicfimid cuid mhaith.
a áirítear ar an ceann is déine which is reckoned to be the hardest
" Níl a fhios agam cén taom buile a thug orm clárú do 'Dúshlán Bliantúil na Mám Toirc', siúlóid a áirítear ar an ceann is déine in Éirinn.
in aimsir seo na déine in this era of austerity
" Maíonn an Coimisiún Eorpach go gcosnóidh an Córas seo €244 milliún idir 2014 is 2020, suim airgid nach beag in aimsir seo na déine.
cuma na déine an austere appearance
" Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.
Ag Maolú na Déine easing the austerity
" Ag Maolú na Déine ======== Is cinnte gur éirigh leis an Lucht Oibre roinnt beartas de chuid Fine Gael a mhaolú.
cáinaisnéis déine an austere budget
" Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile.
níos déine ar more severe on
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
rachaidh sé níos déine orthu it'll prove more difficult for them
" Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe sna toghcháin mheántéarma ar an 7 Samhain ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, rachaidh sé níos déine orthu an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh sa Seanad.
faoin déine about the austerity
" Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.
déine ar son na déine austerity for its own sake
" Is cosúil nach maith le muintir na hAstráile déine ar son na déine.