Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhídeanaithe asylum seekers
" Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre.
dídeanaithe asylum-seekers
" Le linn míonna breátha an tsamhraidh tháinig na dídeanaithe ina mílte go dtí mo bhaile agus thosaigh mise agus grúpa ón Eilvéis ag obair leo.
dídeanaí Palaistíneach Palestinian asylum-seeker
" Duine de na ceannairí, ba Chaitliceach í a bhí pósta le dídeanaí Palaistíneach; ansin bhí glantóir ann a bhí pósta le hoifigeach príosúin.
dhídeanaithe refugees
" Le scéal fada a dhéanamh gairid, i ndiaidh tamaill chríochnaigh teaghlach mo chara mar dhídeanaithe i Sasana, agus achan rud caillte acu.
dídeanaithe Rómánacha Rumanian refugees
" Thosaigh Alexandra Nechita, páiste dídeanaithe Rómánacha, ag péinteáil ag an aois chéanna le Marla.
ag lorg stádais mar dhídeanaí, looking for status as a refugee
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. whether they will be awarded refugee status
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile refugees can make an application on behalf of their spouse
" Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile agus ar son leanaí atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois.
páirtithe dídeanaithe partners of refugees
" Sa chaoi seo, beidh páirtithe dídeanaithe in inmhe teacht go hÉirinn le cur fúthu anseo.
Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, Chairperson of the Refugee Council of Ireland
" Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.
ionad lóistín na ndídeanaithe the refugees' lodging spot
" Níor chuir dúnadh ionad lóistín na ndídeanaithe i Sangatte i mí na Nollag 2002, ionad a bhunaigh Cumann na Croise Deirge, deireadh leis an bplódú daoine isteach i gceantar Calais as an Iaráic, an Chordastáin, an Afganastáin, an tSomáil agus as tíortha eile nach iad.
dídeanaithe refugees
" *’ Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Dídeanaithe refugees
" Tá breis is 200,000 ag cur fúthu sa Bhanglaidéis, ach níl ach tuairim is 30,000 den dream sin aitheanta mar theifigh is foscadh acu i gcampaí de chuid Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR).
Dídeanaithe refugees
" Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.
dhídeanaithe refugees
" Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
a gcuid dídeanaithe a chartadh to shovel their refugees
" Nuair a thiteann seanrí de leataobh i dtír thar lear, bíodh sé trí uisce faoi thalamh nó trí éirí amach ina choinne, is chuig tír ‘neodrach’ ar nós Éireann is breá leis na cumhachtaí a gcuid dídeanaithe a chartadh.
fiú amháin dídeanaithe even refugees
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
ar bronnadh stádas dídeanaí orthu who were given refugee status
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
dídeanaithe áirithe certain refugees
" ie, ní raibh dídeanaithe áirithe in ann fianaise a thabhairt don choiste cróinéara mar ní raibh Béarla ar bith acu, agus de réir taighde a rinne an eaglaiseach Protastúnach Abraham Hume, bhí na mílte Gaeilgeoirí ina gcónaí i dtuaisceart na cathrach, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh.
stádas an dídeanaí refugee status
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.