Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht cuartaithe na dídine asylum seekers
" 'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
gan dídean homeless
" Is é FI an eagraíocht is mó sa tír atá ag plé le daoine gan dídean: tá 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach.
gan dídean homeless
" Bíonn deacrachtaí aici ansin maidir le tithíocht agus airgead, agus fágtar ar na sráideanna í sa deireadh, gan dídean.
dídine refuge, asylum
" Bhí sé ina raic le gairid faoin long a raibh na céadta ar bord uirthi a bhí ag lorg dídine san Astráil.
dhídean núicléach nuclear cover/protection
" Go dtí seo bhíodar ag druidim sa treo eile, ag trácht go haontaobhach ar dhídean núicléach a thógáil timpeall orainn féin.
dídean shelter
" dídeanaithe ag teitheadh ón ár.
dídine asylum
" Ach i mí Lúnasa tharla eachtra an Tampa, nuair a dhiúltaigh an rialtas cead a theacht i dtír do 460 duine a bhí ag lorg dídine san Astráil.
ag lorg dídine seeking refuge
" Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
gan dídean homeless
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
dídean shelter
" Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d'oibrithe na cathrach.
dhaoine gan dídean the homeless
" Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men.
gan dídean homeless
" Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
an líon daoine gan dídean the number of homeless people
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
an ceart chun dídine the right to housing
" I measc na mórcheisteanna atá á bplé ag an choiste seo, tá an cheist ar chóir an ceart chun dídine ag duine a chur isteach sa Bhunreacht nó an leor reachtaíocht nua le dul i ngleic leis an fhadhb.
dídean refuge
" Is é an toradh a bhí air sin ná nach féidir le dream ar bith dídean a lorg de réir dhlí na tíre má thagann siad i dtír ar cheann de na hoileáin sin.
ag lorg dídine looking for asylum
" Dúirt an Rialtas i dtosach nach raibh na Curdaigh ag lorg dídine san Astráil ach ba bhréag é sin.
dídean shelter
" Theastaigh postanna agus dídean uathu, agus theastaigh uathu go gcothófaí iad.
dhaoine gan dídean the homeless
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
ag iarraidh dídine looking for refuge/shelter
" Nuair a theip ar na prátaí in Éirinn in 1845, thosaigh na teifigh ag teacht go Learpholl ar na báid ó Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha ag iarraidh dídine.
gan dídean homeless
" " Fiafraím de Bourke an bhfuair sí léargas ina taighde ar Brennan ar an gcaoi a dtarlaíonn sé go dtagann duine ag pointe ina saol go bhfuil siad gan dídean.
ag lorg dídine seeking asylum
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
dhaoine gan dídean the homeless
" "The Suaimhneas Project" an t-ainm atá ar thionscadal de chuid ICCM a thugann cuidiú do dhaoine gan dídean.
daoine gan dídean the homeless
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
dídean refuge
" Agus, ós ag caint ar an bhfear fada atáim, níor ceart dúinn dearmad a dhéanamh, ach an oiread, gur dhiúltaigh de Valera dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a dteitheadh ó scrios na Naitsithe, agus gur phlab sé an doras ina n-aghaidh.
gan dídean without a home
" MÁNAS: Ach smaointigh ar na daoine bochta gan dídean.
gan dídean homeless
" Ach tár éis 11 Meán Fómhair, d’fhéadfá a rá, go tobann, go raibh Wendy Bounds gan dídean.
gan dídean homeless
" Ní duine gan dídean a bhí san fhear sin ach duine a bhí ag baint úsáide as córas idirlín gan sreang” an fhoirgnimh – gan chead.
gan dídean homeless
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
gan dídean homeless
" An dtiocfadh? Páirtíocht: Thiocfadh liom cinnte, ach ní bheidh sí féin ná a teaghlach ná a cuid searbhóntaí uilig fágtha gan dídean.
ag lorg dídine looking for refuge
" Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
do dhaoine gan dídean for homeless people
" Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh).
ag lorg dídine. looking for shelter.
" Trasna an bhóthair, faoi bháisteach bhog, bhí Ardeaglais Naomh Eoin le feiceáil, agus cúpla bloc níos faide uainn síos an tsráid teach "leath bealaigh" dóibh siúd a bhí díreach tagtha amach ón phríosún agus ag lorg dídine.
dídean shelter
" Ar an drochuair, ní raibh *bivvy bags* ag an bheirt mhac léinn ó Ollscoil Obar Dheathain a fuair bás le chéile roimh an Nollaig agus mar sin ní raibh aon dídean acu nuair a thosaigh stoirm sneachta.
dídean shelter
" Ní raibh siad ábalta dídean a fháil agus chonaic Rupert Wilson a mhac agus a chara ag fáil bháis sa ghaoth agus sneachta roimhe.
dídean shelter
" Bhí ochtó acu ann nach raibh ábalta dídean eile a fháil, mar sin chuaigh siad ar tearmann i reilig Croick, áit ar thóg siad puball seifte.
gan dídean homeless
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
a bhí gan dídean - who were homeless -
" “Ina dhiaidh sin, bhuail mé le hÉireannaigh - Gaeilgeoirí i Londain a bhí gan dídean - agus shíl mé gur feiniméan folaithe a bhí ann, go raibh glúin daoine nach labhraíonn muid orthu caillte againn.
a thug dídean do Ghiúdaigh who gave refuge to Jews
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
a thug dídean do Ghiúdaigh the importance of the environment
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
daoine gan dídean homeless people
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
dídean refuge
" Ba é polasaí an rualoiscthe beartas na Coróine in 1868, nuair a thug siad dídean do cheannaire *Te Kooti*.
dídean refuge
" Nuair a rinne na dílseoirí ionsaí ar an áit sin i mí Lúnasa 1969 agus nuair a chuir siad cuid mhaith de na tithe trí thine, b’éigean don teaghlach bogadh go Baile Andarsan le dídean a fháil.
daoine gan dídean homeless people
" Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.
ag tabhairt dídine giving refuge
" Tá sí féin agus a teaghlach i mbun na hoibre seo le tamall fada, ag tabhairt dídine dóibh siúd atá ag siúl an Camino.
gan dídean with no shelter
" Thug sé ordú do gach aire dá pháirtí cuairt a thabhairt ar thearmainn do dhaoine gan dídean sular tháinig siad go dtí an príomhchathair, Canberra, le bheith páirteach sa rialtas nua.
gan dídean homeless
" Díothaíodh corradh is 1800 teach, fágadh timpeall ar 7000 duine gan dídean agus dódh 455,000 heicteár talún.
fear gan foscadh gan dídean a homeless man
" Chonaiceamar fear gan foscadh gan dídean ar thaobh an bhóthair a bhí ar an ordóg is stop m’athair an carr.
Lucht Dídine people seeking asylum
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
gan dídean homeless
" Meastar go bhfuil idir 600 agus 800 duine sans papiers gan dídean i mórcheantar Calais, an calafort is gaire don Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil pobail eile dídeanaithe i mbailte Cherbourg agus Zeebrugge na Beilge chomh maith.
dídean a lorg seek refuge
" Ar cheart an chathair a fhágáil agus dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras? An Maréchal Pétain Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
gan dídean homeless
" Deir sé liom gur chaith sé deich lá i Londain uair amháin, nuair a bhí sé seacht déag, gan pingin, gan dídean agus nár fhill sé ó shoin.
dídine shelter
" Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag.
dídean shelter
" Dhreap siad an aill ard agus chuaigh siad ó dheas go Gleann Cholm Cille, áit a bhfuair siad cuidiú agus dídean.
dídean refuge
" Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince, dídean dó agus is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol.
gan dídean without shelter, homeless
" Maraíodh tuairim is 1400 duine, gortaíodh na mílte eile, fágadh na céadta míle duine gan dídean agus díothaíodh bonneagar na tíre.
dídean shelter
" Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan dídean sa Phacastáin.
gan dídean homeless
" Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine gan dídean.
dídean agus tearmann refuge
" Bhí urchar aige do Nawal freisin, ach tugann an tseanmháthair dídean agus tearmann di.
dídean na hoíche a refuge for the night
" Fear óg, bríomhar agus cúram mór air: beirt eachtrannach a bhailiú agus iad a thabhairt slán chuig an áit a mbeadh dídean na hoíche acu.
gan dídean homeless
" "Muidne an 99%" an mana a bhí acu, ag tagairt don móramh sin de phobal Mheiriceá idir iad siúd gan dídean agus an dream atá bun os cionn sa morgáiste.
dídean shelter
" Agus d’iarr orm bualadh isteach an tseachtain dár gcionn san áit a mbíonn tae agus caifé á ndéanamh do dhaoine gan dídean.
bhrú dídine refuge hostel
" Ansin shocraigh muid lóistín le Cumann Naomh Uinseann de Pól sa bhrú dídine acu siúd, ach dúirt an Rialtas nach mbeadh an Eaglais Chaitliceach sásta leis sin nó go raibh siad siúd buartha go gcuirfeadh socrú mar sin isteach ar na Protastúnaigh.
dhídean in airde no cover above
" Iontach beag, gan de dhídean in airde os a chionn ach na barraí.
do dhídean your refuge
" Is é an Tiarna do gharda is do dhídean agus é ar do dheis.
dídine agus foscaidh refuge and shelter
" Nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éiníní beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, shroich sé caladh agus cuan i bpríomhchathair an Domhain Thoir.
lucht dídine nach iad other refugees
" Glacadh le lucht dídine nach iad fosta agus go deimhin, ba chóir glacadh leo.
bhun dídine agus foscaidh into hiding and refuge
" Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.
daoine gan dídean homeless people
" Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha.
dídean den scoth very good housing
" Mairimid níos faide, ithimid ár sáith, agus don chuid is mó, tá dídean den scoth againn.
dhaoine gan dídean homeless people
" “Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!” I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú.
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean talking about a night he spent with homeless people
" Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
maidir le hÉirinn mar thír dídine as to Ireland as a country for asylum
" Cá bhfios i ndáiríre an mbeidh Snowden, lena thrí ríomhaire glúine lán le rúin Mheiriceá, fós beo, agus maidir le hÉirinn mar thír dídine, fág marbh é.
an t-uisce gan dídean the water open to the elements
" Faoin am a raibh an stán ídithe, bhí an t-uisce gan dídean tagtha isteach i gcóras uisce an tí, ach ar a laghad ar bith, ní raibh leamhnacht radghníomhaíoch laethúil curtha trí mo cholainn sa mhullach air ar feadh achair éigin laethanta nó coicíse.
Gan Dídean without shelter
" An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries.
dhaoine gan dídean homeless people
" Ceapadh Pictiúir gan Chead =========== Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton, a bhaile dhúchais féin, i 2008.
faoin fáth a raibh sí gan dídean about why she was homeless
" B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus faoin fáth a raibh sí gan dídean.
fuair sé dídean anseo ó thuaidh he received refuge here in the north
" Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.
an dream gan dídean the homeless people
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
ag dul fá bhun dídine agus foscaidh going into shade and refuge
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
a fuair dídean who found refuge
" Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
na ndaoine gan dídean the homeless
" Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.
le daoine gan dídean with homeless people
" Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú.
lucht dídine asylum seekers
" Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis.
gan dídean homeless
" Tá sí ag caitheamh súil san alt seo ar an tuairim choiteann i measc an phobail faoin dream daoine gan dídean agus ar an méid atá feicthe aici de 'shaol na sráide’.
gan dídean homeless
" Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.