Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhíon gréine glass roof
" Ina áit sin, áfach, chaith muid an tráthnóna faoi dhíon gréine ag caife galánta cois locha, ag stánadh go díomúch ar an mbáisteach a bhí ag titim ina sruthanna móra troma mórthimpeall orainn.
díon roof
díon mór gloine big glass roof
" Bhí an ghrian an glioscarnach ar an díon mór gloine a shíneann anois ó Chionn Glinne go Málainn Mhóir, thar an chuan agus thar an bhaile agus thar an ghleann uilig.
díon roof
" Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin.
faoi dhíon indoors
" Leithéidí Regina Jacobs, curaí an domhain don 1500m faoi dhíon agus an dornálaí Shane Mosley atá luaite.
díon roof
" Cuireadh leis na deacrachtaí seo nuair a rinne stoirm dochar don díon agus bhí tréimhse ann ina raibh an tÁras dúnta ar fad.
díon úrnua a brand-new roof
" Nuair a bhí an t-ionad á thógáil (nó *á atógáil*, mar is iar-ospideál fiabhrais é), cuireadh díon úrnua air.
díon miotail metal roof
" Rith sí trasna an tseomra mhóir, agus leag sí píosa de shaothar eile, trucail sprae-phéinteáilte dar teideal *"Graffiti Truck", *le Matta-Clark chomh maith, go talamh agus rinneadh an díon miotail a lúbadh.
dhíon claonta inclined roof
" Ba bheag nár thug mé faoi deara na litreacha glasa scríofa ar fhuinneog taobh thiar de dhíon claonta na Cathrach Toirmiscthe: STARBUCKS COFFEE.
faoi dhíon indoors
" Ar an 20 Deireadh Fómhair vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon, bialanna, tithe tábhairne, siopaí agus oifigí san áireamh.
díon roof
" Tá colúin ollmhóra sa bhaistealann, ag dul suas chomh fada le háiléar, agus ansin go dtí an díon, agus tá sé dochreidte chomh hard is atá siad.
díonta maisithe adhmaid decorated wooden roofs
" Tá stallaí ársa snoite an chóir le feiceáil ann, agus díonta maisithe adhmaid.
faoi dhíon indoors
" Bhí tréimhse chomhairliúcháin ag an Roinn Sláinte go dtí 5 Meán Fómhair agus, le barúil mhuintir Learphoill a chur in iúl don Aire Sláinte, Patricia Hewitt MP, chuir níos mó ná 12,000 duine cárta poist ó Smoke Free Liverpool chuici ag iarraidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon.
leacáin dín roof tiles
" Thaispeáin sí leacáin dín dúinn, a bhíothas go díreach i ndiaidh a thógáil as an talamh.
leacáin dín roof tiles
" Thaispeáin sí leacáin dín dúinn, a bhíothas go díreach i ndiaidh a thógáil as an talamh.
áiseanna spóirt faoi dhíon indoor sports facilities
" I gcás breis is leath de na scoileanna, níl áiseanna spóirt faoi dhíon de saghas ar bith acu.
fágadh trian de na tithe gan díon a third of the houses were left without a roof
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
agóid ar an díon protest on the roof
" Ghlac sé páirt sa chíréib in Gartree i 1978 agus agóid ar an díon ansin agus i Wormwood Scrubs i 1980.
iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin to gather them all together under one roof
" Tá an-chuid taifeadtaí de cheol agus de shean-Ghaoluinn an Chláir anseo is ansiúd agus tá ar intinn againn iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin.
díon cuartha curved roof
" Tá an teach ina sheasamh ar chosa taca agus tá díon cuartha air.
an chaoi a ndearnadh an díon how the roof was made
" Thuas san áiléir, faoin díon gabháil éadain, is féidir an chaoi a ndearnadh an díon a fheiceáil.
i ndíonta i roofs
" Mar sin, bíonn léirithe de Rangi le feiceáil i ndíonta na *maraes*, bíonn léirithe de na páistí ar na rachtaí agus léirithe de Papa-tua-nuku ar na hurláir.
díon seantí a roof of an old house
" Bhí saol crua acu go dtí lá samhraidh sa bhliain 1932 nuair a d’aimsigh máthair an teaghlaigh díon seantí faoin talamh.
ba bheag nár ardaigh siad díon they nearly raised the roof
" Sheinn Ciaran Tourish, Dermot Byrne, Mike McGoldrick, John Doyle agus John Joe Kelly roinnt fonn, agus ar feadh cúpla bomaite le linn na bhfonn sin, ba bheag nár ardaigh siad díon an Royal Glasgow Concert Hall.
díon na hamharclainne the theatre roof
" ‘Tá sé ar do CHÚL!!!!’ agus díon na hamharclainne á ardú le scréachanna na n-óg agus iad ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Chochaillín Dearg nó do Robin Hood.
dhíon an chairr the car-roof
" Cuireadh suas in airde ar dhíon an chairr í len í a thabhairt abhaile.
díon roof
" Athruithe i mBonneagar an Údaráis? Is léir fosta go bhfuil glacadh i bprionsabal ag an phobal leis an mholadh gur cheart go mbeadh na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna.
díon roof
" Bhí sé iomráiteach mar gheall ar a fuaimníocht iontach, a chuir an díon cruinneachán gloine go mór leis, chomh maith leis na amharclínte foirfe.
dhíon roof
" Mo náire nár thug mé cuairt air fós, cé go bhfuaireamar deis dul amach ar dhíon an chaisleáin an tráth seo anuraidh le linn Les Journées du Patrimoine, deireadh seachtaine i Meán Fómhair nuair a dhéantar ceiliúradh ar oidhreacht an bhaile.
cur de dhíon is de dheora raining cats and dogs
" Cé go raibh sé ag cur de dhíon is de dheora, thug scaifte mór faoi mhala Yr Wyddfa.
díon roof
" Murab ionann agus diamhracht an leasa áfach, d'aithin mé boladh an chaca a luaithe is a shiúil muid isteach sa chéad bhothán cónaithe! Bhí an díon an-íseal agus bhí an t-áras uilig lán deataigh.
faoi dhíon an tí indoors
" I gceachtar cás, b'fhearr liom a bheith faoi dhíon an tí! An rud is suntasaí faoin aerphort agus tú ag tuirlingt ann ná go bhfuil na comharthaí go léir as Béarla agus Seapáinis.
dhíon roof
" Cuireann sé m’uncail lá Chluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i gcuimhne dom; an teirmeas, an cáca baile, an t-im agus an punt liamháis caite in airde ar dhíon an chairr aige, é ag baint suilt as a chuid, fear chéile a dheirfiúr taobh leis, náirithe, ag guí nach bhfeicfeadh sé duine ar bith dá lucht aitheantais.
díon rood
" Ionad spóirt atá ann agus ar lá brothaill, tarraingeofar siar an díon.
díonta armoured
" “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
díon a roof
" Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d'fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.
slinnte ón díon slates of the roof
" Cé go raibh an teach tábhairne os a comhair agus a lán foirgneamh eile scriosta, níor chaill teach an phobail ach slinnte ón díon.
díon ard a high roof
" Tithe adhmaid iad seo a bhfuil díon ard orthu ar déanamh coca féir.
díon i bpubaill roof of a tent
" com/2012/11/10/samsung-galaxy-beam-review/> Ach má tá fóin le huasteilgeoir uait, beidh tú sona sásta! Más mian leat scánnan a uasteilgean ar an díon i bpubaill, molfainn Powertrekk.
ag crochadh éadaí ar dhíon a botháin hanging clothes on the roof of her shack
" An bhfuil mórán difir idir dul ag breathnú ar bhochtáin sa favela agus dul ag breathnú ar mhoncaithe sa zú? An dtaitneoidh sé leis an tseanbhean úd atá ag crochadh éadaí ar dhíon a botháin, thall, go mbeidh scaifte gringos ag glacadh pictiúirí dí ar ball? Pléascann Enderson ag gáire.
díon a chur os cionn a gcloigne to put a roof over their heads
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
an díon go hard os mo chionn the roof high above my head
" Ballaí ag síneadh isteach i gcroí na huaimhe, an díon go hard os mo chionn.
faoi aon díon amháin under one roof
" Bhí turas céad fiche míle déanta agam ó Aberteifi san áit ar chuala mé na céadta Breatnaiseoirí faoi aon díon amháin faoi Nollaig.
lá daingnithe na ndíonta the roof fastening day
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
faoi aon díon amháin under one roof
" Agus sin an dearcadh atá ag Neil Mc Gregor, Stiurthóir Iarsmalann na Breataine, agus deir sé fosta go bhfuil sé chomh tábhachtach anois a bheith ábalta déantáín ársa a fheiceáil faoi aon díon amháin saor in aisce is a bhí 250 bliain ó shin.
faoi dhíon na lipéad under the theme of label(ls)
" Díreofar san alt gearr seo ar chúlra na gconspóidí thuas luaite faoi dhíon na lipéad.
muid coinnithe istigh faoi dhíon while we were kept indoors
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
díon roof
" Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.