Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní dócha go bhfuil á bhualadh le fáil. It probably can't be bettered.
" Dúirt sé le Siobhán: "Ní dócha go bhfuil á bhualadh le fáil.
is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Dá ndéarfá ag an am sin gur gearr go mbeadh muid ag dul go Meiriceá gach bliain le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh, is dócha ná a mhalairt go mbeadh daoine ag moladh go gcuirfí i dteach na ngealt thú.
Is dócha ná a mhalairt it is more than likely
" Is dócha ná a mhalairt go mbeadh siad 15 suíochán gann ó mhóramh iomlán.
an toradh is dóichí the most likely outcome
" Is é an toradh is dóichí sa toghchán, ámh, ná go mbeidh cothromas suíochán idir an dá pháirtí, nach mór.
ní dócha go bhfuil call leis it's probably not needed
" Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe.
Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha. The closeness of Pamplona is the reason for this boom, I suppose.
" Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha.
Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí I suppose that the most noticeable new things
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
Is dócha nár cuireadh iontas orm, I suppose I was surprised
" Is dócha nár cuireadh iontas orm, mar sin, nuair a d'fhiafraíos de chara de mo chuid le déanaí cad a tharla dár n-iarchomrádaí ollscoile in Illinois.
is dócha ná a mhalairt it is more likely than not
" I dtír ar bith eile is dócha ná a mhalairt nach mbronnfaí cead pleanála ar aon fhorbairt a dhéanfadh damáiste do theanga a bhí i mbaol a báis.
ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul. it doesn't look like they are getting better
" Tá *Lá* ag strácáil riamh anall le hansmacht na bhfigiúirí díolacháin agus ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul.
gur dócha ná a mhalairt that it is highly likely
" Deir an eagraíocht fosta gur dócha ná a mhalairt go bhfaighidh an té a dhíolann airgead den chineál sin an tuairisc atá de dhíobháil air! Titeann sé ina dhiaidh sin ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith na díolúine a chur i bhfeidhm.
Tá sé chomh dócha lena athrach it is as lightly true as not
" Tá sé chomh dócha lena athrach go bhfuil teachtaireacht láidir pholaitiúil i bplota an scéil seo.
is dócha probably
" is dócha gur bhuail an smaoineamh mé den chéad uair nuair a stop mé i stáisiún seirbhíse gar do Lyon agus mé ar mo bhealach ó dheas.
is dócha probably
" Ach is dócha go bhfuil tosaíochtaí eile acu sa saol seachas Rolex.
is dócha supposedly
" Caithfear a bheith ag súil le ‘damáiste comhthaobhach’ sa ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ is dócha.
gur dócha it's likely
" Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Gan deighilt ná idirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.
Ni dócha it's not likely
" Ni dócha go bhfeicfear i bPáirc an Chrócaigh ach oiread é, áit a mbronntar Corn Sam Maguire, “a republican gunman” de réir McCausland.
Is dócha I suppose
" Tionchar ar an bPobal Is dócha gur chuala tú faoi Twitter faoin am seo.
is dócha perhaps, I suppose
" Bhí taithí agam, is dócha, ar chathracha ar nós *Chicago*, Nua-Eabhrac, agus áiteanna mar san, ach nuair a théann tú ar thros ar nós *Route 66*, nó *Highway 61*, buaileann tú leis na fíor-Mheiriceánaigh agus bhíodar díreach, is dóigh liomsa, fé mar a bhíomarna thart ar fiche bliain ó shoin.
is dóichí it's most likely
" Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.
is dócha ná a mhalairt it’s more than likely
" In Éirinn, áfach, mura mbronntar díolúine air is dócha ná a mhalairt go gcaithfidh an gnáth-Éireannach suas le trí bliana déag ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.
is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Ach ainneoin seasamh ard an pháirtí sna pobalbhreitheanna, is dócha ná a mhalairt gur i gcomhrialtas a bheidh siad.
is dócha probably
" Sin é an fáth is dócha gur thiontaigh roinnt mhaith tíortha beaga ó chóras an dá sheomra go córas an tseomra aonair.
Is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo.
gur dóichí ná a mhalairt that it’s more inevitable than not
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
is dócha I suppose
" Cearcphictiúr é sin, is dócha, i mBaltimore, a raibh an-tóir air cúpla bliain ó shin.
Ní dóiche it’s unlikely
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
is dócha I suppose
" Cén fáth, mar sin, gur roghnaigh sé dul don pholaitíocht síos? Cá has a dtáinig an fonn seo a bheith ag freastal ar an phobal, a d’fhiafraigh mé de? “Bhuel, thosaigh sé leis an taithí a bhí agam, is dócha,” a mhínigh sé.
Is dócha probably
" Is dócha gur rud mór eile a chuireann sonas i gcroí an aosa óig inniu ná saol na hollscoile.
Is dóichí ná a mhalairt more likely than not
" Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil baint ag comhlachtaí in Éirinn leis an mharú thoir is ó dheas uainn.
Is é is dóichí ná a mhalairt it’s more than likely
" Is é is dóichí ná a mhalairt, nach raibh a fhios ag Qathafi féin, cé mar a sheasfadh an cheannasaíocht ina leith go dtí gur thit cathair Tripoli faoin bhuamáil uilig.
is dócha probably
" Is mór agam scannáin Scott agus is dócha gurbh é Bladerunner leis ceann de na scannáin is ansa liom riamh.
ní dócha gur chóir it may not be proper
" Is gné nirt é an greann, tá súil agam, agus ní dócha gur chóir peaca na cladhaireachta a líomhain i gcoinne an Éireannaigh sa chás seo.
Is dóiche I suppose
" **SMM: An mbeadh sé fíor a rá gur seirbhís do na fíréin é Raidió na Gaeltachta agus nach bhfuil TG4 dírithe ar an lucht éisteacht/féachana céanna; go bhfuil sibhse dírithe ar mhuintir na fíor-Ghaeilge agus go bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge?** ENíCh: Is dóiche go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 dírithe ar lucht féachana agus lucht éisteachta na Gaeilge sa tír, ach dar ndóighe, is féidir le daoine ar beagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilg a bheith ag breathnú ar ghléas teilifíse.
is dócha probably
" Neart Airgid le Bailiú ========== An ceann is cáiliúla is dócha ná www.
is dócha perhaps
" Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile? Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin.
is dócha ná a mhalairt it’s more likely than not
" Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad! Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
is dócha gurb amhlaidh an scéal matters are probably the same
" Námhaid sa Chúirt agus Punt as Póca ================= Tá cúis eile taobh thiar den chur i gcoinne i dTír Chonaill áfach, agus is dócha gurb amhlaidh an scéal i gcontaetha eile.
Is dócha I suppose
" Is dócha ceann de na rudaí atá go hard ar mo liosta féin ná duga don chistin.
Ach an oiread leis féin is dócha no more than himself I suppose
mar is dócha I suppose
" ** CAB: Bhí ionadh orm chun an fhírinne a rá mar is dócha gur rud cineál tirim é an phleanáil teanga.
cineál cosantach is dócha somewhat guarded I suppose
" Bhí sé cineál cosantach is dócha agus é ag caint.
is dócha I suppose
" An Coláiste Uisce ====== **SMM: Is údar dóchais daoibh is dócha, ionad spóirt Chuan Eilí, an Coláiste Uisce.
is dócha most likely
" Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
Is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Is dócha ná a mhalairt go ndéanfar dearmad ar na nathanna seo a luaithe a shiúlfaidh siad amach doras an tseomra scrúdaithe.
is dócha probably
" Dá mbeifí lena leathbhreacanna a aimsiú sa Ghaeilge, is dócha gur ‘neamhriail’ nó ‘saoirse’ a bhaistfí ar anarchy agus go nglacfaí le ‘hainriail’ ar chaos.
is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid, dar liom, ach is dócha ná a mhalairt go nglacfar le cionmhéid an-teoranta daltaí ar an bhealach seo feasta.
is dócha probably
" Éalú ón Síorstealladh Anuas ============ Ach is é an aeráid an t-údar is tábhachtaí do shiúlóirí as Éirinn agus as an Bhreatain, is dócha.
Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo although this government isn’t likely to fall
" Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo sula mbeidh a dtéarma istigh sa bhliain 2016, beidh na páirtithe uilig ag fáil réidh don chéad olltoghchán eile as seo amach.
Cé nach dócha although it’s unlikely
" Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh 'Rialtas Náisiúnta' idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn.
gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar they’d more than likely as not be
" An Cheannasaíocht Toilteanach ============== D'fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile.
abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha a sentence which puts some Irish to grinding their teeth
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
gur mó is dóichí go raibh sé seo it was more than likely
" Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada.
is dócha an tástáil atá le déanamh orthu probably the way to test them is
" Tugann an creideamh freagraí dar liom, freagraí nach féidir a chruthú leis an réasún ach is dócha an tástáil atá le déanamh orthu, saol an chreidimh a chaitheamh - to live the experience of faith.
Is dócha ná a mhalairt it’s more likely than not
" Is dócha ná a mhalairt, mar shampla, gur chuig cartlann an Irish Times nó chuig Cartlann Nuachtán na hÉireann a rachadh an té a bheadh ag iarraidh páipéar a scríobh faoi bhunú TG4.
Is dócha I suppose
" Is dócha gur chuala sibh, nó go bhfaca sibh, ar fad SsangYong ar na bóithre, ach an raibh a fhios agaibh nach raibh siad ar díol anseo in Éirinn ó 2008? Go deimhin tá siad ar ais anseo in Éirinn agus tá an chraobh Éireannach den chomhlacht anois faoi stiúir Harris Hino, atá lonnaithe cóngarach do bhóthar an Náis anseo i mBaile Átha Cliath.
Ach is dócha most probably
" Ach is dócha gurb í an chúis ba mhó go raibh Glaschú ar tí a loiscthe ná gurb ann a bhí an ráig ba nimhní den tseicteachas ins an Bhreatain.
gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta that he probably never saw a snow flake
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
is dócha I suppose
" Ar an gcaoi seo, is dócha go gcuirtear brú ar na daltaí a bheith ar an airdeall an t-am ar fad nuair a bhíos an rang ar siúl.
is dócha probably
" Tá an locht ormsa nach bhfuair mé an cineál sin míleáiste aisti, is dócha, toisc go raibh mé ag cur brú uirthi.
is dócha probably
" 'Gob fliuch is bás in Éirinn' a deirtear go minic nuair a bhíonn sláinte duine á ól agus is dócha go dtugann sé léargas éigin ar mhianta formhór na nÉireannach atá ar imirce.
is dócha I suppose
" Ar na dreamanna Éireannacha atá lonnaithe thar lear, diaspóra na hÉireann, is dócha gurb iad Gaeil na hAirgintíne an ceann is lú eolas air, cé go bhfuil an iliomad eolais i leabhar breá Mhichíl de Barra, ‘Na Gaeil i dTír na nGauchos’ (Coiscéim a d'fhoilsigh).
Is dócha ná a mhalairt more likely than not
" Is dócha ná a mhalairt mar sin, go mbeidh ar bhuaiteoir an chomórtais tosacht as an nua agus iriseoirí ar beagán taithí a fhostú agus a oiliúint.
is dócha I suppose
" Agus is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a admháil gur casadh m’fhear céile féin orm ag céilí a d’eagraigh an cumann gaelach san ollscoil i nGaillimh.
is dóiche probably
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.
Ní dócha hardly
" Ní dócha go bhfuil bláthanna fite aige ina chuid gruaige áfach.