Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an bhriogáid dóiteáin the fire brigade
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
na hiodrant dóiteáin water hydrants
" " An siamsa is fearr a bhíonn ag na páistí ná ag oscailt na hiodrant dóiteáin.
fear dóiteáin firefighter
" Cuireann Golway in iúl go soiléir gur grúpa iad cuid fear dóiteáin Nua-Eabhrac a bhí i gcónaí cróga, anamúil - agus neart Éireannach ina measc, gan amhras.
fir dhóiteáin firefighters
" Taispeánann na pictiúir, a thóg grianghrafadóirí proifisiúnta agus amaitéaracha, ina measc fir dhóiteáin, páistí agus póilíní, an léirscrios a bhí le feiceáil thart ar na sráideanna, chomh maith le daoine a tháinig slán ó na túir.
bhfear dóiteáin firefighters
" Ag tarraingt ar an lá féin, ní fhéadfá na hócáidí cuimhneacháin a sheachaint, ná cur síos caointeach theaghlaigh agus chairde na ndaoine a cailleadh san uafás, agus na bhfear dóiteáin a d'éalaigh ar éigean.
inneall dóiteáin fire engine
" Ach ní raibh ar fáil ach 12 inneall dóiteáin nuair a thosaigh na tinte.
fir dhóiteáin firefighters
" Is cinnte nár chuidigh sé leis an scéal go raibh oiread de na póilíní, de na fir dhóiteáin agus den lucht bailithe bruscair ina gcónaí i bhfad ó Manhattan ach go raibh orthu dul isteach ansin agus a bheith ag plé leis na hagóidithe.
an t-inneall dóiteáin the fire engine
" Chaithfí fanacht go dtiocfadh an t-inneall dóiteáin lena chorp a ghearradh amach as tranglam an chairr a chualathas na dochtúirí a rá eatarthu féin.
an t-iarfhear dóiteáin the former firefighter
" Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
iarrachtaí na bhfear dóiteáin the efforts of the fire fighters
" Thug an bheirt acu siúd le fios gur mheas siad gur cheart aitheantas a thabhairt do chuid iarrachtaí na bhfear dóiteáin, na bpóilíní agus na n-oibrithe eile tarrthála ar leacht ar bith a thógfaí ag Ground Zero i Manhattan i gcuimhne ar an 11 Meán Fómhair.
in ómós na bhfear dóiteáin in tribute to the firefighters
" Gan amhras, is in ómós na bhfear dóiteáin a maraíodh dhá bhliain ó shin, ar an 11 Meán Fómhair, 2001, a athraíodh na hainmneacha seo.
an bhriogáid dóiteáin the fire-brigade
" Dúirt sé liom go raibh a fhios ag an bhriogáid dóiteáin faoin scéal, agus lean sé ar aghaidh ag díol ticéad le paisinéirí - paisinéirí a bhí ar a mbealach chuig a mbás féin," a dúirt Angie liom.
bhonnáin na n-otharcharranna agus na n-inneall dóiteáin the sirens of the ambulances and fire engines
" "Agus mé i mo shuí sa chruinniú, bhí a fhios agam go raibh tubaiste mhillteanach ann ó bhonnáin na n-otharcharranna agus na n-inneall dóiteáin a chloisteáil, agus mhothaigh mé masmas," arsa Angie.
fhear dóiteáin firefighter
" B'fhear dóiteáin é a athair sa chathair ach, ag pointe amháin ina shaol, chuala Cudahy gairm eile agus chuaigh sé isteach i gcliarscoil, Cathedral Prep i mBrooklyn.
dóiteán scanrúil frightening conflagration
" McEneaney gur tháinig sé amach as an dóiteán scanrúil sin san Ionad Trádála Domhanda ar an 26 Feabhra, 1993 mar laoch.
ghrúpa fear dóiteáin a group of firefighters
" B’fhéidir gur chuala tú faoin raic a bhí ann mar gheall ar Rannóg Doiteáin Chathair Nua-Eabhrac (FDNY) ag paráid Lá Fhéile Pádraig? Ní ligfeadh an dream atá i gceannas ar an rannóg do ghrúpa fear dóiteáin as na Bronx a gcuid bairéad cáiliúil glas a chaitheamh agus iad ag siúl suas Fifth Avenue i Manhattan.
fhear dóiteáin firefighter
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York (FDNY) agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
hinnill dóiteáin fire-engines
" Theastaigh uaidh teacht i gcabhair ar na créatúir bhochta a bhí i mbaol báis sa túr, áfach, agus léim sé ar cheann de na hinnill dóiteáin a bhí ag dul ansin.
na fir dhóiteáin the firemen
" Tuairiscíodh go raibh gás ag sceitheadh ón phíblíne 37 mbomaite sular phléasc sí ach ní raibh na fir dhóiteáin ábalta a dhath a dhéanamh faoi.
an bhriogóid dóiteáin the fire brigade
" “Tá sí mar a bheadh an bhriogóid dóiteáin ann, ag caitheamh uisce fuar ar na ceisteanna polaitiúla sa dráma," a dúirt Ciarraíoch liom ag deireadh an léirithe.
fir dhóiteáin firefighters
" Chuaigh drong i ndiaidh droinge de shaighdiúirí, póilíní, agus fir dhóiteáin tharam ar comhchéim, aghaidheanna sollúnta crua dírithe chun cinn.
i ndóiteán in a fire
" Maraíodh oifigeach Ceanadach i ndóiteán ar cheann de na fomhuireáin chéanna amach ó chósta na hÉireann anuraidh.
an bhriogáid dóiteáin the fire brigade
" Ba léir go mbeadh an bhriogáid dóiteáin de dhíth – leis an leoraí a ardú ó cholpa na mná – chomh maith le hotharcharr.
Dóiteáin fire brigade
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
fir dhóiteáin firemen
" Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil.
bhriogáid dóiteáin fire brigage
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
fear dóiteáin firefighters
" Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo.
Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac Fire Department of New York
" Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.
fhear dóiteáin firefighter
" Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).