Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
daonnacht humanity
" Ní ar scáth a chéile a mhaireann daonnacht agus polaitíocht.
cneastacht agus daonnacht sincerity and humanity
" An rud is mó a théann i bhfeidhm ar dhaoine ná cneastacht agus daonnacht na scannán.
a ndaonnacht their humanity
" Maidir leis na réiteoirí féin, is é an tréith is mó a thagann chun cinn ina measc ná a ndaonnacht agus tá a ndílseacht don jab a thugtar dóibh le déanamh an-suntasach freisin.
daonnachta humanity
" Déarfainn, áfach, gur scéal na daonnachta a chuaigh i bhfeidhm orm agus a rinne mé iarracht a insint.
a dhaonnacht his humanity
" Cuireadh béim ar a dhaonnacht, a chraiceann stróicthe agus a chnámha briste.
ár ndaonnacht féin our own humanity
" Léiríonn sé dúinn ár ndaonnacht féin ar bhealach rúndiamhrach éigin.
daonnacht humanity
" Le cúig bliana is fiche anuas tá sé ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.
daonnachta humanity
" Bhí an Chúirt ar tí breithiúnas a thabhairt ar Milosevic, agus an chuma ar an scéal go bhfaighfí ciontach é i gcinedhíothú san Iar-Iúgslaiv, ciontach i gcoireanna cogaidh, ciontach chomh maith i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
gcoireanna in aghaidh na daonnachta crimes against humanity
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
daonnacht humanity, kindliness
" Mhothaigh mé go raibh daonnacht ina gcroí.
daonnacht humaneness
" “Bhí bua na líníochta agus greann ag Barbera agus thug Hannah daonnacht agus grinntuiscint ar chúrsaí gluaiseachta leis.
gona dhaonnacht ghealgháireach with his cheerful humanity
" Pádraig gona dhaonnacht ghealgháireach agus fírinne thragóideach.
lán daonnachta full of humanity
" Insíonn Kings scéal glúine atá caillte, i scannán atá lán daonnachta agus mothúchán.
dhaonnacht an eagarthóra humanity of the editor
" Bheadh ceist mhór agam faoi dhaonnacht an eagarthóra atá anois ann, áfach, nó is doiligh dallamullóg a chur ar Chaoimhe Ní Lion.
daonnacht humanity
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.
dhaonnacht na nÉireannach humanity of the Irish
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
daonnacht humanity
" Ar ndóigh tugann an stair le fios cén dochar gur féidir leis an duine a dhéanamh nuair a chuirtear, de chúis amháin nó de chúis eile, an daonnacht atá ann as a riocht.
daonnacht human input
" Pósadh idir an teicneolaíocht agus an daonnacht a theastaíonn.
daonnachta humanity
" As a gcreideamh láidir ‘daonnachta’ níos mó ná ‘Críostaíochta’, féadaim a rá, nach nglacann siad leis.
daonnacht human feeling
" Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht.
ár ndaonnacht féin our own humanity
" Mairimid ár ndaonnacht féin tríothu.
acmhainn daonnachta human resource
" Murar féidir le foghlaimeoirí saibhreas, iomláine, agus áilleacht theanga na Gaeltachta a thabhairt leo, an fiú an Ghaeltacht a chaomhnú ar chor ar bith? Nó an é go mbeadh Gaeilge na gcathracha ní ba bhoichte fós murach an Ghaeltacht a bheith ann? Nó an bhfeidhmíonn an Ghaeltacht ar leibhéal eile in intinn an fhoghlaimeora, go seasann sí mar bhunchloch faoi choincheap éigin a bhaineann le féidearthachtaí teanga? Is é sin, gur mó an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeltacht mar thaca i samhlaíocht an fhoghlaimeora ná a bhaineann leis an fhíor-Ghaeltacht mar acmhainn daonnachta nó mar thobar saíochta ann féin? An Bhuíon Bheag Chinniúnach Is dóigh liom féin gur beag seans anois atá ag an Ghaeilge mar theanga phobail.
daonnacht humanity
" Is minic a chuireann Ó Conaire ag smaoineamh tú faoin daonnacht, go mór mór an cur amú saoil agus an caillteanas de dheasca laigí an duine.
daonnacht humanity
" Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
dhaonnacht humanity
" Tá idir dhoircheacht agus dhaonnacht trína chéile sa bhean seo.
daonnacht humanity
" Is gné den daonnacht nach féidir méar a leagan air.
daonnachta of humanity
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
daonnacht humanity
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
fiú leis an ndaonnacht sin even with that humanity
" ’* D’fhéadfadh Tóibín scríobh agus labhairt fiú leis an ndaonnacht sin nuair a thugadh sé cead dó féin a chroí do nochtadh, rud a rinne sna leathanaigh sin ina dhírbheathaisnéis, Smile and Be a Villain, nuair a dhéanann cur síos ar ghrá a athar do rósanna Bhaile an Theampaill, nó a ghrá féin do Nua-Eabhrac, *‘(where) Die Lorelei still warbles her siren song down these steel and concrete canyons’.
D’fhonn na Daonnachta for the sake of humanity
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil in order to save his humanity
" Do thagair an tUachtarán do James Joyce in aitheasc amháin, ach níor thagair sé don iomarbhá idir *Leopold Bloom* agus an *Cyclops* anróiteach in *Ulysses*, nuair a thugann Bloom droim láimhe don stair d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil.
coireanna in éadan na daonnachta crimes against humanity
" Tá cásanna casta á dtógaint in éadan na Vatacáine, agus ‘coireanna in éadan na daonnachta’ i gcoinne an Phápa féin.
An Daonnacht i Lár an Uaignis humanity in the midst of sadness
" An Daonnacht i Lár an Uaignis ============ Oíche amháin, buailimid le Davis Mc Alary, DJ bocht a labhraíonn gan stad gan staonadh.
le daonnacht agus le líofacht with empathy and fluency
" Fiú agus é ag míniú débhríochas oidhreacht Mhaois, nó fealsúnacht liobrálach Spinoza agus Mendelssohn san ochtú haois déag, labhraíonn Schama le daonnacht agus le líofacht.
a ndaonnacht their humanity
" Ar an Imeall ====== Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
an daonnacht human kindness
" Ach cuideoidh sé linn an dóchas a chothú arís – fríd an ealaíon, fríd an comhoibriú, fríd an charthanacht, agus fríd an daonnacht.
tá an daonnacht sin go láidir mar chuid that humanity is a great part
" "Chomh maith, is breá liom bheith ag éisteacht le seandaoine ag scéalaíocht agus le páistí ag súgradh ar an tsráid, agus tá an daonnacht sin go láidir mar chuid d'Owenvarragh.
gur féidir leis an daonnacht that humanity can
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
tréithre daonnachta human qualities
" Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?