Pota Focal Intergaelic
ark | dank | dar | dara | darb
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciachmhar gloomy, dark
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
i ndúlaíocht an gheimhridh in the dark months of winter
" Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair i ndúlaíocht an gheimhridh le freastal ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, agus i lár an tsamhraidh le háilleacht an cheantair Ghaeltachta seo a bhlaiseadh.
ag dorchú getting dark
" Uiscí an ghóilín ag éirí corcra, an domhan ag dorchú.
crónbhuí dark yellow
" Cuimhneoidh mé go deo ar an dtranglam tráchta in Rishikesh, mé teanntaithe istigh i dtacsaí trírothach; d'fhéachas amach agus cad dúirt tiománaí an ricseá in aice linn ach, "An bhfuil tacsaí uait, *babu*? " A Chníops, nach bhfeiceann tú gur i dtacsaí atá mé! Más peaca a bheith buí … ======= Ní den lí chéanna iad muintir na Seapáine in aon chor, cuid acu crónbhuí, go leor eile acu agus iad chomh geal leis an lá.
ar chuile chúinne dorcha on every dark corner
" Tá sé thar am an rúndacht seo a scuabadh chun siúil, agus solas a chaitheamh ar chuile chúinne dorcha atá fanta i dtithe an stáit.
ag feadaíl sa dorchadas whistling in the dark
" Bíonn daoine ag feadaíl sa dorchadas.
ball mór dorcha allais a big dark sweat-stain
" Fán am a raibh sé ag bun an staighre bhí an mála greamaithe dá dhroim agus ball mór dorcha allais ag leathnú ar a dhroim.
néalta dorcha dark clouds
" Ar feadh tréimhse roimhe sin, nuair a bhí na néalta dorcha le feiceáil ag teacht i mo threo, chuirinn ceist ar dhaoine a bhí ag déanamh obair shealadach cad iad na gníomhaireachtaí fostaíochta is fearr sa chathair.
imir bheag dhorcha a slightly dark tint
" Ach an túisce is a thagann daoine a bhfuil imir bheag dhorcha ar a gcraiceann, agus teanga eile ar a mbéal acu, ansin cuirtear cosc orthu.
dúdhearg dark red
" " In aice leis an *Mauritian Woman *sa taispeántas san Acadamh Ríoga Ibéarnach, bhí *Two Muses *- figiúr geal ina luí le figiúr dúdhearg dainséarach.
dhuibheagánach dark, profound
" Is é WB Yeats duine de na húdair mhóra is ansa liom agus is breá liom an líne shimplí ach dhuibheagánach sin, "Things fall apart.
fíordhorcha really dark
" Tá scéim nua darb ainm *dans le noir *(sa dorchadas) ag bialann, áit ar féidir leat "dáta dall" (nó cleamhnas caoch, b'fhéidir) ceart a bheith agat - itear agus óltar i seomra fíordhorcha agus is daoine gan radharc iad na freastalaithe.
na céadta crois ard dorcha hundreds of high dark crosses
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
na céadta crois ard dorcha hundreds of high dark crosses
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
na céadta crois ard dorcha hundreds of high dark crosses
" In aice le *Checkpoint Charlie*, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha.
fríd ghloine dhorcha through a dark glass
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
rúin dhorcha dark secrets
" Fiú i ndiaidh blianta fada, níl daoine mar Clooney – ar breá leo a rá go bhfuil siad toilteanach rúin dhorcha Mheiriceá a nochtadh – sásta a n-aird a dhíriú ar fhíricí áirithe faoi Mheiriceá na nÉireannach a dhéanann daoine míshuaimhneach.
sa dorchadas in the dark
" Bhain mé Whitchurch amach sa dorchadas agus bhí lúcháir orm Neill agus an carr a fheiceáil ansin.
teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha dark allegorical messages
" 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta; Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú; Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.
i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais in the long tunnel of the dark years of facism
" Glactar go forleathan anois leis go raibh Bunreacht 1937 ní ba liobrálaí ná aon nua-bhunreacht Eorpach eile, i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais.
i dtollán dorcha in a dark tunnel
" Chríochnaigh an Via Ferrata delle Trincee i dtollán dorcha, rud a bhí ait ar lá deas geal.
an loch dorcha séimh. the dark calm lake.
" Nuair a théann na báid iascaireachta amach istoíche, bíonn solas ar lasadh ar gach ceann acu agus is radharc fíorálainn iad seo amuigh ar an loch dorcha séimh.
Dhá sheomra dhorcha fholmha two dark empty rooms
" Dhá sheomra dhorcha fholmha le fallaí is cuirtíní tuirseacha.
in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, against the dark forces of Britain,
" An sceithfidh Sinn Féin ar phoblachtánaigh atá ag leanstan ar aghaidh leis an streachailt armtha in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, i.
go raibh eagla air roimh an dorchadas that he was afraid of the dark
" Maidir leis an albam nua, chuala mé scéal faoi Jim Coleman, deartháir le Michael Coleman, go raibh eagla air roimh an dorchadas agus nár thaitin sé leis riamh a bheith ag imeacht ina aonar ó theach go teach san oíche ag seinm ceoil.
athúil, dorcha, ard, tarraingteach don tsúil, they're handsome, dark, tall, attractive to the eye,
" Mar nach iad atá dathúil, dorcha, ard, tarraingteach don tsúil, agus lúfar, láidir agus aclaí, gan trácht ar a bheith "súbláilte" mar a déarfadh SBB.
pailéad dorcha gruama a dark gloomy palette
" Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.
dorcha agus deacair dark and difficult
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
Dath dúdhonn feoite air. Dark brown decayed in colour.
ón eaglais dhorcha, fhionnuar from the dark, cool church
" Amach liom arís ón eaglais dhorcha, fhionnuar i ndallrú gréine an mheán lae sa Spáinn.
dorchla dorcha, ábhalmhór a huge, dark corridor
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
Ré Dhorcha na n-ochtóidí the Dark Period of the Eighties
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
seantroscán dorcha dark old furniture
" Tá an-atmaisféar san áit; tá na síleálacha íseal agus tá seantroscán dorcha ann.
cuma dhubh dark appearance
" Ag Te Rerenga Wairua, tá cuma dhubh ar an bhfarraige, agus éisc inti nach bhfeicfeá aon áit eile.
ribí dorcha gruaige dark bristles
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
lán de dhíshondas dorcha. full of dark dissonance.
" Píosa ab ea é nár chríochnaíomar riamh mar nach raibh sé ceolmhar agus go raibh sé lán de dhíshondas dorcha.
coinnítear sa dorchadas é he is kept in the dark
" Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca.
sa dorchadas, in the dark
" Tá *pop memorabilia* iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.
i ndorchadas na hoíche, in the dark of night
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
is dorcha darkest side
" Tá sé ríthábhachtach, dar liomsa, áiteanna mar Auschwitz a fheiceáil, chun léargas a fháil ar an taobh is dorcha den chine daonna agus chun foghlaim ó cheachtanna na staire.
ar chúlbhóithre tuaithe dorcha, dark, country backroads
" Sroicheann muid an tigh ar chúlbhóithre tuaithe dorcha, a bhuíochas sin ar an gcóras suite domhanda.
gculaith dhorcha ghorm a dark blue suit
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
faoi choim oíche in the dark of night
" Arís trí ghloine, feiceann Oskar óg Eli is a ‘hathair’ ag bogadh isteach san árasán béal dorais faoi choim oíche.
laethanta dorcha dark days
" Saol, go deimhin, nach bhfuil cuimhne chruinn againn ar na laethanta dorcha roimhe.
tuar dorcha dark prophecy
" Gearrtha le rithim an tsúnáis, tá teannas idir na háilleachta físiúla agus tuar dorcha na tubaiste ina dhiaidh sin.
duairc dark, gloomy
" Is cuma cén leagan a roghnaíonn tú, is duairc an todhchaí atá i ndán do na heagrais dheonacha Gaeilge! Thig a bheith cinnte, áfach, faoi athrú amháin atá i ndán do shaol na Gaeltachta.
dorchadas dark
" Sea, is é a bheas againn feasta, fuacht agus dorchadas: tréithe an bháis.
duibheagáin dark recesses
" Rud deacair ab ea é sin go minic, go háirithe i gcomhthéacs an rugbaí, agus cé nár éirigh le McLaren rúndiamhaire na clibirte a léirmhíniú do mhórán daoine, ba thaitneamhach a bheith ag éisteacht lena ghlór breá agus é ag déanamh cur síos ar a raibh ag tarlú timpeall na páirce agus ar na himreoirí a bhí ar a míle dícheall an t-ubhchruth a aimsiú agus a shaoradh as duibheagáin na clibirte céanna.
duairc dúr dark and gloomy
" Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile.
ciardhubh dark haired
" Bhí Bonnie Parker ciardhubh, dála an scéil, níor fionnán ar aon dul le Faye Dunaway í.
shléibhte dorcha dark mountains
" Thit an sneachta ar bhóithre agus ar chuibhrinn, ar shráideanna cathrach agus ar shléibhte dorcha.
dorchadas dark
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
dúluachair gloomy dark period
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
bhí an lá ag dul ó sholas it was becoming dark
" Ach bhí an lá ag dul ó sholas orainn agus bhí Carn Bàn (942m) eadrainn agus an Carn Dearg ag an am sin fós.
faoi dhorchadas in the dark
" Ghearr muid síos Gleann Ballach, tríd an sneachta domhain agus faoi dhorchadas.
spéaclaí cumhdaigh dark glasses
" B'éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta.
healaíona dorcha dark arts
" Tá go leor daoine sásta scéalta suaracha faoi dhaoine cáiliúla a léamh, beag beann ar na healaíona dorcha a úsáideadh le teacht orthu.
bearna dorcha dark gap
" Thug an treoraí léim na bearna dorcha, agus tharla mise a bheith ceangailte de abhus, níl an dara rogha agam anois.
tréimhse chorraithe dhorcha dark turbulent time(s)
" Is cinnte go bhfuil i gceist ag príomhstiúrthóirí an taispeántais, Christian Viveros-Fauné agus Jota Castro, go spreagfadh an taispeántas machnamh agus go n-éileodh sé comparáid idir an tréimhse chorraithe dhorcha sin agus imeachtaí suaite na ré seo.
dufair dhorcha dark forest
" Thángamar ar ball ar áit a raibh na crainn á ngearradh acu, ach ina dhiaidh sin arís is é dufair dhorcha a bhí inár dtimpeall.
i ndomhan dorcha in a dark world
" Lasadh na soilse beagaí bunúsacha agus bhogamar ar aghaidh, aon solas amháin ag taisteal go mall i ndomhan dorcha agus ar an domhain dhorcha.
ar an domhain dhorcha on the deep dark water
" Lasadh na soilse beagaí bunúsacha agus bhogamar ar aghaidh, aon solas amháin ag taisteal go mall i ndomhan dorcha agus ar an domhain dhorcha.
an ré dhorcha the dark of the moonless night
" Gan solas dá laghad ar an talamh agus an ré dhorcha, bhí an spéir breac le brat réaltaí Bhealach na Bó Finne os cionn na gcrann, agus bhí an t-uisce dorcha fúm ag déanamh aithris chruinn ar an radharc álainn céanna.
fochla dorcha dark cavity
" Ansin, feictear guairneáin agus easanna faoin talamh sula dtógtar níos faide ar aghaidh thú go dtí an fochla dorcha ina maireann na breochruimheanna geala.
a choinneáil dall to keep in the dark
" Mheasfá go gcaithfeadh duine amháin acu ar a laghad a bheith ar tuarastal go cúlráideach ag lucht faisnéise i dtíortha eile le huascáin na tíre seo a choinneáil dall agus chomh bómánta leis féin.
faoi bhrat na hoíche clothed in the dark of night
" Anocht áfach, tá sé faoi bhrat na hoíche.
chlaibín dorcha a dark cover
" Bhí bosca beag déanta agam do Nandos (ag ceapadh nach mbeadh sé ag scairteadh dá mbeadh sé faoi chlaibín dorcha) agus ansin an bheirt againn anois.
Ré Dorcha the Dark Ages
" Sa leabhar iontach seo, luann Cahill nach gceanglaítear na focail *"Irish"* agus *"Civilisation"* le chéile ach nuair a bhí Impireacht na Roimhe ag titim as a cheile, ba iad na manaigh Éireannacha a las solas na sibhialtachta Críostaí ar fud na hEorpa sa "Ré Dorcha.
a shúile léirithe mar logaill dhorcha his eyes are shown as dark sockets
"a shúile léirithe mar logaill dhorcha agus an béal scréachach leata mar fholús dubh gan deireadh.
leathan agus donn dorcha wide and dark brown
" Tá an abhainn leathan agus donn dorcha, agus líonann an dufair na bruacha.
in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas able to read despite the dark
" Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín *iOS*, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin.
deasghnátha dubha aisteacha strange dark ceremonies
" Tugadh ‘cultas’ ar a gcreideamh agus maíodh go raibh deasghnátha dubha aisteacha ar siúl aige, íobairt a n-óige san áireamh.
ré dhorcha dark era
" Rinne go leor leor daoine an tUachtarán a cháineadh go trom as an daoradh príosúin a gearradh ar na mná (an daoradh is lú don chineál sin coire i gcúirteanna na Rúise), rud a léiríonn, dar leo, an lámh láidir atá in úsáid ag an rialtas atá inchurtha le trialacha easaontóirí i ré dhorcha Shóivéideach na Rúise.
is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas shall be darker, wetter and colder
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
cén drochscéal ar what dark tale
" Cá bhfios cén drochscéal ar Barack Obama atá á choinneáil siar le foilsiú roimh lá an toghcháin? Ní bheidh sé thart go mbeidh sé thart.
ní fhágtar dall sinn ar we’re not kept in the dark in relation to
" Ach ní fhágtar dall sinn ar na cúraim bhunúsacha níocháin agus leithris a thógann Georges air féin le croí maith mór.
Thit dorchadas na hoíche it became dark as night
" Síobadh Fiáin ===== Thit dorchadas na hoíche ag a ceathar, agus b'shin an t-am a thugamar faoi deara nach raibh gach rud ina cheart: bhí soilse agus gléasanna aibhléise an tí ag faiteadh an t-am ar fad.
seomra dorcha tais a dark damp room
" Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar *Stillwater Communications* (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.
Lena gcraiceann donn with their dark skin
" Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu.
ar thalamh na hIlchríche Dorcha in the lands of the Dark Continent
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.
i ndúluachair an gheimhridh in the dark of winter
" ) Ba chathair bheag í Canberra sna daichidí agus bhí an siamsa gann, i mbaile beag mar a déarfá, i ndúluachair an gheimhridh ach go háirithe.
tar éis strachailt i ndorchadas an having struggled in the dark of
" Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.
Meandar beag amháin eile sa dorchadas one second more in the dark
" Meandar beag amháin eile sa dorchadas, is las mé an lampa a bhí ar mo cheann.
dorchadas teannadh isteach ort the dark (having) closed in on you
" Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.
ar chathaoireacha sa dorchadas on chairs in the dark
" Shuigh na haisteoirí Tadhg Hickey, George Hanover agus Daniel Reardon ar chathaoireacha sa dorchadas, agus sula bhfad, ba léir gur choda difriúla d’inchinn duine amháin ab ea iad, inchinn a bhí lán le cuimhní cinn truamhéileacha agus lúcháireacha.
i gcúinní dorcha, deannachúla in the dark dusty corners
" Tá na nuachtáin sin uilig imithe ar shlí na fírinne agus níl teacht ar an chuid is mó dá raibh iontu ach ar mhicrifís i gcúinní dorcha, deannachúla na Leabharlainne Náisiúnta.
atá ar maos le meafair dhorcha which is steeped in dark metaphors
" Chonaic mé Vaghe Stelle dell’Orsa de chuid Luchino Visconti tráthnóna Luain, ach is dócha gur beag lá den tseachtain ná tréimhse den lá nach bhfuil oiriúnach don scannán atmaisféarach seo atá ar maos le meafair dhorcha is le gnaoi neamhdhomhanda Claudia Cardinale.
ag siúl isteach tollán dorcha crann walking in a dark tunnel of trees
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas a strong contrast of light and dark
" Pictiúir dhubha agus bhána atá iontu, le cúlra monacrómach agus codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas iontu.
Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach how dark and brooding and black
" Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal? Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
gléasta in éide dhorcha dressed in dark clothing
" Go tobann ón láimh dheis, tháinig corradh le céad duine, iad gléasta in éide dhorcha agus thuig mé gur seo na Giúdaigh agus iad ag siúl i dtreo na seomraí gáis.
folt cas ciardhubh curly dark brown hair
" ‘Cia hé an fear baileach binnbhriathrach úd ar a bhfuil an folt cas ciardhubh agus an dá ghruaidh chorcra chomhdhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn?’ a deir Gráinne.
B’fhuilteach agus ba dhubh an bhliain it was a dark and a bloody year
" B’fhuilteach agus ba dhubh an bhliain í 1993 i scéal na coimhlinte sa Tuaisceart.
bratacha dúghorma agus gealghorma dark blue and light blue flags
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
tabhairt faoi chúinne dorcha dúr get into a dark and gloomy nook
" Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte.
bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana to celebrate the annual dark festival
" Tá leithscéal ag Balor a bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana agus é ina phágánach chruthanta agus ina Fhomhórach dílis, ach cén leithscéal atá ag an oiread sin de mhuintir na hÉireann nach bhfuil sásta an focal Nollaig féin a úsáid níos mó? Tá nósanna cainte Mheiriceá ag teacht isteach in Éirinn ar cosa in airde.
acmhainn dhorcha grinn an acumen for dark comedy
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
fá scáth dorchadas oíche under dark of night
" N’fheadar an col ceathrar é, nó uncail, b’fhéidir, le David Neligan, ‘*The Spy in the Castle*’? B’eisean Oifigeach Ceannais Faisnéise an Dublin Guard Brigade in Arm an tSaorstáit i dTrá Lí - an fear a roghnaigh an naonúr cime poblachtach a cuireadh go Baile Ua Síoda fá scáth dorchadas oíche an 7ú Márta 1923.
réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin this frugality agreed with his own dark nature
" Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar ================ Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach 'poll' mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin.
ach seal gairid eile just another short dark spell
" Fós féin, bíonn laethanta dorcha ann dúinn, cothrom an lae a cailleadh í, agus faoi Nollaig, agus aon am a chuireann a deartháir mór ceist orainn, ar nós, “an bhfuil Robyn ar Neamh ag breathnú anuas orainn?” Mar sin féin, tuigimid go maith anois go scairtfidh an solas arís agus nach bhfuil sa dorchadas ach seal gairid eile.