Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éagsúlacht dathanna variety of colours
" Do gach táirge, bíonn leathanach ar leith ina mbíonn pictiúr, ainm agus sonraí an táirge chomh maith le gnéithe roghnacha ar bith atá ag baint leis an táirge (méid, éagsúlacht dathanna, etc.
dathanna bréige false colours
" es) sa Spáinn a chuireann dathanna bréige isteach in íomhánna agus a chruthaíonn macasamhail 3D d'íomhánna ó mhicreascóip.
dathanna na Ríochta Aontaithe the colours of the United Kingdom
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
dathanna fíneálta subtle colours
" B’fhéidir go spreagtar mothúcháin dhoimhne ionainn agus muid ag amharc ar shaothar tochtmhar péintéireachta – smaoinigh, mar shampla, ar an tslí a gcuireann saothar Philip Rothko fonn machnaimh ort agus tú ag meabhrú ar na dathanna fíneálta a úsáideann sé.
chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha as different as the colours of a rainbow
" Mar an gcéanna, d’úsáid Vincent Van Gogh agus Edvard Munch péint ar bhealach a scaoil amach mothúcháin a bhí chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha agus a thug doras isteach dúinn sa domhan céasta racánach inar mhair siad.
dathanna bríomhara lively colours
" Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.
dathanna iontacha an choiréil, the wonderful colours of the coral,
" Bhí domhan eile ar fad le feiscint thíos faoin uisce: dathanna iontacha an choiréil, an t-iasc ildaite, beag agus mór, agus fiú corrshiorc sceire ag snámh tharam.
dathanna éagsúla, various colours,
" Nuair a amharcann tú air ar dtús, is é an donn an príomhdhath a fheicfidh, ach má dhéanann tú mionscrúdú ar an phictiúr chífidh tú nach donn amháin atá ann ach dathanna éagsúla, iad curtha le chéile le tuiscint mhín.
dathanna níos gile a úsáid to use brighter colours
" Chuir Pissarro ina luí air dathanna níos gile a úsáid agus roimh i bhfad bhí sé ag úsáid fíordhathanna gan truailliú agus ag péinteáil ar bhealach scaoilte agus saor.
dathanna bríomhara, nádúrtha lively, natural colours
" html) ag forbairt “an chéad ghlúin eile” de scáileáin a léireoidh íomhánna agus dathanna bríomhara, nádúrtha gan mórán cumhachta a úsáid.
dathanna maolaithe. subdued colours.
" Tháinig athrú ar a stíl phéintéireachta sna 50í agus ba é an corp nocht a bhí mar ábhar spéise aige feasta thar aon rud eile agus in áit é a phéinteáil le péint thanaí, mar ba nós leis, thosaigh sé ag úsáid péint thiubh agus dathanna maolaithe.
dathanna na nduilleog colours of the leaves
" Tús mhí Dheireadh Fómhair; tá dathanna na nduilleog ag athrú.
le dathanna péinte a roghnú, to choose paint colours,
" Ach cad mar gheall ar chúrsaí níos cruthaithí – an dóigh is fearr le dathanna péinte a roghnú, cuir i gcás.
dá roghnófá dathanna áirithe if you chose certain colours
" Ma bhaineann tú úsáid as an bhfeidhmchlár seo, is féidir leat buille faoi thuairim a fháil roimh ré maidir leis an gcuma a bheadh ar do sheomra dá roghnófá dathanna áirithe – agus ní gá duit pingin a chaitheamh!MousePainterBainim féin úsáid as an tseirbhís MousePainter atá curtha ar líne ag Dulux (www.
dathanna ar leith particular colours
" Ansin, má tá dathanna ar leith i gceist i do sheomra – dath an troscáin nó dath na gcuirtíní, cuir i gcás – is féidir na dathanna sin a phéinteáil isteach.
ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad messing with all the other colours
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
agus triail a bhaint as dathanna éagsúla. and to try various colours.
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
dathanna éagsúla various colours
" Fásann labhandar agus lus na gréine in Provence, cuibhrinn mhóra díofa, agus idir iad sin agus na dathanna éagsúla a bhíonn ar Mont Sainte-Victoire le linn an lae, ní hiontas ar bith go raibh Cézanne i ngrá leis an cheantar.
dathanna colors
" ‘Má tá taithí agat ar shaothar Jenny Saville, beidh a fhios agat go mbíonn cuid mhór dathanna – buídhearg nó ócar, dearg agus donn - le feiceáil ann agus b’fhéidir go bhfuil daoine ag iarraidh go mbeadh muid níos conspóidí ná mar atá muid.
dathanna príomhúla primary colors
" Tá scabhait agus sráideanna beaga ann le tithe beaga adhmaid as an Mheánaois ann go fóill, agus tá cuid mhaith de na foirgnimh níos nua-aimseartha tógtha le hadhmad agus péinteáilte le dathanna príomhúla geala.
dathanna colors
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
dathanna colours
" Is cuimhin liom go raibh fuarbholadh uaidh agus go raibh na dathanna á thréigean.
dathanna colors
" Fáthmheas agus Féinleigheas Deintear ana-chuid cainte faoi 'chakras' i saol an leighis ailtéarnaigh – nóid diamhaireacha a bhfuil fuinneamh, dathanna, mothúcháin, codanna lárnacha de chóras endocrine na colainne agus fuaimeanna na ngutaí luaite leo.
dathanna colours
" Más fearr le sprioc do bhronntanais níos mó dathanna, caith súil ar lafraise.
dathanna colours
" Forbrófar círín ar an droim agus ar an eireaball le linn am an ghoir agus feictear dathanna an-gheala air faoin am seo chomh maith.
dathanna colours
" Is é a shaothar uiscedhatha is mó a thuill clú dó agus iad léirithe le stríocanna saora scaoilte den scuab péinte agus le dathanna drámatúla.
dathanna colours
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
dathanna agus cruthanna colors and shapes
" Tá 33 focal ag Bábógbaby le múineadh do do pháiste – uimhreacha, dathanna agus cruthanna.
dathanna colours
" Bhí mé ag súil nach mbeidís pisreogach faoi na dathanna agus go mbeadh cead isteach agam i mo phréachán i measc na bhféileacán.
dathanna geala bright colours
" Seachas na dathanna dorcha a bhí in ionad na bhfear, bhí spleodar mór agus dathanna geala ann.
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna in all its glory throwing colour and shade
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile the Brazilian colours being put on a white woman
" Gorm agus geal, buí agus uaithne =========== Tharraing mé grianghraf ag cearnóg Campo Grande a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: dathanna na Brasaíle á gcur ar aghaidh mhná gile, a raibh cúpla bliain le cois an trí scór aici, ag fear gorm nach raibh an scór féin bainte amach aige.
dathanna a dheimnigh tábhacht colours which confirmed high status
" Níos suntasaí arís bhí éadach corcra agus óir, dathanna a dheimnigh tábhacht, thart timpeall ar na cnámha agus inscríbhinn sean-Ghréigise in aice leis an uaigh ag rá Petros eni, rud a chreidtear gur giorrúchán ar Petros enesti a bhí ann, a chiallíonn, tá Peadar anseo.
dathanna ilghnéitheacha variegated colours
" Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara na gcláracha go léir, dathanna ilghnéitheacha ré Victoria a dhearadh le samhlaíocht agus le daonnacht.
dathanna colours
" Is breá liom na daoine, na dathanna, agus tá an oiread sin staire ag baint leis an Iodáil.