Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iompó nathanna cainte droim ar ais turning phrases back to front
" Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
nathanna doiléire vague expressions
" Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta.
nathanna phrases
" " Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
nathanna cainte phrases
" Gan mhoill, thug mé focail agus nathanna cainte liom anseo agus ansiúd.
nathanna cainte expressions
" Dúirt sé go ngáireann a ghaolta sa Ghearmáin faoina Ghearmáinis nuair a labhraíonn sé leo, ó tá rian láidir na seanaimsire ar a chaint, é ag úsáid focal, nathanna cainte, agus gramadaí atá imithe as faisean sa Ghearmáin le céad bliain.
nathanna gearra cainte short expressions
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
nathanna seanfhaiseanta old-fashioned expressions
" Cén sórt cainte a bheadh acu? Cén cineál stór focal agus cora cainte a bheadh in úsáid acu? Ar chóir do na scríbhneoirí atá ag scríobh scripte don aois seo cloí le corr-dhrochleagan cainte, nó ar chóir dóibh nathanna seanfhaiseanta a bhrú orthu.
nathanna cainte idiomatic sayings
" Deir sé gur fhág “an croí an áit agam” agus bhí air rith go tobann! NathannaIs iontach na nathanna cainte atá aige, nathanna nach bhfuil chomh coitianta sin sa lá atá inniu ann – “an ghrian a bheith fad corráin mhóir ar an aer ar maidin”, cuir i gcás, arb éard atá i gceist leis ná cur síos ar an am sin den lá thart ar 11.
nathanna cainte phrases
" Thug Richard Walsh, urlabhraí Shinn Féin Poblachtach, a thuigeann smaointeoireacht na n-easaontóirí, (nach iontach na nathanna cainte ar éirigh muid cleachtaithe leo!) preasócáid le dearcadh a pháirtí a chur faoi bhráid an phobail.
nathanna phrases
" Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
nathanna phrases
" Is gá ceachtanna sa sórt teanga a d’úsáidfí sa bhaile, na nathanna a labhrófá le do leanbh nua agus a leithéid.
nathanna phrases
" Níos measa arís, tá cuid de na teangacha nach bhfuil éinne in ann a labhairt go hiomlán agus níl ach roinnt focal agus nathanna acu fós in úsáid.
nathanna seanreicthe old worn clichés
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
nathanna cainte turns of speech
" D’fhoilsigh Hervé Lossec leabhar le déanaí dar teideal Les Bretonnismes, a mhíníonn nathanna cainte i bhFraincis na Briotáine a d’eascair as an mBriotáinis.
nathanna coitianta common phrases
" Tá an bhéim ann ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar nathanna coitianta.
nathanna phrases
" Bíonn beannachtaí, geáitsíochtaí agus nathanna cainte ann chun an stádas seo a léiriú.
nathanna géara sharp phrases
" Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
nathanna seanreicthe old repeated phrases
" Scríobhadh liricí an amhráin san ochtú haois déag agus measaim féin nach bhfuil iontu ach nathanna seanreicthe seanaimseartha, mar a léiríonn an chéad cheithre líne thíos: *Australians all let us rejoice,* *For we are young and free;* *We’ve golden soil and wealth for toil;* *Our home is girt by sea.
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce phrases, runs, flourishes
" Bíonn nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo.
leas as focail agus nathanna áirithe used certain words and phrases
" Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior.
An Mháltais agus nathanna Béarla tríthi Maltese and English through it
" An Mháltais agus nathanna Béarla tríthi.
nathanna cainte de ghlanmheabhair phrases of by memory
" Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí nathanna cainte de ghlanmheabhair.
ndéanfar dearmad ar na nathanna seo these phrases shall be forgotten
" Is dócha ná a mhalairt go ndéanfar dearmad ar na nathanna seo a luaithe a shiúlfaidh siad amach doras an tseomra scrúdaithe.
nathanna dúchasacha, oiriúnacha suitable native phrases
" B’fhéidir, sula mbíonn sé rómhall, go mba chóir tráchtairí maithe arb í an Ghaeilge a dteanga mháthartha – Seán Bán Breatnach, Mícheál Ó Sé, Antaine Ó Conghaile, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraic Ó Sé gan ach dornán a luadh – a thabhairt le chéile agus iad a chur i mbun foclóra ar leith ina mbeadh focail agus nathanna dúchasacha, oiriúnacha agus a chuideodh le tráchtairí óga an cheird a fhoghlaim.
míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra an explanation of difficult words and terms
" Is i nGaeilge shimplí atá na scéalta scríofa le míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.
Rith roinnt nathanna leis some phrases occurred to him
" Cén bealach a roghnódh sé? Rith roinnt nathanna leis a chuala sé in imeacht na mblianta, nathanna a thit as béal daoine a casadh dó.
nathanna cainte speech phrases
" Féadfaidh teanga ar bith focla iasachta nua a ionsú gan fadhb ar bith, ach nuair atá comhréir agus nathanna cainte ag athrú mar gheall ar theanga eile, cruthaítear fadhbanna móra.