Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
cheann de na forbairtí is nualaígh one of the most innovative developments
" Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast.
ar cheann de rúndiamhra an tsaoil one of the mysteries of life
" Ach an é féin atá ann? Is dócha ná a mhalairt nach dtuigfidh sé ariamh agus go mbeidh an *Jewelled Man Date *ar cheann de rúndiamhra an tsaoil i gcónaí.
cheann de na tréithe is suntasaí one of the hallmarks
" Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil ilghnéitheacht ó thaobh inimirce de ar cheann de na tréithe is suntasaí a bhaineann le Nua-Eabhrac, is beag aird a thabharfaí ar athrú mar seo sa chuid is mó de na comharsanachtaí.
cheann de phríomhspriocanna na comhdhála one of the conference's main aims
" Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna na comhdhála fiosrú a dhéanamh faoi mhodhanna nua chun airgead stáit agus Eorpaigh, agus urraíocht ó chomhlachtaí príobháideacha, a nascadh lena chéile ionas gur féidir tionscadail ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur sa tsiúl.
aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite. any of the great songs of the last century.
" Bhuail mé le DJ Gearmánach ón stáisiún clúiteach ceoil Raidió Bremen a chreid go raibh an t-amhrán ar aon dul le “Non, Je ne Regrette Rien” le hEdith Piaf nó aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite.
tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, the weather is one of the most important reasons,
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
ar cheann de mhórfhéilte na hEorpa. one of the biggest festivals in Europe.
" Ansin dúiseacht go luath ar maidin le dul go Glastonbury, atá fós ar cheann de mhórfhéilte na hEorpa.
ar cheann de na hirisí is rathúla of one of the most successful magazines
" Thuigeas ansin cén fáth gur eagarthóir é ar cheann de na hirisí is rathúla sa tír.
dhá cheann de bhallstáit bhunaithe an Aontais Eorpaigh, two of the founding states of the EU
" Leagan úr - sin é, níl ach mionathruithe déanta air - is ea an conradh seo de Bhunreacht na hEorpa a aontaíodh i 2004, ach a thug dhá cheann de bhallstáit bhunaithe an Aontais Eorpaigh, an Fhrainc is an Ísiltír, eiteachas dó an bhliain dar gcionn.
cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice one the parties most vocally against Nice
" Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, áfach, go bhfuil an Comhaontas Glas – a bhí ar cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice – mar chuid den Chomhrialtas anois agus iad tiomanta maidir lena a dtacaíocht a thabhairt don chonradh.
ar cheann de na gnéithe is taitneamhaí one of the most enjoyable aspects
" Is dócha go bhfuil na halbaim a chuirtear amach chuile bhliain leis an bhféile a cheiliúradh ar cheann de na gnéithe is taitneamhaí a bhaineann leis an tSeachtain.
ar cheann de na buanna is mó atá aige. one of his biggest attributes
" Agus taitníonn Bertie Ahern le go leor daoine, is cosúil – is amhlaidh go bhfeadfaí a rá go bhfuil a phearsantacht ar cheann de na buanna is mó atá aige.
mar cheann de na hábhair iontrála as one of the entry subjects
" Áirítear an Ghaeilge faoi láthair mar cheann de na hábhair iontrála atá riachtanach don cheithre ollscoil i gcóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann.
ar cheann de na cinn is tábhachtaí one of the most important
" ” Dúshlán nuaTá an t-albam áirithe sin ó 1973 ar cheann de na cinn is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann agus tá sé chomh húr céanna sa lá atá inniu ann is a bhí ag an am sin.
ar cheann de na heagraíochtaí one of the biggest organisations
" Tá Cairde Rince Céilí na hÉireann ar cheann de na heagraíochtaí is mó a chuireann ranganna oíche ar fáil ar fud na tíre seo.
ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí one of the most challenging trails
" 8 ciliméadarNíl dabht ar bith ach go bhfuil an tsiúlóid áirithe seo a rinne mé ar an gcéad lá ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí ar an Camino.
Ní thugann aon duine aon cheann de no one notices
" Ní thugann aon duine aon cheann de.
cheann de na gnéithe one of the aspects
" Tá an imirce idirnáisiúnta ar cheann de na gnéithe is suntasaí den domhandú.
cheann de one of
" Ach inár dtuairim, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair don Ardteist.
aithne a shíolraigh ó cheann de an acquaintance which arose from one of
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
bhí sé ar cheann de it was one of
" Is ar éigean go raibh níos mó ná dhá chéad go leith duine ann, ach bhí sé ar cheann de na hOireachtais ba thaitneamhaí riamh.
faoi cheann de thréimhsí mórthábhachtacha ealaíne an domhain about one of the more important periods of the world’s art
" Taispeántas álainn spéisiúil é seo agus a bhfuil le feiceáil agus le foghlaim ann faoi cheann de thréimhsí mórthábhachtacha ealaíne an domhain.
cheann de na foirgnimh is airde one of the tallest buildings
" Ach beidh dhá airde Hall na Saoirse (atá fós ar ar cheann de na foirgnimh is airde i mBaile Cliath) sna muilte ollmhóra atá beartaithe.
cheann de na hamharclanna is sine one of the oldest theatres
" Tá Teatru Manoel, ar cheann de na hamharclanna is sine san Eoraip.
ar cheann de chúlacha speisialta an domhain to one of the world’s special places
" Bhí mé rófhada gan chuairt a thabhairt ar cheann de chúlacha speisialta an domhain.
Tá fianaise ar cheann de there is evidence of one of
" Tá fianaise ar cheann de na samplaí is luaithe den turasóireacht spioradálta seo le fáil i gceann de na heaglaisí is ársa sa chathair, chomh maith le mórán gnéithe inspéise eile.
ar cheann de na feithiclí is fearr one of the best vehicles
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
cheann de na roghanna one of the choices
" Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh 'Rialtas Náisiúnta' idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn.
cheann de na cláir one of the programs
" Tar éis obair sé mhí ag foireann triúir nó ceathrar níor athraigh siad ach ord dhá fhocal ar cheann de na cláir ar an leathanach baile.
bheartaigh dhá cheann de na hóstáin two of the hotels decided
" Bhí sé pléite ag lucht polaitiúla agus rinneadh iarracht an méid is mó drochphoiblíocht a tharraingt air sa dóigh gur bheartaigh dhá cheann de na hóstáin an áirithint a bhí socraithe acu le lucht an chomórtais a scaoileadh uathu.
ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan one of the most unjust in the world
" Aibhléis agus Uisce ========= Faoi láthair tá an Afraic Theas ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan.
cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir one of the world’s main languages
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
mar a thug sí ar cheann de as she described one of
" Is cosúil go bhfuil go leor ag éirí as nuachtán a cheannach go laethúil, mar go bhfuil sé ar fáil ar líne, ach fós féin atá ag iarraidh go mbeadh nuachtán clóite ina láimh acu ag deireadh na seachtaine le haghaidh ‘lean back screen-free reading’, mar a thug sí ar cheann de na pléisiúir is mó atá fanta agam, san aois ina bhfuilim.
Chomhlíonfadh sé chuile cheann de na spriocanna it would fill all of the targets/ categories
" Chomhlíonfadh sé chuile cheann de na spriocanna a bhí acu féin.
mar cheann de na héilimh ar leith as one of the special demands
" Ar an chéad dul síos, gheall rialtas na Breataine Acht na Gaeilge mar chuid de phróiseas na síochána agus mar cheann de na héilimh ar leith i gComaontú Chill Rímhinn le sochaí níos cothroime a chruthú abhus.
ar cheann de na huirlisí is mó a chrap one of the greatest tools which shrank (the world)
" Rinneadh domhan beag den domhan mór, agus ar ndóigh, tá an t-eitleán féin ar cheann de na huirlisí is mó a chrap an domhan ó tháinig ann dó.
ar cheann de na hábhair riachtanacha one of the mandatory subjects
" Tar éis feachtas fíoreagraithe, d’éirigh le Conradh na Gaeilge, brú a chur ar Sheanad na hOllscoile nuabhunaithe glacadh le rún, inar socraíodh go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair riachtanacha le fáil isteach san Ollscoil, do dhaoine a rugadh in Éirinn.
ar cheann de is one of
" An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.