Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Ach níl sa chéapar seo ar fad ach mugadh magadh mar tá raidhse deochanna meisciúla ar fáil sna hóstáin go léir agus ní gá dhuit faic a chruthú sna háiteanna sin ach go bhfuil béal ort.
mhargaíocht deochanna the marketing of drinks
" Idir Eanáir agus Samhain na bliana 2001 deirtear gur caitheadh thart ar £27 milliún ar mhargaíocht deochanna.
deochanna gránna horrible drinks
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá an tAire Dlí agus Cirt Micheal McDowell chun reachtaíocht nua a chur tríd an Dáil go luath a dhéanfaidh níos deacra é do dhaoine óga deochanna a cheannach agus a chuirfidh dualgas ar lucht tithe tábhairne gan deochanna meisciúla a dhíol le daoine atá ar meisce cheana féin.
faoi thionchar deochanna meisciúla under the influence of alcoholic drinks
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Agus seans go bhfuil stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu.
deochanna drinks
" Ar nós ceantair sa bhFrainc, tá bia agus deochanna faoi leith ag an mBriotáin – brioscaí ime ‘palets’ nó ‘galettes’, caramal le salann, crepes agus dar ndóigh bia mara.
deochanna láidre strong drinks
" Thugas faoi deara go raibh fógraí ar dhá thaobh an bhóthair agus muid ag teacht isteach ón aerfort ag tairiscint deochanna láidre mar an *"Hand Grenade"* agus an *"Jester"* ar phingneacha.
deochanna meisciúla alcoholic drinks
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
deochanna glana non-alcoholic drinks
" Bhí na céadta daoine óga ann, iad ar fad idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois, iad gléasta i mbréagriocht agus ag ól deochanna glana.
mhí-úsáid deochanna meisciúla alcohol abuse
" I roinnt de na tíortha seo, cuirim i gcás Sasana agus na Stáit Aontaithe, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí drugaí agus ar mhí-úsáid deochanna meisciúla.
ag ordú deochanna calling for drinks
" Ní raibh cosúlacht mhuintir AA orthu agus iad ag ordú deochanna.