Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go bhfuil sé de dhualgas orthu that it's their duty
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
go raibh sé de dhualgas orthu that it was their duty
" Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad *baa-aaa-aaa* a rá leis an bheirt acu.
bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart. I had a duty to start out right
" Mar bhuarthóir agus mar thógálaí trioblóide agus raice a raibh sé de rún agam an pobal a chur trína chéile ní ba mhoille i mo shaol, bhí sé de dhualgas orm tosú amach i gceart.
de dhualgas orainn we’re obliged
" Labhair sé ar dtús le Bullaí Buí Mac an tSiúlaigh: **Balor: Inis dom, a Bhullaí, cad tuige gur gá daoibh an mórshiúl a chleachtadh fríd an cheantar áirithe seo? Nach iomaí áit eile a dtiocfadh libh siúl, áiteanna a mbeadh na múrtha fáilte romhaibh?** Bullaí: An ag magadh atá tú, a Bhaloir? Nach dtuigeann tú a dhath ar bith? Ar léigh tú do Bhíobla riamh? Tá sé scríofa sa Bhíobla, i bhfuil dhearg dhoirte na mairtíreach glórmhar, go bhfuil sé de chead againn, agus de dhualgas orainn, mórshiúl a bheith againn fríd Ard Eoin.
de dhualgas ar na Sasanaigh the English were obliged
" Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú.
ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn by which Ireland was obliged
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
bhfuil sé de dhualgas ar is obliged
" Mhaígh sise go bhfuil ‘an tsíleáil ghloine’ fós le sonrú i gcúrsaí rialtais na tíre cé go bhfuil sé de dhualgas ar an bPríomh-Aire dea-shampla de chomhionannas inscne a thabhairt do na hearnálacha eile abhus.
tá sé de dhualgas orainn we are obliged
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
de dhualgas ar an muintir dhúchais troid the native people (were) obligated to fight
" Mhaígh cuid de na húdair go raibh sé de dhualgas ar an muintir dhúchais troid ar son a dtíre, mar a bheadh sé ar na coilínigh dá ndéanfaí ionradh ar a máthairthír.
a bhfuil sé de dhualgas orthu who are obliged
" Is léir go gcruthaíonn an leagan Gaeilge deacrachtaí do na húdaráis áitiúla a bhfuil sé de dhualgas orthu leagan dátheangach a chur ar fáil mar is fíormhinic a fheicimid an leagan Gaeilge loite uilig ar chomharthaí.