Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealú béascna cultural separation
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
Dealaíonn sí she divides
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile.
am seo an dealaithe this time of weaning
" “Ní ag caitheamh fraoigh a bheas mé as seo amach, ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, sular tháinig an dlí úr isteach agus roimh am seo an dealaithe,” a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne.
dhealaigh divided
" Gheall an ceannaire cumannach ó Oirthear Bheirlin, Erich Honecker, i 1989 go mbeadh an balla, a dhealaigh pobal na cathrach lena chéile le 30 bliain, ina sheasamh go ceann 100 bliain eile.
dhealú remove
" B’éigean do na húdaráis na cait a dhealú faoi dheireadh, ach thóg sé corradh is fiche bliain sular cuireadh deireadh leo timpeall ar dheich mbliana ó shin.
ag dealú leis leaving
" Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
dealú differentiate
" Cén fáth gasúir, a deir tú? In alt a foilsíodh sa nuachtán Libération i mí na Nollag seo caite, mínítear nach dtugtar go minic faoi deara an páiste ar an mbóthar toisc é a bheith ceilte ag feithiclí eile nó go dteipeann ar an bpáiste dealú a dhéanamh idir ‘carr a fheiceáil’ agus ‘a bheith feicthe ag tiománaí cairr’.
dhealaíonn separates
" An bhfuil aon dóigh nach bhfoghlaimeodh? An bhfuil aon ghné de shaíocht na linne in Éirinn a dhealaíonn í le tíortha eile a ndeachaigh na céadta míle duine a chónaí ann? Níl ar ndóigh.
dhealú to distinguish
" Sin an aimsir is measa le haghaidh loingseoireachta mar bíonn gach rud iompaithe bán; an t-aer agus an talamh agus ní féidir leat íor na spéire a dhealú eatarthu.
dhealú lena chéile to distinguish from one another
" Tarlaíonn seo ar an ábhar nach bhfuil dhá fhuaim éagsúla sa tSeapáinis do R agus L agus is doiligh mar sin, don chainteoir Seapánaise an dá fhuaim a chluinstean, a dhealú lena chéile ná a fhuaimniú.
ní a dhealaigh iad de réir a chéile something which separated them accordingly
" D’fhan na Sean-Ghaill lena seanchreideamh, ní a dhealaigh iad de réir a chéile le lucht cinsil nua na tíre, na Nua-Ghaill agus óna dtailte féin dá réir.
a dhealaíonn which distinguish
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
a dhealú lena chéile distinguishing from each other
" Is mór ag lucht na polaiteolaíochta an dá nós, *anarchy* agus *chaos* a dhealú lena chéile.
gnéithe suntais a dhealaíonn matters of remark with distinguish
"gnéithe suntais a dhealaíonn scéal agus sléachtadh na bPalaistíneach le ‘trioblóidí’ in áiteanna eile mórthimpeall an domhain.
ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid their culling doesn’t cause any controversy
" Baintear feidhm as slite éagsúla le líon na n-ainmhithe sa tuaisceart a laghdú agus ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid.
dhealóidh to separate
" An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas.
dealú a dhéanamh to do subtraction
" Tuigeann Balor gur féidir dealú a dhéanamh in Éirinn, ach ní féidir suimiú.