Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealraíonn sé it appears
" Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán.
dealraíonn sé it appears
" Bhuaigh an Iarmhí craobh pheile na hÉireann i ngrád na mionúr agus faoi 21 ó shin agus dealraíonn sé go bhfuil siad sách maith leis an gcraobh Shinsear a bhuachan ach beagán eile taithí a fháil.
Dhealródh sé it would appear
" Dhealródh sé nár tugadh mórán airde ar na fíricí seo.
Dealraíonn sé It seems
" Dealraíonn sé go bhfuil earraí agus seirbhísí níos daoire freisin, ámh.
Dhealraigh sé it appeared
" Dhealraigh sé gur scéal ab ea é a thug léiriú ar cheisteanna tromchúiseacha ag baint leis an teicneolaíocht, le cúrsaí eitice agus fealsúnachta.
dhealraigh sé it seemed
" dhealraigh sé gur scéal ab ea é a thug léiriú ar cheisteanna tromchúiseacha ag baint leis an teicneolaíocht, le cúrsaí eitice agus fealsúnachta.
Dealraíonn sé it seems
" Ach Dealraíonn sé ó mhana The Villages, "An Baile is Cairdiúla i Florida do Lucht Scoir", go bhfuil daoine de shíor ag iarraidh an baile foirfe a aimsiú, ag iarraidh an chuid dheireanach sin den bhrionglóid *clichéd *Mheiriceánach a bhaint amach.
dhealraigh sé it seemed
" Gach trí nó ceithre bhloc, dhealraigh sé, bhí sráid eile ainmnithe as íospartach de chuid ionsaithe 9/11.
dealraíonn sé it appears
" Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.
dealraíonn sé it appears
" D'fhéadfadh gunnaí agus armlón bogadh an bealach céanna, ach dealraíonn sé go bhfuil David Trimble den bharúil go bhfuil éachtaí ag dul a theacht ó phoblachtánaigh sna seachtainí atá romhainn.
Dealraíonn sé it seems
" Dealraíonn sé gur chuir Daonlathaigh Tammany Hall an méid sin ar fáil dóibh.
Dealraíonn sé domsa it seems to me
" "Dealraíonn sé domsa go bhfuil na hÉireannaigh (a bhí anseo ar 9/11) tar éis éirí níos dlúithe leis an chathair, rud atá nádúrtha," arsa Cochrane.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé, fiú, go bhfuil an meon seo le fáil go pointe i measc bhreithiúna na tíre seo.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé nach bhfuil aon athrú le theacht sa todhchaí luath ar aon nós maidir le cé bheas in uachtar ar leathanta deiridh an tsamhraidh.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé anois, áfach, go bhfuil go leor againn nach dtuigeann an praghas ná an luach atá ar rud ar bith.
dealraíonn sé it appears
" Tá feachtas éifeachtach ar siúl ag na Gaeil Óga le tamall anuas fosta le seirbhís tuarthéacs i nGaeilge a fháil ó na comhlachtaí teileafóin agus dealraíonn sé go bhfuil Vodafone sásta a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil.
Dhealródh sé nach bhfuil a gníomhartha ag teacht salach ar a cuid focal. Her actions would appear to be conflicting with her words.
" Dhealródh sé nach bhfuil a gníomhartha ag teacht salach ar a cuid focal.
dealraíonn sé it appears
" Is iomaí duine nach n-éiríonn leo dhá thrá a fhreastal achdealraíonn sé gur bean í Justine McCarthy ar féidir léi slí bheatharathúil a bhaint amach gan neamart a dhéanamh ina saol pearsanta násna daoine ar luachmhar léi iad.
dealraíonn sé it seems
" Ní fhaca muid imreoirí ag sciorradh go rómhinic, fiú ar na laethanta fliucha, agus dealraíonn sé go bhfuil réiteach faighte i ndeireadh thiar ag bainistíocht Pháirc an Chrócaigh ar fhadhb an dromchla, dromchla a bhí ag cur as d’imreoirí le cúpla bliain anuas.
Dealraíonn sé anois It appears now
" An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis dó an cineál céanna ráitis a dhéanamh? Dealraíonn sé anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamall – deireadh brónach le gairm amhra.
dealraíonn sé it appears
" Ach dealraíonn sé anois, i bhfianaise an mhéid atá tite amach le roinnt míonna anuas, go mbraitheann an t-iompróir náisiúnta gur féidir leo a rogha ruda a dhéanamh ó thaobh athrú polasaithe de, gan cead a bheith faighte acu ón scairshealbhóir is mó dá chuid.
Dealraíonn sé go mbaineann Myers spórt It appears that Myers makes a sport
" Dealraíonn sé go mbaineann Myers spórt as “ba naofa” na hÉireann a mharú – an Ghaeilge ina measc – agus déanann sé a dhícheall i gcónaí snámh i gcoinne an easa.
dealraíonn sé it appears
" Agus dealraíonn sé go bhfuil Harney ag teacht faoi bhrú géilleadh dá n-éileamh.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé nach féidir linn an bháisteach a úsáid mar leithscéal, mar sin! Sampla eile ná Portland, ar cathair sna Stáit Aontaithe Mheiriceá é ina bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an rothaíocht.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le mealltacht Facebook.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le mealltacht Facebook.
dealraíonn sé it appears
" Rud eile ná, má éiríonn le Ciarraí agus Cill Chainnigh na cluichí leathcheannais a bhaint amach – agus dealraíonn sé go ndéanfaidh siad amhlaidh – ní bhfaighidh aon fhoireann sa tír an ceann is fearr orthu.
go ndealraíonn sé that it appears
" ” Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach.
Cé go ndealraíonn sé although it seems
" Bhí siad ag déanamh an oiread sin gáire go ndearna siad dearmad gur i nGaeilge a bhí sé!”Cé go ndealraíonn sé go n-éiríonn le Fíbín an lucht féachana a shásamh, cuireann sé as do Dharach nach mbíonn an meon céanna ag cuid de na múinteoirí a gcasann sé leo.
dealraíonn sé it appears
" Sa lá atá inniu ann, dealraíonn sé go bhfuil “Live Line” againn chun daoine a náiriú go poiblí.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil cosúlachtaí idir scéal The Frames agus an finscéal cáiliúil de chuid Aesop, *An Tortóis agus An Giorria*, ach níorbh é sin an fáth ar thug Mac Con Iomaire *Cúinne an Ghiorria *ar a albam.
dealraíonn sé sa chás áirithe seo it appears in this particular case
" Ar an drochuair, áfach, dealraíonn sé sa chás áirithe seo nach bhfuil na meáin ag cothú scéalta.
agus a dhealraigh siad, as they appeared
" Ní raibh na hagóidí chomh spontáineach agus a dhealraigh siad, áfach.
Dealraíonn sé sin that appears to
" Dealraíonn sé sin go mbeidh méadú 50 faoin gcéad i ndáiríre ar an méid a caitheadh ar thithe do dhaoine gan dídean cheana féin.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé anois, áfach, gur dócha gur faoi thús an tsamhraidh a fheicfidh muid an cháipéis ríthábhachtach seo.
dhealraigh sé it appeared
" Má bhí arm na hAetóipe ag iarraidh síocháin a thabhairt do mhuintir na Somáile, ní mar sin a dhealraigh sé.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé sin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach ligimid isteach aon chineál eile d’fhána ná d’fhlóra eile feasta, muna bhfuil muid sásta nach ndéanfaidh siad an cineál dochair atá le sonrú abhus agus ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe a tugadh isteach.
dealraíonn appears
" Ach dealraíonn sé gur fada ó rinne an Bhreatain dearmad ar an gcomhoibriú seo.
dealraíonn sé it appears
" Tá oiliúint faighte ag Uígir, dar leis an tSín, ó Al Qaeda san Afganastáin agus cé go bhfuil curtha in iúl ag eagraíochta cearta daonna gur beag seans go bhfuil a leithéid fíor, dealraíonn sé gur ghlac na Stáit leis an líomhain mar fhírinne.
Dealraíonn appears
" Dealraíonn láithreacht leantach na saighdiúirí agus na bpóilíní eachtrannacha nach bhfuil sochaí shíochánta ná rialtas feidhmiúil bunaithe sa tír go fóill.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go n-éiríonn le Dalit sna cathracha a slí féin a dhéanamh sna gairmeacha éagsúla.
dealraíonn appears
" Níl aon amhras ach go ndéantar léirscrios ar shaíocht an mhuintir dhúchais mar thoradh ar theacht an chine ghil chun na tíre, agus dealraíonn an méid a tharla do na teangacha bundúchais a dhonacht is a bhí an scéal.
Dealraíonn looks, appears
" Dealraíonn an cholainn an-ramhar le cosa deiridh atá níos giorra ná cosa deiridh an Loscainn.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil an Brianach ar son an cead a bheith ag coiste contae bainisteoir a fhostú agus a íoc.
Ní dhealraíonn sé it doesn’t appear
" Ní dhealraíonn sé ar do thuras tríd gurb í Toronto an chathair is mó sa tír mar tá na sráideanna agus páirceanna glan néata.
Dealraíonn sé it appears
" Iontas na n-iontas, seasfaidh na carranna díreach romhat má léiríonn tú iarracht siúl trasna na sráide! Dealraíonn sé go bhfuil daoine i bhfad níos réchúisí ná na hÉireannaigh, go fiú más in ollchathair thú.
Dealraíonn appears
" Dealraíonn scéal na Chamberlains an dóigh gur féidir le claontacht sna meáin scaoll thar na bearta a chruthú i gcoinne mionlach éislinneach.
Dhealraigh an taispeántas ollmhór the massive exhibition threw light (on)
" Dhealraigh an taispeántas ollmhór dar teideal ‘Not Just Ned’, faoi stair na nÉireannach san Astráil, ar an tionchar a bhí ag seasamh O Farrell.
dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo the statistics in it demonstrate this change
" D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
Dealraítear it appears
" An bhfuil an baol ann mar sin nach gceadófar do pháistí leanstan lena gcuid scolaíochta lán-Ghaeilge mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith? Dealraítear go gcuirfear deireadh fosta leis an riail go dtugtar tús áite do pháistí iarscoláirí na nGaelcholáistí sa chóras iontrála.
Dealraíonn sé lena cheapachán it appears from his appointment
" *” Dealraíonn sé lena cheapachán go bhfuil ré an tseicteachais – i dtaca le Caitlicigh agus Protastúnaigh ar a laghad – san Astráil thart.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
Dealraíonn sé go bhfuil It appears that
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.
Dealraíonn sé it appears
" Dealraíonn sé go bhfuil seans ann go mbeidh uachtarán gorm sa Teach Bán den chéad uair riamh.
mar go ndealraíonn sé because it appears
" Cinneadh maith is ea é mar go ndealraíonn sé nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa tír sin ó thaobh tháirgeadh mairteola de.
go ndealraíonn sé that it appears
" Cinneadh maith is ea é mar go ndealraíonn sé nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa tír sin ó thaobh tháirgeadh mairteola de.