Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag plé go teibí dealing abstractly
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
ag plé le scéalta dealing with stories
" Tá tú ag plé le scéalta agus carachtair nár chum tú féin agus tá tú ag cur le rudaí a cheap daoine eile.
ag plé leis an iarléiriú dealing with post-production
" Go dtí seo is ag plé leis an iarléiriú ar thionscadail anamúlachta a bhí siad, ach ba mhaith leo é sin a athrú.
i ngleic le sceimhlitheoirí dealing with terrorists
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
i ngleic le sceimhlitheoirí dealing with terrorists
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
mhangaireacht drugaí drug dealing
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
ag dul i ngleic leo dealing with them
" Agus téann machnamh gruama na ndialann i gcion ar an té a bhíonn ag dul i ngleic leo.
ag déileáil linne dealing with us
" Tá codarsnacht mhór idir sin agus an dóigh a mbíonn siad ag déileáil linne.
ag plé le coistí dealing with committees
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis. dealing with minority languages that are in danger of dying.
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
ag plé le dealing with
" **Imreoirí óga**Bhí iontas ar Seán Taylor nuair a chuala sé go raibh na clubanna ag plé le buachaillí chomh hóg le hocht mbliana, mar shíl seisean go raibh sé féin an-óg nuair a thosaigh sé le hOrient agus gan é ach deich mbliana.
ag déileáil leis an fhadhb seo. dealing with this problem
" Tá Rialtas na Breataine ag déanamh iarrachta a bheith ag déileáil leis an fhadhb seo.
cleachta le bheith ag déileáil leis na hÉireannaigh used to dealing with the Irish
" Bhí sé soiléir go raibh Barry cleachta le bheith ag déileáil leis na hÉireannaigh agus iad sa Spáinn, agus bhí muid ag caint agus ag gáire taobh istigh de chúpla nóiméad.
ag déileáil leis an cheann dealing with the head
" Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
ag plé le cearta daonna dealing with human rights
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
ag plé lena chomhghleacaithe dealing with his colleagues
" ***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí san earnáil iompair.
ag plé leis dealing with
" Is léachtóir le Bord Fhíon na hÉireann é John McDonnell, fear a thug seacht mbliana ag plé leis an tionscal fíona san Astráil agus a bhí chomh éagsúil lena chomhstiúrthóir is atá cailc le cáis.
Ag plé dealing
" Ag plé le ríomhairí agus le radharc súile a bhíodar.
ag plé dealing
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
seachadadh dealing, delivery
" Má bhí fianaise, fíor nó bréagach, ag an tSeirbhís rúnda go raibh Doherty gníomhach i seachadadh drugaí - rud atá séanta ag a mhuintir - d'fheadfadh siad é a úsáid le brú a chur air obair a dhéanamh ar a son.
caimiléireacht sharp dealing
" Nuair a thit an tóin as Anglo ina dhiaidh sin agus nuair a tháinig caimiléireacht Sean Fitzpatrick chun solais, b’éigean do Drumm éirí as an phost mór.
ag plé le dealing with
" Is dócha freisin go gcuirimid níos mó béim ar mhargaíocht ná foilsitheoirí eile – tá duine againn ag plé le margaíocht go lán-aimsearach.
ag plé dealing
" Chaith siad beirt tréimhsí ag plé leis na trioblóidí ó thuaidh.
is ábhar duit is what you're dealing with
" Bheul, nuair is neamhfhéidearthacht sa chaidrimh idir fir is mná is ábhar duit, cé eile a roghnófása chuige, ach bandia na neamh-infhiosaitheachta ban féinig! ’Sí an fhadhb atá le réiteach ag Kiarostami i gcónaí ná conas aestéiteacht a chruthú nuair is bealach an fhíorama, trí seatanna fada cainteacha, a rogha inste.
ag plé le dealing with
" Is i Maigh Eo is mó a bhím ag obair ar na saolta seo agus dá bhrí sin bím ag plé le cúrsaí réiteoireachta agus oiliúna sa chontae sin.
ag plé le dealing with
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
ag plé le dealing with
" D’fhreastail sé mar Ard-Stiúrthóirí ar RTÉ ó 1996 go dtí 2003 nuair a d'éirigh sé as ach tá sé ar ais ag plé le pictiúr níos mó agus é mar chathaoirleach ar an ÚCÉ.
ag plé le dealing with
" Bhí sé i bhfad níos fhearr ná an rud a bhí aghainne mar bhí siad ag plé le cúrsaí oideachais, cuirim i gcás, bhíodar ag plé le cúrsaí pleanála - rudaí go leor.
dírithe ar dealing with
" Bíonn sciar maith de na leabhair seo dírithe ar na cluichí Gaelacha.
ag gáinneáil ar dealing in
" Is beag faoiseamh a bhí ag Seirbiaigh na Cosaive, ámh, ó thug “buamáil ar son na síochána” de chuid ECAT stát nua do Hashim Thaçi agus a chuid “Arm Saoirse na Cosaive,” nó an eagraíocht choiriúil atá, de réir thuarascáil Chomhairle na hEorpa, ag gáinneáil ar dhrugaí, airm agus ar orgáin an duine féin.
Cibé faoi bheith ag plé le whatever about dealing with
" Cibé faoi bheith ag plé le cúrsaí spóirt, níl mórán acu ag tráchtaireacht.
ag plé le dealing with
" Nuair a chaith Mac Amhlaigh seal ag obair in otharlann, rinne sé cur síos ar imeagla na n-imirceach Éireannach agus iad ag plé le dochtúirí is altraí.
dul i ngleic le dealing with
" Ar an gcéad dul síos, mí Aibreáin seo caite, tháinig an tAire Stáit Dinny Mc Ginley go Cois Fharraige - a chroí san áit ceart, ar ndóigh, mar a deirtear go minic faoi - le straitéis an rialtais a fhógairt maidir le dul i ngleic le díothú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
ag plé le reachtaíocht dealing with legislation
" Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine.
trí eagras ag plé le three organisations dealing with
" Ní bheadh trí eagras ag plé le turasóireacht ar an oileán.
a mhothaíonn beagán caillte inti who feel a little lost in dealing with it
" Tá PoetryBeo ann dóibh sin a thugann grá don Ghaeilge agus dóibh sin a mhothaíonn beagán caillte inti.
ag plé le dealing with
" Tagann tú ar rudaí suimiúla anseo- gurbh é Roger Whitaker a scríobh an ceol don amhrán ‘Cóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes ag tionlacan ar ‘An Damhán Alla’ agus ‘An Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Doherty ag plé le hamhráin Ghaeilge.
ag plé le ceann Chamuis dealing with the one in C.
" B'é an cigire céanna a bhí ag láimhseáil an iarratais seo agus a bhí ag plé le ceann Chamuis.
ag plé leis an státseirbhís dealing with the civil service
" Do throid mo mháthair na cásanna sin i gcónaí agus í ag plé leis an státseirbhís, nó le dreamanna eile, chinntigh sí i gcónaí gur foirmeacha Gaeilge a fuair sí.
scéal caimiléireachta a story of double dealing
" Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair.
ag plé le gnéithe éagsúla dealing with various aspects
" Chuaigh mé chun cainte le déanaí le beirt Ghael óga a chaitheann cuid mhaith fuinnimh ag plé le gnéithe éagsúla de ghnóthaí an chumainn, Ruadhan Ó Feinnéadha agus Aodán Ó Ceallaigh.
an mhangaireacht wheeling and dealing
" An bhfágfaidh siad an mhangaireacht polaitíochta ar leataobh ar mhaithe leis an chogadh a sheachaint? An bhfuil sé de mhisneach acu a bhunreacht a chosaint, nó mar a dúirt Des Ó Máille blianta ó sin, an seasfaidh siad an fód ar son na Poblachta? Beidh súile na hEorpa – agus na Rúise – ag faire orthu go géar.
ag plé le dealing with
" Bhí mé ag plé le cúrsaí oideachais agus le bunú an Chomhchoiste Réamhscolaíochta, le cúrsaí cumarsáide agus le Cúrsaí Stáit mar a thugtaí air ag an am, an cineál oibre a bhíonn ar siúl ag an gCoimisinéir Teanga anois.
an té a mbíonn tú ag plé leis of the person you’re dealing with
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.
ag plé le healaín dealing with the art
" An Duais ==== Ón GÚM: **Haiku más é do thoil é!** Le Gabriel Rosenstock Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku.
ag plé le gortaithe coiriúla dealing with criminal damages
" I ndeireadh na dála, thug binse fiosraithe a bhí ag plé le gortaithe coiriúla £53,000 di mar chúiteamh agus mar fhaoiseamh.
ag plé leis dealing with
" As sin, roghnaíodh mise agus, níl a fhios, b’fhéidir scór eile agus chaith muid roinnt deireadh seachtainí ag plé leis an scríbhneoireacht.
ag plé go huile is go hiomlán dealing entirely
" Chuala mé ansin go dtiocfadh leat céim a bhaint amach sa Léann Cheilteach agus a bheith ag plé go huile is go hiomlán leis an Ghaeilg, le litríocht na Gaeilge, cúrsaí Ceilteacha, achan rud eile.
ag plé le dealing with
" An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d'ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal.
ag plé leis an idirlíon dealing with the internet
" Ritheann sé liom go mbíonn sé deacair uaireanta, go háirithe nuair atá tú ag plé leis an idirlíon, an oscailteacht seo a iompar leat i rith an lae.
ag plé le dealing with
" Fógraíodh an mhí seo chugainn gur bhuaigh scata forbróirí an duais cháiliúil seo toisc gur chreid níos mó ná aon trian de mheitheal moltóirí go raibh siad ag plé le Eugene Goostman, buachaill de trí déag ón Ucráin in ionad a bheith i mbun cumarsáide le clár ríomhaire.
ag plé le foilsitheoir nua dealing with a new publisher
" Cinnte, bhí mé ag iarraidh preab a bhaint as daoine, ag iarraidh rud úr nua a dhéanamh, ach ar an láimh eile, bhí mé ag plé le foilsitheoir nua.
Bhíos ag plé le I was dealing with
" Bhíos ag plé le foilsiú Cuisle na blianta ó shin.
amú ag plé leis wasted dealing with
" Cuireadh am agus fuinneamh na n-eagraíochtaí amú ag plé leis an phrácas ar a dtugtaí 'an tSamhail Nua Maoinithe' sular thit an tóin as a raibh molta.
ag plé leis dealing with
" Tá leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú.