Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cneastacht decency
" Ach, mar a gheobhainn amach, dá mhéad a scéimh is ea is mó a cneastacht is a cineáltas.
féile decency
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
uaisleacht decency of spirit
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
modhúlacht agus samhlaíocht the decency and imagination
" Aisteoireacht Éachtach =========== In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh.
láiche an lucht tacaíochta the supporters’ decency
" Is féidir, le barr míchéadfa, neamart a dhéanamh agus ba cheart láiche an lucht tacaíochta a mholadh go hard nuair is tábhachtaí an tréith áirithe sin ná a lán eile a dhéanaimid sa saol.
láiche na nGael the decency of the Irish
" Chuaigh láiche na nGael, roimh an chluiche, lena linn agus ina dhiaidh, i gcionn go mór ar a lán lán daoine.
ná caillimist an ghnaíúlacht let’s not lose that decency
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
ionracas agus mhacántacht decency and honesty
" Ba é seo ceann des na leabhair ba thábhachtaí dar scríobhadh mar gheall ar ionracas agus mhacántacht na Náisiún Aontaithe ón am ar cruthaíodh an eagraíocht sin i San Francisco tar éis an Dara Chogaidh Domhanda.
macántacht decency
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
i dtaom macántachta tráth in a fit of decency once
" *“At least when I bugger-up, I do it consistently,”* a d'admhaigh an t-údar Ashley Newell i dtaom macántachta tráth ach ní fhéadfaí a leithéid a chur i leith údaráis phleanála na tíre seo ina gcur chuige i leith muilte gaoithe.
is furasta do mhaith féin a roinnt ar it’s easy to share your own decency with
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.