Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cneasta decent
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
gnaíúil good-looking, decent
" Daoine iontach gnaíúil, cairdiúil atá iontu gan dabht, gan aon éirí in airde ag baint leo.
gnaíúil decent
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
gnaíúil decent, generous
" So, idir na seanscéalta agus tírdhreach Chonamara agus chomh gnaíúil is a bhí muintir Chonamara nuair a chuaigh muid ann (mé féin agus mo dheirfiúr), bhí mé ag cur an-spéis sa nGaeilge.
is geanúla most decent
" Níl siopa ná teach tábhairne ná monarcha i gCamus, ach "tá na comharsanaigh ann is geanúla dar chruthaigh an tArd-Rí" agus an-dúil sa spórt acu.
chinn mheasartha decent ones
" "Mura bhfuil Cárta Glas ag daoine sa tír seo anois, tá sé dodhéanta acu a saol a chaitheamh anseo, post ar bith a fháil, gan trácht ar chinn mheasartha.
ar dhóigh iontach gnaíúil in a very decent way
" Cé go ndearna an cailín úr gáire beag leo agus gur chlaon sí a ceann ina dtreo ar dhóigh iontach gnaíúil, ba bheag an tsócmhainn di é.
dhá thréith fhiúntacha two decent traits
" Bhí sé ina mholtóir ar chomórtas litríochta de chuid an Oireachtais agus tá dhá thréith fhiúntacha de chuid na nGael ag baint leis: mórtas cine, ach meas ag an am chéanna ar an chuid eile den chine daonna.
gnúis ghnaíúil dhóighiúil the decent handsome frown
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
infheistíocht fhiúntach a mhealladh to attract decent investment
" Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
cneasta decent
" Is duine séimh, cneasta agus lách é.
duine gnaoíúil decent person
" Cé chomh tiubh is atá na daoine seo! Caithfear seasamh leis an cheart i gcónaí is an duine gnaoíúil a chosaint in áit a ionsaí le córas iomlán an stáit.
turnamh decent, abatement
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
caoinbhéasach decent
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.
ghnáthdhaoine ‘measúla’ ordinary decent people
" Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an dóigh a léiríonn sé saol an lucht oibre diúltach, mar ní thugann sé mórán aird ar ghnáthdhaoine ‘measúla’, daoine nach mbíonn ag eascainí nó ag ól barraíochta.
Is dream macánta a decent group
" Is dream macánta, ionraic iad na Ceanadaigh.
groíúil decent
" Tá daoine cairdiúil, oscailte agus groíúil ann.
cúthail, modhúil shy and decent
" Bhí sí ag tarraingt scairf bhán siar agus aniar thar a héadan le taispeáint don chomhluadar gur chailín cúthail, modhúil a bhí inti.
daoine gnaíúla decent people
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
as dea-iarracht bheag a dhéanamh from making a small decent effort
" Is é nach dtuigeann a lán daoine gur féidir an teanga Cheilteach eile seo a thuiscint agus a labhairt as dea-iarracht bheag a dhéanamh le roinnt focal nua a fhoghlaim agus le roinnt bheag éagosúlachtaí an dá theanga a fhoghlaim.
Ar nós gach comhcheilg le dealramh like all decent conspiracies
" Ar nós gach comhcheilg le dealramh, bhí baint lárnach ag an Eaglais Chaitliceach leis mar go raibh an teanga ag feidhmiú mar a bheadh *“barrier to foreign influences.
go deas, urramach agus béasach nice, decent and respectful
" An aicme a thapaigh an deis lena dtuairim a chur in iúl, caithfear a rá go raibh siad go deas, urramach agus béasach lena chéile ar feadh i bhfad.
Suáilceach agus Sochainteach decent and easy to talk to
" Suáilceach agus Sochainteach ========== San ollscoil ina raibh mé féin ag múineadh is ag stáidéar, chaith mé laethanta is oícheanta ag éisteacht is ag caint le mic léinn eile faoi ábhair mhóra ár linne.
Fomhórach mór groí ar leathshúil a large decent one-eyed Fomorian
" **Balor: Ní bheadh spéis agat Fomhórach mór groí ar leathshúil a thabhairt abhaile leat, is dócha?** Michelle: Bhuel, a Bhaloir, feictear dom nach mbeadh fadhb ar bith ag Barack le leipreachán, ach Fomhórach mór groí, le súil nimhe amháin i lár chlár a éadain? Ní shílim go mbeadh sé sásta.
Fear fuinniúil, flaithiúil darb ainm a decent energetic man called
" Fear fuinniúil, flaithiúil darb ainm Michael Schneider atá i mbun na háite.
dhream fial flaithiúil a decent and generous people
" Bhain a mhuintir le pobal beag Críostaithe a bhí bunaithe ag Naomh Pól sa gcéad aois agus bhí cáil ar Nioclás agus a theaghlach mar dhream fial flaithiúil.
a dhaoine córa decent folk
" Go raibh maith agaibh, a dhaoine córa! Tá an t-ardú mheanman sin tábhachtach dúinn freisin, ó táimid ag rith trí fhobhailte anois nach n-aithním in aon chor.
i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair so they won’t drive any decent person out of their mind
" Tar anso amárach, a Niocláis,” ar seisean leis an mbearbóir, “agus déanfaimid tine chnámh de na leabhraibh mallaithe seo, i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair go deo arís.
gnaoiúil decent
" Ní hamháin gur fear gnaoiúil é, fear na Feothanaí, Dáithí Ó Sé, ach is fear machnamhach é chomh maith.