Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chinn mé decided
" Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile.
chinn sé ar he decided
" Ag an am sin, chaith sé tréimhse ag obair go lánaimseartha leis na príosúnaigh phoblachtánacha a bhí ar stailc ocrais agus ansin chinn sé ar dhul isteach i Sinn Féin.
gur chinn siad that they decided
" ) Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí "gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.
chinn sí ar she decided
" Tar éis cúig bliana sa Tuirc, áfach, bhraith sí go raibh an Ghaeilge "ag éalú uaithi" agus chinn sí ar fhilleadh go hÉirinn.
Bheartaíomar ar we decided to
" Bheartaíomar ar an deis a thapú chun comhlacht ceart a bhunú.
Chinn Rob ar Rob decided
" Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
chinneamar ar we decided
" I ndiaidh seachtain a chaitheamh ag codladh i bpuball, chinneamar ar lóistín na hoíche a fháil in óstán in Perugia.
Beartaíodh ar an ainm seo this name was decided upon
" Beartaíodh ar an ainm seo chun an comhthéacs Albanach-Éireannach a léiriú mar aon le neamhsheicteachas an chlub.
chinn mé ar I decided
" Nuair a bhí mé ansin ag an Cháisc, níorbh fhéidir liom gan géilleadh don chathú, agus chinn mé ar lá a chaitheamh ar Inis Meáin.
Chinn sé he decided
" Chinn sé ina dhiaidh sin ar dhíriú ar an cheol den chuid is mó.
breithiúnas a thabhairt to decide
" "Cuirfidh muid an t-eolas ar fad amach ansin agus fágfaidh muid faoin chuairteoir féin breithiúnas a thabhairt," arsa Tolle, a fuair amach agus an t-ionad á dhearadh aige gur Chaitlicigh darbh ainm Brady cuid dá shinsear, a chuaigh ar imirce ó Ard Mhacha.
chinn mé ar I decided
" Ní shílim go bhfuil mo leithéidí féin ábalta dul i bhfeidhm ar dhóigh úsáideach ar chúrsaí sa Tuaisceart na laethanta seo, dá bhrí sin chinn mé ar níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh den réigiún.
chinn sé ar he decided
" Bhí an deis aige fanacht in RTÉ agus tuilleadh oibre a dhéanamh ar an teilifís ach chinn sé ar dhíriú isteach ar an scríbhneoireacht.
chinn sí air she decided
" I 1982, chinn sí air sin a dhéanamh.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid just decide to stand on the street
" Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
, má chinneann na Chieftains if the Chieftains decide
" " Tá Carolan den tuairim nach bhfuil cláirseoir traidisiúnta eile beo atá inchurtha le Bell agus, má chinneann na Chieftains ar dhuine a fháil ina áit, gurbh fhearr dóibh ceoltóir a sheinneann uirlis eile a roghnú.
chinn sé ar he decided
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht he decided to return to teaching
" D'éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht.
chinn sé ar he decided to
" Ar ndóigh, d'ainneoin an mhothúcháin sin, chinn sé ar shacar idirnáisiúnta a imirt le Sasana, agus bhí sé go hiontach i gCorn an Domhain i Meicsiceo i 1986.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
Chinn mé ar I decided
" "Chinn mé ar phost a fháil i scoil stáit," a deir sí, "mar d'fhreastail mé féin ar scoil phríobháideach, agus ba mhian liom dearcadh níos leithne a fháil.
Chinn Balor ar Balor decided
" Chinn Balor ar a Shúil Nimhe a chaitheamh siar ar an Bhliain 2002.
a bheartú to decide
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
a chinneann which decide
" Tá rialacha agus dlíthe ann a chinneann agus a riarann a leithéid.
chinn sé ar he decided
" Faoin am a bhí an dlúthdhiosca críochnaithe aige, áfach, bhí sé ceithre bliana is fiche d'aois, mar sin chinn sé ar an teideal a athrú.
a dtodhchaí féin a shocrú to decide their own future
" Tá sé de cheart ag saoránaigh gach tíre a dtodhchaí féin a shocrú gan tíortha eile a bheith ag cur a ladar isteach ina ngnóthaí.
Chinn sí she decided
" Chinn sí ansin ar shos gairme a ghlacadh ach ní raibh a fhios aici cad é a dhéanfadh sí.
Chinn Allen Allen decided
" Chinn Allen, mar sin, ar thréimhse a chaitheamh i Meiriceá.
chinn sí ar she decided
" " I ndiaidh na céime, chinn sí ar iarracht eile a dhéanamh dul leis an múinteoireacht agus d'éirigh léi an t-am seo.
bheartaigh siad they decided
" In aimsir an drochshaoil tharla sé go raibh deacrachtaí airgid ag an chlann agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol.
dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin if the government decided to appoint the members themselves
" Is léir ó seo gur beag cur i gcoinne a bheadh ann ón phobal dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin don chomhairle preas nua atá le bunú (agus táthar ag rá go dtarlóidh sé seo).
bheartaigh siad ar fhéile a eagrú they decided to organize a festival
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
Chinn siad ar they decided
" Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin, agus tá an-rath ar an imeacht ó shin i leith.
má chinneann sé ar chur faoi ansin if he decides to settle there
" Cailliúint mhór a bheas ann d'Éirinn má chinneann sé ar chur faoi ansin go fadtéarmach ach cé a mhaífeadh sonas ar dhuine ar bith ina shaol?
go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann until I decided to immerse myself totally in it
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
Beartaíodh it was decided
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
thogair sé he decided
" Nuair a d'fhill Peadar ar an gcoill thogair sé go mbainfeadh sé sláimín cnónna, a raibh barr maith acu ar chúpla crann le ciumhais na coille, a thabharfadh sé do ghasúir Sheáin Liam.
dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda if they decided to start fighting again
" Níl aon dabht ach go mbeadh an-chuid le cailliúint ag poblachtánaigh dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda.
chinn siad ar they decided
" Dála go leor dá nglúin, áfach, chinn siad ar a gclann a thógáil le Béarla.
nuair a cinneadh when it was decided
" Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar "sheirbhísí" síolraithe an chapaill chéanna.
chinn muid ar we decided
" "Bhí teaghlach Joe Jack agus mo chlannsa ag fás aníos agus chinn muid ar cheol uirlise a theagasc dár bpáistí.
gur shocraigh an coiste eagrúcháin that the organizing committee decided
" D'éirigh chomh mhaith sin léi mar ócáid gur shocraigh an coiste eagrúcháin an fhéile a chur ar siúl an bhliain dár gcionn i bhfómós Packie Manus Byrne, scéalaí áitiúil.
chinn mé ar I decided
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil she decided to get stuck into planning the novel
" Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.
ní mór cinneadh a dhéanamh cén táirge atá á dhíol it is necessary to decide what product is being sold
" Sula ndírítear ar mhargadh, ní mór cinneadh a dhéanamh cén táirge atá á dhíol.
shocraigh mé I decided
" Ag an am céanna, agus chomh maith leis an rang seachtainiúil i nGlaschú, shocraigh mé go rachainn ar chúrsaí teanga in Éirinn.
a chinn ar éalú who decided to escape
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh if it was decided to do such a thing
" Ní hamháin sin, ach dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh, bheadh moill mhór ar thógáil an bhóthair nua.
chinn an rialtas ar the government decided
" Ar an ábhar sin, chinn an rialtas ar chúram na hoibre taighde ar na logainmneacha a chur ar rannóg úr le foireann bhuan agus sa bhliain 1956 bunaíodh An Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis.
chinn mé ar í a fhoghlaim I decided to learn it
" De réir a chéile d’fhás mo shuim sa Ghaeilge, agus chinn mé ar í a fhoghlaim.
chinneadar ar they decided to
" Mar sin, chinneadar ar chomhlacht stáit a bhunú.
chinn mé ar í a fhoghlaim I decided to learn it
" De réir a chéile d’fhás mo shuim sa Ghaeilge, agus chinn mé ar í a fhoghlaim.
shocróidís they would decide
" Cad as a dtiocfadh an 200,000 paisinéir nua (nó 100,000 duine ag déanamh turas fillte)? Bhuel, bheadh roinnt díobh ina bpaisinéirí nua: shocróidís an turas go Baile Átha Cliath (nó go Ciarraí) a dhéanamh de bharr sheirbhís nua Ryanair bheith ar fáil agus ní dhéanfaidís an turas mura mbeadh sí ann.
Chinn sé an samhradh sin ar chur faoi i gConamara. He decided that summer to settle in Conamara.
" Chinn sé an samhradh sin ar chur faoi i gConamara.
chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar Seán decided to get stuck into the studying
" ” Céim oíche ======= Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar.
chinn sí ar she decided
" ” Bhí post buan aici i scoil in aice le Baile Bhlainséir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach chinn sí ar aghaidh a thabhairt ar an iarthar agus tabhairt faoi chúrsa nua a bhí á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimhe (mar a bhí air ag an am), is é sin an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid.
gur bheartaigh sí that she decided
" Ag an nóiméad deireanach, sular fhág mé Éirinn, chuir mé scéala chuig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, faoin gcomórtas nua agus bhí sí chomh sásta sin cloisteáil faoi gur bheartaigh sí a beannacht a thabhairt do *Global Gaeilge *nuair a bheadh sí thall i Milwaukee, rud a rinne sí ar an Satharn, 20 Lúnasa.
socraíodh gur mhithid it was decided that it was time
" De bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis an gcúrsa agus an oiliúint ghairmiúil a bhí mic léinn a fháil, socraíodh gur mhithid Céim M.
Bheartaigh mé I decided
" Bheartaigh mé, agus cinneadh coinsiasach a bhí ann, dul i measc an phobail chomh mór agus a d’fhéadfainn, dul ag chuile ócáid ag a bhfuair mé cuireadh.
socraíodh gur mhithid it was decided that it was time
" De bharr chomh maith agus a bhí ag éirí leis an gcúrsa agus an oiliúint ghairmiúil a bhí mic léinn a fháil, socraíodh gur mhithid Céim M.
Chinn muid ar thuras a dhéanamh we decided to make a journey
" “Chinn muid ar thuras a dhéanamh ó Dhoire go dtí Í Cholm Cille, mar a rinne an naomh féin.
chinn coiste an chontae ar the county committee decided
" Ach bhí imreoirí éagsúla nach raibh ar fáil ar chúis amháin nó ar chúis eile agus, ar deireadh thiar, chinn coiste an chontae ar Humphrey a bhriseadh as a phost.
chinn mé ar I decided
" “Nuair a fógraíodh post an bhainisteora níor smaoinigh mé mórán air de bharr go raibh mé sásta san áit a raibh mé, ach tar éis tamaill bhig thosaigh mé ag machnamh air arís agus chinn mé ar chur isteach ar an bpost díreach sula ndeachaigh mé ar mo laethanta saoire go tuaisceart na Spáinne, áit a ndearna mé cuid den Camino de Santiago.
chinn Muireann ar Muireann decided
" ” In ainneoin na béime seo ar an eolaíocht sa scoil, agus in ainneoin gur Ollamh le Fisic ab ea a hathair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, chinn Muireann ar chéim a dhéanamh sna healaíona.
chinn sé ar fhanacht sa mbaile he decided to stay at home
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
Chinn sé ar dhul ann he decided to go there
" “Ní raibh a fhios agam cá raibh Toraigh – níor chuala mé faoi riamh!” Chinn sé ar dhul ann sa deireadh, áfach.
chinneamar ar we decided
" Bhí muid réasúnta sásta leis ach bhí ní éigin in easnamh agus chinneamar ar chuireadh a thabhairt do Liam Ó Maonlaí an pianó a sheinnt air.
chinn sí ar éirí as an obair sin she decide to give up that work
" ” Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin.
chinn mo thuismitheoirí ar my parents decided
" Ar an drochuair bhí cúrsaí geilleagair go han-dona in Éirinn ag am sin agus chinn mo thuismitheoirí ar dhul go Sasana mar gheall ar go raibh sé níb fhusa obair a fháil.
bheartaigh mé ar I decided
" Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” Ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: (www.
gur bheartaigh tú sin a dhéanamh that you decided to do that
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
bheartaigh sé ar he decided
" Óir, agus é in aire, bheartaigh sé ar thaisteal saor in aisce a thabhairt do phinsinéirí agus ghlac céimeanna le cearta na mbaintreach a chosaint.
chinneamar ar we decided
" Bhí taifeadadh déanta againn den oíche agus bhí sé beagnach maith go leor le heisiúint mar albam beo ach chinneamar ar albam stiúideo a dhéanamh ina ionad – bhíomar cinnte go raibh breis le fáil as na píosaí ceoil.
a chinn treo an pholasaí who decided the direction of the policy
" Ach ba é Haughey a chinn treo an pholasaí i leith an Tuaiscirt riamh.
dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar if the Department of Education decided
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici Ó Ciardha decided to write to her
" Bhí Máire Geoghegan-Quinn díreach ceaptha mar Aire Cumarsáide agus chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici agus comhairle a chur uirthi.
bheartaigh muid ón tús we decided
" Mar sin, bheartaigh muid ón tús go ndéanfadh muid méadú ar an soláthar Gaeilge sin agus go mbainfeadh muid fad as agus go ndéanfadh muid le cabhair athchraolta é agus rudaí eile ar nós imeachtaí Dála agus seanchluichí peile.
chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach. he decided, therefore, to do a masters in applied linguistics.
" Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach.
shocraíodar dul i dtír they decided to go ashore
" Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.
chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo I decided to spend some time with them
" Ní raibh sé i gceist agam dul go dtí an Astráil ar an turas seo in aon chor, ach nuair a shocraigh mo chairde dul ann, chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo agus blaiseadh a fháil de shaol na hAstráile.
cinneadh a dhéanamh to decide
" Bhí dhá leagan ós ár gcomhair ar an scáileán agus ní raibh muid in ann cinneadh a dhéanamh cé acu a roghnóimis mar chlúdach oifigiúil.
chinn mé ar thaighde a dhéanamh I decided to study
" Níorbh fhéidir staidéar a dhéanamh ar an cheol áit ar bith, mar sin chinn mé ar thaighde a dhéanamh ar stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre i rith an lae agus bheith ag seinm ceoil istoíche.
Beartaím bogadh chun cinn, I decide to move ahead,
" Beartaím bogadh chun cinn, áfach.
chinn mé ar I decided
" Bhí réamhaisnéis na haimsire go maith don lá dár gcionn (Déardaoin) agus chinn mé ar dhul suas Guastatoppen i m’aonar.
chinn siad ar they decided
" D’éirigh go han-mhaith leis agus chinn siad ar thaispeántas eile, Gweledigaeth Geltaidd / Celtic Vision, a chur ar siúl sa chlub Éireannach in Eaton Square, Londain.
bheartaíos dul amach i gcadhc I decided to go out in a kayak
" Tar éis tráthnóna chiúin sna huaimheanna leis na péisteanna, bheartaíos dul amach i gcadhc i gCaolas Milford (ar fiord é i ndáiríre), atá cúpla uair an chloig siar ó Te Anau.
shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche. he decided that he'd attend the game.
" Bhí athair Peter náirithe agus shocraigh sé go bhfreastalódh sé ar an gcluiche.
Chinn mé ar iarracht a dhéanamh I decided to make an effort
" Chinn mé ar iarracht a dhéanamh teacht ar ais anseo ar bhonn níos fadtéarmaí agus d’éirigh liom post (gan íocaíocht, ach nach cuma!) a fháil le comhlacht a eagraíonn *safaris* ar dhroim capall ar an Nyika Plateau, i dtuaisceart na tíre.
gur chinn sé ar that he decided
" Eisean a thóg an músaem i 1938, agus thaitin an radharc trasna na habhann chomh mór sin leis gur chinn sé ar an talamh go léir ar thaobh eile na habhann a cheannach, ar eagla go bhforbrófaí é.
chinn mé ar é a dhéanamh I decided to do it
" Ag an Scoil Fhómhair anuraidh luaigh Alan Corsini, duine den choiste, é agus chinn mé ar é a dhéanamh chomh luath agus a d’fhéadfainn.
bheartaigh mé ar I decided
" Ansin bheartaigh mé ar na foinn don chláirseach a bheith seinnte ar an gcláirseach.
bheartaigh mé I decided
" Ar eagla go gceapann aon duine go bhfuil mé ró-dhiúltach mar dhuine, bheartaigh mé go mbeinn níos dearfaí an mhí seo.
go bhfuil sé beartaithe acu that they have decided
" Agus mar chuid den tástáil seo, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé beartaithe acu meastóireacht a dhéanamh ar chóras teagmhála ríomhphoist idir an pobal agus stáisiúin ghardaí a fhorbairt.
Chinn siad ar labhairt leo they decided to speak to them
" Chinn siad ar labhairt leo faoi rud den chineál céanna a dhéanamh i Learpholl.
shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc I decided to give up the job in the bank
" Agus leis sin shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc agus bhog mé go hÉirinn le cabhair ó na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu.
Shocraigh na mic The sons decided
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
chinn mo thuismitheoirí my parents decided
" Agus mé i rang a sé sa scoil náisiúnta, chinn mo thuismitheoirí ar mé a chur go meánscoil áitiúil de chuid na mBráithre de La Salle.
bheartaigh mé I decided
" Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc.
chinn mé I decided
" Rith go leor smaointe eile liom, agus chinn mé go raibh ábhar scannáin ansin.
Chinn sé He decided
" Chinn sé go luath go mbeadh sé ina shár-rachmasaí dá mbeadh sé chun a bheith ina rachmasaí ar chor ar bith.