Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tiomnaite do dedicated
" Baineadh na crainnte ghiúsacha sa choill is mó atá ann sa mbliain 2000 mar chuid de tionscadal mílaoise Coillte Teoranta, agus tá crainnte dúchasacha na tíre curtha ina n-áit, gach crann tiomnaite do chlann faoi leith.
tiomnaithe dedicated
" Tá an té a bhfuil an Amharclann nua tiomnaithe dó, an file áitiúil Cathal Ó Searcaigh, ag tabhairt treorach agus comhairle dóibh.
Tiomnaithe do dedicated to
" Ag an deireadh, tagann na focail seo ar an scáileán: "Tiomnaithe do na páistí uilig atá ina n-íospartaigh chogaidh".
tiomnaithe go hiomlán totally dedicated
" Má bhí an rilleán thuas riamh ag déanamh tinnis duit, nó má bhí tú riamh fiosrach faoi fhir na léinte dubha (nó dearga nó buí) tá deis iontach anois agat freagra agus tuiscint níos fearr a fháil ar mar scéal mar tá leabhar nua ar an margadh atá tiomnaithe go hiomlán do réiteoirí an Chumainn Lúthchleas Gael.
tiomnaithe do dedicated to
" Cé go bhfuil an leabhar seo faoi agus tiomnaithe do Sheán Boylan is féidir a rá go bhfuil oiread céanna bainte ag an leabhar leis na himreoirí go léir a labhrann ann agus na cluichí móra a d'imir siad, agus na foirne éagsúla a chuir Seán Boylan chun páirce.
Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil they dedicated their annual report
" Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d'aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.
tiomnaithe di dedicated to her
" Tá iarsmaí séipéil bhig tiomnaithe di ar láithreán álainn ar cheann tíre in aice leis an fharraige, nach bhfuil i bhfad ó bhaile Naomh Daithí.
ag tiomnú an phóstaera dedicating the poster
" Cad é an bronntanas atá Balor ag gabháil a thabhairt d’fhear Chorcaí, más ea? Seanphoóstaer d’fhear óg i ngeansaí sacair na Sé Chontae, gealgháire ar a ghnúis agus loinnir ina shúile; scrábáil mhór faoi bhun an phictiúir ag tiomnú an phóstaera dá chara Roy Ó Keanó, sínithe ag *Seoirse Is Fearr*.
tiomnaithe dá chuimhne dedicated to his memory
" Bhí gach onóir peile buaite aige faoin am gur bhásaigh sé agus tá an Corn a bhronntar ar bhuaiteoirí na gcluichí peile faoi na rialacha idirnáisiúnta tiomnaithe dá chuimhne anois.
a thiomnú to dedicate
" Chuaigh sé ansin i mí na Samhna na bliana céanna chun cill na saighdiúirí a thiomnú, agus thug óráid ghairid os comhair 15,000 duine.
tiomnaithe dedicated
" Tá an t-eagrán aige den *An tOileánach* tiomnaithe do Kelleher, rud a léiríonn an meas atá ag an gCoileánach air.
a thiomnaigh sé do which he dedicated to
" Bhunaigh sé séipéal anseo, a thiomnaigh sé do Naomh Martan as Tours.
tiomnaithe do dedicated to
" Túr an-ardRoimhe seo, bhí ardeaglais eile ann, tiomnaithe do Naomh Rule nó Regulus.
lucht éisteachta díograiseach dedicated listeners, fans
" Dar ndóigh, tá lucht éisteachta díograiseach ag na ceoltóirí seo, daoine atá splanctha ina ndiaidh.
lucht leanúna díograiseach dedicated following
" ” Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac sé le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair.
tiomanta dedicated, driven
" Tá foireann bhríomhar agus spreagúil ag tacú léi na laethanta seo, atá chomh tiomanta céanna don Ghaeilge agus atá sí féin.
tiomnaithe dedicated
" Fiú im’ ollscoil féin, tá seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu.
tiomnaithe dedicated
" Faoi láthair tá Clár Máistrí agus Printíseach acu atá tiomnaithe do thaifeadadh agus do dhoiciméadú na teanga.
tiomanta dedicated
" Tá an dá rialtas tiomanta do chuairt ón Bhanríon Eilís, nuair a bheas an t-am fóirsteanach fána choinne.
tiomanta dedicated
" Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin.
thiomnaigh sé he dedicated
" Is ón tréimhse seo a fuair Flanagan an spreagadh dá shaothar ‘Boglands’ agus thiomnaigh sé dá chara Seamus Heaney é.
tiomnaithe dedicated
" Dar leis an eagraíocht féin, tá sí tiomnaithe do thacú le saoirse an duine trí ghuthanna easaontóirí ar líne sa domhan Arabach agus san Iaráin a chur chun cinn, nó i bhfocail an dream a sheol an tionscadal, bhí sé mar aidhm aige *“to research and focus attention on the online activities of democracy advocates and dissidents in the Middle East, in the hope of empowering them at home and raising awareness of their plight abroad.
tiománta ar dedicated
" Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire ================ Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta.
tiomnaithe do dedicated to
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo he dedicates this lively song
" Roghnaíonn sé “*My Indian Red*” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh *St Joseph’s Night* de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.
chomh tiománta so dedicated
" Bhí an fear seo chomh tiománta don togra seo gur chruthaigh sé bunachar amanta cócaireachta micrea-oigheann ar líne le gabháil leis.
in ómós d'áilleacht na háite dedicated to the place’s beauty
" Tharla leathbhliain roimhe sin agus mé i mo shuí sa halla céanna ag éisteacht le ceol gur scríobh mé sliocht i mBreatnais in ómós d'áilleacht na háite.
tá sé tiomanta he is dedicated
" Tá meas agam ar Rónán, tá intinn ghéar aige agus tá sé tiomanta.
tiomnaíodh dedicated to
" Fuair Ken Ó Donnchú ábhar domhain machnaimh ar shuíomh idirlín a tiomnaíodh do Jan Palach, an féiníobartach a losc é féin i gCathair Phrág sa bhliain 1969.