Pota Focal Intergaelic
dead | ded | deem | deep | deer
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhartha deeds
" Smaoinigh air: 10-15,000 ball den IRA ag siúl síos Sráid Uí Chonaill fána mbratacha ómóis do laochra agus gníomhartha Óglaigh na hÉireann.
ghníomhartha deeds
" Fuair sé 200 cárta ó mhuintir na háite nuair a bhí sé sa phríosún ar dtús, ach de réir a chéile tháinig an scéal amach faoina ghníomhartha, rud a bhain geit as na daoine.
ainghníomh evil deed
" Deir daoine eile gur cheart pionós géar a ghearradh orthu siúd a dhéanann an t-ainghníomh agus go bhfuil an t-ádh orthu a bheith ina gcónaí san Iodáil, áit nach bhfuil aon phionós báis.
na gníomhartha is cruálaí the cruelest deeds
" Déanann cuid acu iarracht na gníomhartha is cruálaí a mhíniú trí chúis éigin shíceolaíoch a aimsiú.
gníomhartha deeds, actions
" Dálta Tony Blair, tá siad féin ag iarraidh go gcuirfí gníomhartha i gcrích.
gníomhartha deeds
" Ba chúis bhróid dó gníomhartha a sheanathar, ach d'admhaigh sé ní raibh a lán eolais aige faoin scéal.
gníomhartha tromchúiseacha grave deeds
" Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fianaise sách láidir anois i seilbh Fhiosrúchán Barron a léiríonn go raibh an toil, sna seachtóidí ar a laghad, i réimsí áirithe d'Arm na Breataine gníomhartha tromchúiseacha a chur i gcrích faoi rún, ar dhá thaobh na teorann.
gníomh stairiúil historic deed
" Rinne iománaithe Bhiorra gníomh stairiúil tré Chraobh Chlub na hÉireann a bhuachaint den cheathrú huair, éacht nach bhfuil déanta ag aon chlub eile in aon chontae eile, is cuma an bhfuil tú ag caint faoi Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Chorcaigh nó in aon chontae eile sa tír.
Gníomh mínáireach infamous deed
" Gníomh mínáireach, dar leosan, a bhí i dtacaíocht an mhéara don chosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, cosc a raibh go leor de na hÉireannaigh - idir úinéirí na mbeár agus chustaiméirí - ina choinne.
an beart the deed
" Theip ar na polaiteoirí an beart a dhéanamh nuair a bhí an deis ann teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip.
gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe a substantial deed of decommissioning
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
gníomhartha barbartha barbaric deeds
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
beart deed
" Mura n-éiríonn léise maolú a dhéanamh ar an ghéarchéim atá sa chóras sláinte, is beag seans go n-éireoidh le duine ar bith eile an beart a dhéanamh.
gníomh mór carthanachta a big charitable deed
" DENIS: Ba mhaith léi gníomh mór carthanachta a dhéanamh as a faillí.
gníomh mór aithreachais a big deed of repentance
" MOLLY: Cad é? MÁNAS: Ba mhaith liom gníomh mór aithreachais a dhéanamh sula dtugaim faoi.
ainbhearta evil deeds
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
ghníomh danartha cruel deed
" “*Extraordinary Renditions*” a thugtar ar an ghníomh danartha seo atá mar dhlúth is inneach de chath na Meiriceánach i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
ghníomh fiúntach worthwhile deed
" Ní tharlóidh aon ghníomh fiúntach a chuirfidh feabhas ar chúrsaí sa bhliain atá romhainn.
achan mhíghníomh every evil deed
" Creidfidh *Love Ulster* gur ionsaí orthu féin a bhí in achan mhíghníomh a tharla an deireadh seachtaine seo caite, ach bhí i bhfad Éireann níos mó taobh thiar de chlampar an tSathairn seo caite, rud nár thuig na polaiteoirí agus, ach go háirithe, b’fhéidir, na Gardaí.
beart deed
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
an ndéanfadh Paisley an beart? would Paisley do the deed?
" Cuireadh an cheist go minic an ndéanfadh Paisley an beart? Bhí siad ann a chreid nach ndéanfadh sé choíche, choíche, choíche é – frása a bhí i litir Stone chuig an *Belfast Telegraph*.
gníomhartha gaisce warrior deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
bearta laochais heroic deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
dhleathaíocht an ghnímh the legality of the deed
" Is cuma cad a cheaptar faoi dhleathaíocht an ghnímh, is cumarsáid atá ansin freisin.
gníomhartha deeds
" “Mar a deir sé sa preamble: “De bhrí gur thionscain an neamhaird agus an mímheas ar chearta an duine gníomhartha barbartha .
dhrochbheart evil deed
" Ba i mbothóig i gcúl an tí a bhí láthair an uafáis, an áit a dtéadh sé i bhfolach ón tsaol mhór chun a dhrochbheart a chur i gcrích.
gníomh gránna horrible deed
" B'ansin a dhéanadh sé an gníomh gránna agus é as amharc an tslua.
drochghníomh evil deed
" Ach chuile uair, i ndiaidh dó an drochghníomh a dhéanamh, thagadh sé ar ais ón dorchadas, gan aon athrú air, mar bheadh gnáthdhuine ann.
gníomhartha actions, deeds
" Nuair a chuir Vladimir Putin deireadh le creachadóireacht na n-olagarcach, cháin John McCain gníomhartha Putin mar “a creeping coup against the forces of democracy and market capitalism.
ghníomh action, deed
" Bhí brón air nuair a d' admhaigh sé seo don nuachtán áitiiuil, ach caithfidh mé a rá gur chuir a ghníomh fearg orm.
éacht deed
" Tá dhá ghrianghraf a tógadh ón aer de Pháirc an Phiarsaigh i gclár na bliana a thugann léargas an-mhaith ar an éacht a rinneadh: páirc ghlas, chothrom agus criathrach agus sliabh donn, scáinte ina timpeall.
feall evil deed
" Cead a gCinn do na feallairí “*Scratch a counterintelligence officer in the U.
gníomh deed, act
" Ach cheana féin tá an straitéis cheilte seo á lua mar an gníomh is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát.
gníomh a deed
" Bhí suim aige i bpolaitíocht na tíre agus bhí sé gnóthach i bhfeachtas in éadan an rialtais ag an am – gníomh a spreag é chun an Ungáir a fhágáil le dul go Berlin agus ansin chuig an Fhrainc.
feall evil deed
" Bhí an baol ann go n-imreoidís feall ar an phobal Moslamach agus go leathnódh an deighilt idir an dá phobal.
gníomhartha deeds
" Cuireann na heagrais Ghaeilge fearadh na fáilte roimhe agus iad ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát.
beart deed
" Seo mar a bhí beartaithe: 2009 Annus mirabilis na Gaeilge: Foilsíonn an Rialtas a straitéis 20 bliain don teanga agus a phlean tarrthála don Ghaeltacht.
i mbun ghnímh doing the deed
" Tá maicín óg thart ar dhá bhliain d’aois ag an mbeirt a thagann orthu i mbun ghnímh.
gníomhartha uafáis horrible deeds
" An Fo-Chomhfhios Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir sí uirthi féin is ar a fear istigh sa choill.
éacht deed
" Is abhcóide cleachtais í, léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Seanadóir agus is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin.
bheart deed
" org/wiki/David_Blunkett) Ach an raibh a bheart de réir a bhriathair? Nuair a chuir mé scairt ar Roinn Oideachas inniu (14.
gníomh deed, act
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Moslamaigh fuarchroíocha ag ceiliúradh gníomh sceimhlitheoireachta eile.
ghníomhartha acts, deeds
" Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais? Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás.
Beart a deed
" Beart a fhágann an lia san otharlann.
beart fealltach foul deed
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
gníomh deed
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
fhill dirty deed, foul
" com/watch?v=juYmKSYQiy0) Chríochnaigh an cluiche go gairid i ndiaidh an fhill agus de réir na n-údar agus lucht saineolais, chaill an fhoireann ab fhearr.
ghníomh deed
" Scríobh mé faoi ghníomh míchlúiteach Thierry Henry san eagrán deireanach de Bheo, ach le fírinne ní fhaca mé gníomh níos suaraí (seachas an mhéar a shá i súil imreora eile mar a tharlaíonn sa rugbaí) in aon chluiche ná iománaí ag tarraingt nó ag brú clogad a chéile comhraic nó ag scaoileadh smigiris an chlogaid d’aon turas le linn na himeartha le cur as dó.
miongníomhartha petty deeds
" Is cuimhin liom blianta ó shin gur léirigh mo dhearthair a mhíshásamh leis an idirlíon, ag rá faoin mbealach a dtaispeántaí sna meáin é: “Cén fáth go léirítear i gcónaí é le daoine i mbun gníomhaíochta? Ag léimt san aeir? Le cuma ridirí rollercoaster orthu? Ag baint taitnimh as an saol amuigh faoin aer?” Déanta na firínne, dar leis, is i seomraí beaga sa dorchadas a tharla na miongníomhartha a bhain leis an saol seo ar líne.
beart deed
" Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
ghníomh urraime a respectful deed
" Tugadh Maman ar na damháin alla seo mar ghníomh urraime dá máthair, Joséphine, bean a bhí foighneach, airgtheach agus fuinniúil.
gníomhartha fill foul deeds
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
ghníomhartha fill fould deeds
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
ngníomh deed, act
" Cén fáth nach gcuirfí fionraí ar feadh an chomórtais ar imreoir atá ciontach i ngníomh foréigin le linn chluiche sa chomórtas sin? An Réiteach ===== Baineann an fhadhb chomh maith le ceist na dílseachta sa Chumann.
gníomh deed, action
" Ach sa chluiche fichille idirnáisiúnta seo is gníomh polaitiúil fiú an turas eolaíochta, ach go háirithe nuair ba é sprioc na heolaíochta céanna ná samplaí de Dhroim Lomonosov a bhailiú.
gníomhais talún land deeds
" Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
Gníomh suarach a mean deed
an beart a dhéanamh to do the deed
" Díreach agus Ibrahim ar tí an beart a dhéanamh, taibhsíodh dó an t-ardaingeal Gaibriéil a dúirt leis go raibh muinín ag Dia ann agus nár ghá dó a mhac a íobairt.
beart a deed, something
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
ina beart by her deed
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
gur treise beart ná focal that deeds speak louder than words
" Páirc an Chrócaigh ========== Más fíor gur treise beart ná focal, agus creidim gur fíor, labhair na bearta beaga le líofacht láidir.
lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais foul bloody deeds or revenge followed
" ‘Incendies’ ====== Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh.
bearta deeds
" Tá sé in am againn dearmad a dhéanamh den Straitéis Fiche Bliain; de na pleananna agus na bearta agus na scéimeanna.
gníomh suarach base deed
" Anois, agus Oifig an Choimisinéara Teanga le caitheamh i dtraipisí, tá Balor den bharúil láidir gur peaca an-mhór é an gníomh suarach seo; ach nach bhfuil ann ach mionpheaca, i ndáiríre, i gcomórtas lena bhfuil curtha ina áit.
scéal ainghnímh tale of evil deed
" Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.
feall a thug an deis a bad deed which provided the opportunity
" Thacaigh an Eaglais Phreispitéireach le Fuadach nan Gàidheal 1782 – Uileloscadh na hAlban – feall a thug an deis do na Saor-Phreispitéirigh gean agus taca an mhuintir Ghaidhealtachd na hAlban a bhaint dóibh féin.
a ghníomh radacach his radical deed
" cz) atá dírithe ar a shaol agus ar ar lean a ghníomh radacach.
Gníomh deed
" Gníomh Jan Palach ======= Ba bheag den neamhchoitiantacht a bhain le Jan Palach roimh Eanáir na bliana 1969.
na gníomhartha fill seo these foul deeds
" Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh.
Gníomhartha seachas deeds rather than
" Chuir na dúnmharfóirí iad féin i láthair ar an DVD mar bhaill den ‘Nationalsozialistischer Untergrund’ (Páirtí Sóisialach Náisiúnta Faoi Thalamh nó an NSU), an mana acu ná ‘Gníomhartha seachas focail.
lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích to bring to fruition their dirty deeds
" Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.
ag cur drochghníomhartha blaming evil deeds
" Anois, sula dtosaíonn léitheoirí Beo Ar Éigean! ag cur briathra i mbéal Bhaloir, nó ag cur drochghníomhartha i leith an Chomhrialtais, ní miste dom a mhaíomh nach bhfuil sé ar intinn ag Rialtas na hÉireann muirear a ghearradh ar an aer úr… ach amháin mar a bhaineann le cuairteoirí.
gníomh maith good deed
moladh d’aon bheart praise for any deed
" An Géarfhocal i gCónaí ========= Mar a tharlaíonn rómhinic na laethe seo, i saol na Gaeilge, is túisce a thagann an cáineadh ná an moladh d’aon bheart agus tá sé amhlaidh an iarraidh seo.
a rinne an beart náireach who did the dirty deed
" Cé gur mhínigh ambasadóirí agus lucht taidhleoireachta dóibh go soiléir gurbh é an Irish Star a chuir na pictiúir i gcló, creideann siad fós gurbh é An Réalt, cumann paidreoireachta de chuid Léigiúin Mhuire a rinne an beart náireach.
doghníomh agus ar gach aimhleas bad deed and every evil
" Ní miste domsa iad a chosaint ar gach olc, ar gach doghníomh agus ar gach aimhleas.
a rinne gaisce chomh mór who performed such deeds
" Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh.
ar an ainghníomh of the foul deed
" Easpa Eolais ===== Rinne na póilíní dianfhiosrúchán ar an ainghníomh ach ní raibh aon fhinné ann agus ní raibh aon amhrastach acu.
ag íoc as a n-ainghníomh paying for their horrific deed
" Mar a dúirt a mháthair in agallamh amháin, ní bheadh “clabhsúr” acu go deo na ndeor mura mbeadh na dúnmharfóirí ag íoc as a n-ainghníomh.
Dúil sa Titim agus san Ainghníomh a great interest in failure evil deed
" Dúil sa Titim agus san Ainghníomh =============== Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.
Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle strategy won the day for the most noble deed
" Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle i stair ghairid SAM.
drochghníomhartha foul deeds
" Is é an teachtaireacht is mó a thagann as na heachtraí seo ar fad dar liom ná go mbíonn údaráis spóirt, i gcóngar is i gcéin, atá freagrach as sábháilteacht imreoirí, faillíoch agus mífhreagrach rómhinic nuair a tharlaíonn drochghníomhartha ar pháirceanna spóirt.
leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin (morality on its own ..) to make recompense in the fore-mentioned deed
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM about the foul deeds of the US government
" Mar a deir González féin, arbh inimirce ó Phórtó Ríce é a athair, “ní mhúineann siad dúinn ar scoil go bhfuil an méid sin Laidin-Mheirceánach sna Stáit mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM a thug ar na milliúin daoine a dtíortha dúchais a thréigean agus triall ar na Stáit Aontaithe.
Gníomh Beag le Déanamh a small deed to do
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin courageous deeds of that sort are needed
" ) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt céim eile chun tosaigh.
Gníomhartha Laochra an Imshaoil the environmental warrior’s deeds
" Gníomhartha Laochra an Imshaoil ============== Ní mó ná sásta a bhí na rialtais abhus le cur chuige na Seapáine, go háirithe nuair a bhí an tseilg bhliantúil ar siúl sa Teiscinn Theas, limistéar ina bhfuil suim faoi leith ag an Astráil.
beart a tháinig aniar aduaidh orm féin a deed which took me by surprise
" Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; an ‘David F’ fá mo chosa thíos - pé ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá Lí, 1923.
bhí sa ghníomh the deed was
" B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
ghníomh uasal noble deed
" Bhíodh an ridire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rompu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nó aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuillfeadh oirirceas don té a dhéanfadh é…” Chuaigh na hidéil uaisle sin i gcion orainn go léir.
na gníomhartha móra gaile agus gaisce the great deeds of valour and bravery
" Agus instear i seanchas an oird sin na gníomhartha móra gaile agus gaisce a dhein na ridirí uaisle sin.
ainghnímh evil deed
" Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.