Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dheisiú to repair
" Chuir an drochaimsir isteach fosta ar na hiarrachtaí a rinneadh an t-ionad cuimhneacháin a dheisiú.
leis na seanuirlisí seo a dheisiú to repair the old instruments
" Agus ansin ní raibh aon duine ann ag an am leis na seanuirlisí seo a dheisiú, mar sin bhí orm é sin a dhéanamh mé féin.
a dheiseodh an fabht which would repair the fault
" Go deimhin, bhí an víreas seo deartha chun suíomh Microsoft a ionsaí ar lá faoi leith chun nach bhféadfadh daoine teacht ar na bogearraí a dheiseodh an fabht.
na hamhráin a dheisiú to fix the songs
" Jaib s'agamsa, sin a thabhairt le chéile - na hamhráin a dheisiú nó a leigheas, mar a déarfá.
na bóithre a dheisiú to fix the roads
" MÁNAS: Bhí sé chomh maith agam iarraidh orthu na bóithre a dheisiú.
á dheisiú repairing it
" Agus mé ag labhairt faoi seo leis an ghrúpa siúlóirí, ní raibh tuairim agam go mbeadh mo lámh féin ar bhád ón tréimhse réabhlóideach sin roimh i bhfad - agus gur i Learpholl a tharlódh sé! Ní raibh mé i bhfad ar ais anseo nuair a chuala mé go raibh bád Bheanntraí, bád Francach ó 1796, i Músaem Mara Merseyside, áit a raibh John Kearon agus a fhoireann á dheisiú.
in ionad é a dheisiú instead of repairing it
" Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit.
a dheisiú to renovate
" Nuair a thosaíomar ar an teach féin a dheisiú, tháinig muid ar chnuasach de cheol traidisiúnta san áiléar.
le bealaí móra a dheisiú to fix roads
" Lena chois sin, tugtar tacaíocht mhaith d’eagraíochtaí pobalbhunaithe sna Gaeltachtaí (comharchumainn, mar shampla) agus cuireann Roinn na Gaeltachta ciste flaithiúil ar fáil le bealaí móra a dheisiú.
na huirlisí deisithe the instruments fixed
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
conas fidleacha a dheisiú, how to repair fiddles,
" D'fhoghlaim mé conas fidleacha a dheisiú, ach cuireadh an bhéim ar conas iad a dhéanamh.
sula ndeiseodh siad é. before they would repair it.
" Bhí siad ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí sula ndeiseodh siad é.
inar deisíodh agus inar tógadh báid. where boats were repaired and built.
" In áit na lonnaíochta bige iascaireachta, bhí ceardlanna ann anois inar deisíodh agus inar tógadh báid.
a dheisíonn rothair who mend bikes
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
a dheisiú mend, fix, repair
" How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"* Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh sé £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidh – costas ar gá don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.
deisithe repaired
dheisiú mend
" Bhuel, tá muintir na háite tar éis an balla gránna a leagan chun talaimh agus an droichead a dheisiú le clocha áitiúla.
córas a dheisiú to repair the system
" Ar ndóigh, tá athrú iomlán ar an scéal anois agus tá an ‘margadh’ ag féachaint go géar ar McCreevy agus ar a chomhleacaithe sa choimisiún, féacháil an mbeidh ceannairí móra na hEorpa in ann an córas a dheisiú.
dheisiú to repair
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
deisithe repaired
" Bhí áthas orm an samhradh seo nuair a bhí mé i gceannas buíon siúlóirí le hOideas Gael ar Sliabh a Liag, mar chonaic muid go léir go bhfuil an tobar beannaithe, atá cóngarach do mhullach an tsléibhe, deisithe arís.
dheisigh repaired
" Eoghan Ó Curraighín agus a mhac as Teileann a dheisigh an tobar beannaithe i mbliana agus chuaigh 160 de mhuintir na háite suas in éineacht leis an Athair Francie Mac an tSaoir i Mí Meithimh agus dúirt siad paidrín ansin.
dheisiú repair
" Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo.
ag deisiú repairing
" Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an streapa, atá faoi bhrú in áiteanna mar Cnoc Ramhar, leath bealaigh suas Sliabh a Liag ? Nó an raibh sin rófhada le siúl dóibh? Má shiúlann tú suas Sliabh a Liag ó Bhun Glas go dtí an barr, ní dhéanfaidh tú dearmad air go deo.
ag deisiú repairing
" Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an chosáin thraidisiúnta? Tarlaíonn an cineál dochair seo ar chosáin cháiliúla mar Striding Edge sa Lake District i Sasana - ach deisíonn siad an dochar ansin, ní dhúnann siad an cosán, mar tuigeann siad go gcaillfidh siad cuairteoirí má dhéanann siad sin.
ag deisiú repairing
" Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra.
a dheiseodh which would repair
" Níl éirithe ag riarachán Obama an tacaíocht dhépháirteach sin a fháil, áfach, rud a fhágann nach bhfuil aon dlí achtaithe ag Tithe na Comhdhála a dheiseodh an córas briste.
deisithe repairing
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn it could be fixed in Poland
" 'B'fhéidir go bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn.
Deiseoidh shall repair
máistir ar dheisiú na gclog a maestro at clock repairs
" Is zegarmistrz é Marek, máistir ar dheisiú na gclog.