Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eisithe released
" Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
eisithe issued
" Tá leabhar nua, a bhfuil dlúthdhiosca leis, eisithe aici a bhfuil múineadh amhrán sean-nóis mar chuspóir aige.
eisithe issued
" Tá leabhar nua, a bhfuil dlúthdhiosca leis, eisithe aici a bhfuil múineadh amhrán sean-nóis mar chuspóir aige.
sular eisigh an UVF ráiteas before the UVF issued a statement
" Chuaigh dhá mhí thart i ndiaidh na heachtra sular eisigh an UVF ráiteas ag rá gur iadsan a bhí freagrach as marú an Uasail Greene.
gach ráiteas a eisítear ar son an DUP every statement that is issued of behalf of the DUP
" Greim ag éirí lag ======= Tuairiscítear go gcaithfidh gach ráiteas a eisítear ar son an DUP dul fríd oifig lár an pháirtí.
a d'eisigh which released
" Ghlac sé leis an gconradh sin agus ba é Sony a d'eisigh a chéad albam.
a eisíodh which was issued
" Bhuaigh Mac Eoin comórtas sean-nóis an Oireachtais, Corn Uí Riada, i 1967, ach is fearr aithne atá air óna chuid oibre leis an ngrúpa The Waterboys ar a n-albam *Fisherman's Blues *a eisíodh i 1988.
a d'eisigh sé he released
" " D'fhoghlaim Lillis neart amhrán ó bhunadh Thoraí agus bhí go leor acu le fáil ar *Bláth Gach Géag dá dTig,* an t-albam a d'eisigh sé i 1992.
a d'eisigh which released
" Bhí Gael Linn ar an gcéad chomhlacht in Éirinn a d'eisigh ceol traidisiúnta agus amhráin na tíre seo ar ceirnín.
a eisíodh é that it was released
" Ciallaíonn sé sin gurb é an chéad scannán faisnéise ariamh a tháinig ar bharr an liosta díolachán ticéad sna Stáit an deireadh seachtaine a eisíodh é.
eisithe released
" Antaine Ó Faracháin: A Pháidí, tá albam eisithe agat faoi dheireadh agus thar am agat freisin.
eisithe issued
" Níl sé seo déanta ag an Aire Sláinte, cé go bhfuil treoirlínte eisithe aici i leith tholgadh an ghalair.
eisithe issued
" Is í an tuarascáil “An Teaghlach” an deichiú ceann atá eisithe ag Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.
a eisíodh which was issued
" I ráiteas a eisíodh ar a shon dúradh: “The Minister eagerly awaits TG4’s investigation of the activities of those people who travelled to Colombia”.
eisithe released
" Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.
eisíodh caiséad dá chuid a cassette of his was released
" Scríobh sé riar amhrán tráth, agus eisíodh caiséad dá chuid thart ar scór bliain ó shin.
cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh an archive of every CD ever released
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
eisithe released
" Ach ní ag éisteacht leis an cheol amháin a bhíonn Nikki – is ceoltóir agus amhránaí sean-nóis í féin a bhfuil albam, *Seansaol na hAislinge*, eisithe aici.
a eisíodh which was issued
" Chuir tuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh a eisíodh níos luaithe i mbliana in iúl go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is measa san Aontas maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre – níl ach an Liotuáin and an Laitvia níos measa ná muid.
eisithe released
" Agus bhreathnaíos gach seachtain ar “Top of the Pops” ag guí i gcónaí go mbeadh singil úr eisithe acu, go mbeadh sé go hiontach agus go mbeadh sé ag rásaíocht suas na cairteacha.
a eisíodh that was issued
" Antaine Ó Farcháin: Cén t-albam is fearr de cheol nó d'amhránaíocht thraidisiúnta a eisíodh in 2006, dar leat? Terry Moylan: Ó thaobh an cheoil de chaithfinn *The Dusty Miller* a phiocadh agus ó thaobh na hamhránaíochta de thaitin *I Heard a Bird at Dawn* go mór liom.
eisithe released
" **AÓF: Céard atá pleanáilte agat anois os rud é go bhfuil an t-albam eisithe** **agat?** ENíC: A bheith ag ceol agus ag ceol agus ag ceol! “Scaoil amach an bobailín!” mar a dúirt Seán Bán Breathnach tráth.
eisithe released
" Tá trí albam eisithe ag Slide go dtí seo: *The Flying Pig*, *Harmonic Motion* agus *OverNeath*, a tháinig amach le déanaí.
eisithe released
" ’ ‘Bíodh do chac agat’, a dúirt mé leis, agus dhírigh mé m’aigne ar an scannán a bhí ar taispeáint ag Aer Lingus – an ceann is ansa liom ar fad – *Shrek*! “Tá dlúthdhiosca eisithe ag gach aon dara hamadán agus óinseach ar fhód na hÉireann faoi seo, agus bhí an t-eitleán sin lán dlúthdhioscaí – iad ar fad ar a mbealach chuig margadh Mheiriceá ag daoine nach raibh in ann ceann ar bith acu a dhíol in Éirinn.
nár eisíodh riamh cheana. which were never released before.
" ” Tá dlúthdhiosca isteach leis an leabhar a bhfuil leaganacha d’amhráin de chuid Uí Éanaigh le fáil air nár eisíodh riamh cheana.
eisithe released
" Anois, agus an t-albam eisithe agus ar fáil, is gá dom iarracht a dhéanamh ar an gceirnín a dhíol, ar cheolchoirmeacha a eagrú agus ar mo sheó aonair féin a chur le chéile agus a tharraingt timpeall na tíre.
go n-eiseofaí an t-albam that the albam would be released
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
eisithe released, issued
" Tá albaim eisithe ag Seachtain na Gaeilge chuile bhliain ó bhí 2005 ann agus bíonn ráchairt an-mhór orthu.
eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin. they released four important albums during that period
" ”Bhí The Bothy Band le chéile ar feadh trí bliana agus d’eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin.
a d'eisigh sé ina aonar which he released on his own, i.e. solo
" ” Cén fáth, mar sin, nach bhfuair Condell riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó as na halbaim ar fad a d'eisigh sé ina aonar le breis is tríocha bliain anuas?“Níl an saol cothrom.
d'eisíomar we released
" Ba faoina stiúir siúd a d'eisíomar an t-albam *Tóg é go Bog é* agus gur bhaineamar na cairteacha amach leis an amhrán “Ón Taobh Tuathail Amach”.
nua-eisithe newly issued
" Mhínigh Patsaí Dan dom go raibh scaireanna nua-eisithe i dToraigh.
eisíonn issues
" Ach is finscéal é go gcaithfear gach aon tuarascáil is cáipéis a eisíonn eagraíocht stáit a fhoilsiú i nGaeilge.
Eisíodh was issued
" au/) Eisíodh an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún ar na mallaibh, leis an teideal Overcoming Indigenous Disadvantage, agus léirigh sí arís a dhonacht is atá caighdeán maireachtála na muintire dúchais: *Across virtually all the indicators in this report, there are wide gaps in outcomes between Indigenous and non-Indigenous Australians.
eisíodh issued
" Ba chóir, mar sin, aird a thabhairt ar mholtaí a dhéantar i dtuarascáil a eisíodh le déanaí ar cheist na mionlach Iarácach.
eisíodh was issued
" Chun donais ar fad a chuaigh cúrsaí ocht mbliana níos déanaí nuair a eisíodh an tAcht Saoránachta.
Eisíodh was issued
" Eisíodh dréachtchúrsaí de na ceithre ábhar scoile atá ar chroíchuraclam na scoileanna abhus: an Béarla, an t-áireamh, an eolaíocht agus an stair.
eisíodh issued
" I dtuairisc a eisíodh i 1977 is a mhol an tionscadal, níor luadh go raibh lonnaíocht Emberá gar don áit tógála, rud a d’fhágfadh go mbáfar an lonnaíocht sin.
d'eisigh issued
" Ach is cosúil anois go bhfuil sruth na meala tráite agus is léir ón cháipéis a d'eisigh an Foras go bhfuil geisfhocal úr aimsithe acu - 'cuíchóiriú.
Eisithe issued
" Duaiseanna === Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais: Lorg na gCloch (DVD faisnéise) --- Leagan nua DVD de Mhórscannán Oidhreachta Eisithe ag Gael Linn.
eisíodh was issued
" Ach an bhféadfadh fosta go mbeadh ciallachais ann don aonad úr aistriúcháin a bhunaigh an rialtais? Cothrom an lá céanna bliain sular eisíodh an bhreith, d’fhógair an rialtas go mbeidís ag bunú aonad aistriúcháin nua - Rannán Seirbhísí Aistriúcháin – in ainneoin go raibh cosc ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus go raibh Rannóg an Aistriúcháin ag feidhmiú cheana féin.
d'eisigh issued
" Ach an bhféadfadh anois go mbeadh athrú intinne orthu de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí san achomharc, go háirithe i bhfianaise an costas mór a bhaineann le fostú foirne aistriúcháin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 6 Bealtaine 2010 i mbreithiúnas a d'eisigh an Breitheamh Fidelma Macken (agus an Príomhbhreitheamh Murray, Uachtarán na hArd-Cúirte Kearns, agus na Breithiúna Hardiman agus Fennelly ag aontú léi) mar seo a leanas: - Is é an léirmhíniú ceart ar airteagal 25.
d'eisigh issued
" Ach cad tuige nár coimisiúnaíodh an mhacasamhail i dtús an chéid, tráth ar bogadh an tseandealbh agus tráth ina raibh pócaí na Comhairle Cathrach flúirseach go maith? Sin ceist nár freagraíodh ach an oiread! Ag eascairt as an scéal úd a craoladh ar Nuacht TG4 ar an 28 Aibreáin, d'eisigh an Seanadóir Niall Ó Brolacháin ó Chomhaontas Glas ráiteas ag cáineadh na Comhairle Cathrach.
d’eisíodh siad they used to issue
" Mar sin, nuair a d’fhill mé ar Learpholl faoi Nollaig, chuaigh mé leis an AIL Bhí cara anseo i Walton, Helena Hardigan, ina ball cheana féin agus d’inis sí dom go raibh an t-eagraí, Alan Lenton, ina chónaí cóngarach dúinn i Bootle agus fuair mé cóipeanna den iris a d’eisíodh siad *‘Ireland Bulletin’* uaidh.
D’eisigh issued
" * Agus d’athraigh sí an teideal atá ag Tony Burke thuas go dtí an tAire Daonra Inbhuanaithe! An Tíomór Thoir ====== D’eisigh Gillard ráiteas eile seachtain ní ba dhéanaí i dtaca le lucht dídine ag déanamh iarrachtaí teacht i dtír i mbáid neamhúdaraithe.
n-eisítear are issued
" Meastar go n-eisítear os cionn 3,000 phreasráiteas thar ceann an rialtais gach bliain agus bheadh sé i gceist treoirlínte a chur le chéile lena chinntiú go mbeadh an sciar díobh siúd a bhainfeadh le cúrsaí cultúir is teangan á n-eisiúint go dátheangach.
eisithe issued
" Fuaim le Focail ====== **BD: Cé mhéad leabhar agus dlúthdhioscaí atá foilsithe nó eisithe agaibh ó shin?** MÓC: Níor mhaith liom tosú á gcomhaireamh – bheadh sé ró-achrannach – ach go dtí seo, bheadh timpeall 350 leabhar foilsithe.
eisíonn issues
" Bíonn seans ag eagraíochtaí neamhrialtais a dtuairimí féin faoi thuairisc an stáit a nochtadh chuig an gCoiste, leis, agus i ndiaidh scrúdú na dtuairiscí, eisíonn an Coiste conclúidí agus moltaí a dhíríonn aird ar bhuanna is ar theipeanna an stáit chonarthaigh maidir le cur i bhfeidhm an Chonartha.
D’eisigh issued
" D’eisigh bord bainistíochta na páirce dréachtphlean riaracháin bliain ó shin inar luadh na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach ar an gcarraig: na daoine ag fáil bháis uirthi, an bruscar a fágadh uirthi agus an creimeadh a bhí ag tarlú uirthi.
d’eisigh issued
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
D’eisigh issued
" D’eisigh an rialtas sa Chríoch Thuaidh dréachtphlean bainistíochta anuraidh inár moladh go gceadófaí sealgaireacht safari na gcrogall inbhir.
d’eisigh issued
" ’ I gcomhráiteas a d’eisigh siad 15.
d’eisigh issued
" 5% dá foireann riaracháin, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta a bhfuil siad féin i bhfeighil air! Mar fhreagra ar Thuarascáil an Choimisinéara, d’eisigh Aire Airgeadais an ama, Brian Cowen, ráiteas ar an 29 Márta, 2006 ag geallúint go ndéanfaí athbhreithniu ar an cheist: “Chun tús a chur leis an phróiseas, tá mé tar éis a iarraidh ar mo Roinn, mar ghnó práinne, dul i dteagmháil le Ranna agus Oifigí eile chun a fháil amach cén gnás atá in úsáid acu agus chun a iarraidh orthu ar chóir é sin a athrú.
d’eisigh issued
" De réir preaseisiúint a d’eisigh Cantor, gheall sé do Netanyahu: *“the new Republican majority will serve as a check on the (Obama) Administration.
eisíonn issues
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
D’eisigh issued
" D’eisigh siad ráiteas ar an lá náisiúnta ag impí ar pharlaimint na hAstráile *“to commence the process to design a truly Australian national flag”*.
d’eisigh issued
" In alt i Mashable (1) le déanaí scríobh Ben Parr alt faoi staidreamh a d’eisigh an *Newspaper Association of America*.
D’eisigh issued
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
D’eisigh released, published
" D’eisigh Gael Linn ceirnín leis i 1970 agus tá curtha go mór leis ar an eisiúint nua seo, a bhuíochas de RTÉ Raidió na Gaeltachta.
D’eisigh issued
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
D’eisigh issued
" D’eisigh péas Clydeside ráiteas faoin easpa ionsaí seo.
d’eisigh released
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
d’eisigh released
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
D’eisigh issued
" D’eisigh an eagraíocht ainmniúil Amnesty International ráiteas inar mhaígh siad *‘that the military commissions established to try David Hicks and others did not meet international standards for fair trials’*.
Eisíodh were released
" Eisíodh dhá shaothar ealaíne ar na mallaibh inar baineadh feidhm as na teangacha seo agus chuidigh siad araon go mór le príomhshruthú shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais.
d’eisigh issued
" Trí lá i ndiaidh an tsléachta san Iorua, d’eisigh an Anti-Defamation League preaseisiúint dar teideal *“ADL: Norwegian Terrorist Motivated By Growing Extremist Ideology In Europe And The U.
tuairiscí eisithe reports issued
" Le cúpla bliain anuas, tá go leor preaseisiúintí agus tuairiscí eisithe ag an ADL i dtaobh eachtraí sceimhle “éan cuideáin” le teidil ar nós *“White Supremacist Shooting at U.
eisíodh was issued
" Ag an am sin, eisíodh an ceol binn seo le Ceoltóirí Chualann ar fhadcheirnín ach seo an chéad uair dó bheith ar dhlúthdhiosca.
d’eisigh issued
" Tharraing an Oifig aird fosta ar an mhoill shuntasach i bhfoilsiú leagan Gaeilge de threoirlínte maidir le cosaint leanaí a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta d’iar-bhunscoileanna na tíre.
D’eisigh issued
" D’eisigh an 19 n-eagras Gaeilge atá i gceist comhráiteas cúpla seachtain ó shin inar dúradh gurb ionann an tSamhail Nua Mhaoinithe agus deireadh a bheith á chur le hobair na n-eagras sin.
eisithe ag issued by
" ie> chun freagra na ceiste seo a aimsiú: An Cheist ==== **Cé mhéad albaim cheoil atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht ó bunaíodh é sa bhliain 1985?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
eisigh issued
" Is cinnte go bhfuil teachtaireacht scaipthe mórthimpeall an domhain, ach is í an cheist is práinní ná, an bhfuil na figiúrí cruinne ar fáil dúinn? Bhí an méid sin daoine á cháineadh gur eisigh an charthanacht físeán nua chun na ráflaí seo a chur ina luí, agus ó shin i leith tá gach eolas maidir le cúrsaí airgeadais na carthanachta ar fáil ar an suíomh idirlín (Invisible Children)(http://www.
Eisíodh was issued
" Eisíodh an taifeadadh álainn seo den chéad uair i 1993 agus cuireann an dearadh úrnua go mór leis.
ar fhadcheirnín a eisíodh on an LP that was published
" Cloistear anseo chomh maith taifeadtaí le Seán Ó Síocháin as Cill na Martra nár chualathas cheana iad ach ar fhadcheirnín a eisíodh i 1960.
eisithe ag issued by
" Is mar sin atá na logainmeacha ar an léarscáil den oileán atá eisithe ag Suirbhéireacht Ordanáis na Breataine.
dá chuid a eiseofar of his which shall be published
" Tá Daniel i ndiaidh a ghealladh go mbeidh ar a laghad amhrán amháin i nGaeilge á cheol aige ar an chéad diosca eile dá chuid a eiseofar.
lá eisithe tuairisc the day of a report being released
" Sheinn Terry Coyne an fonn ‘Táimse i mo chodladh’ ar an fheadóg mhór roimh na mílte a bhí ag slógadh i lár Learphoill ar 12 Meán Fómhair, lá eisithe tuairisc ón *Hillsborough Independent Panel*.
D’eisigh issued
" D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
eisíodh meamram a memorandum was issued
" Sa bhliain 1931, eisíodh meamram, Spelling of Irish in Official Documents, lenar cuireadh stíl na Rannóige in iúl don státseirbhís agus inar moladh leas a bhaint aisti.
a eisíodh which was published
" Mhaígh an Chomhairle, i bpreas-ráiteas a eisíodh ar 18 Deireadh Fómhair, nach mbuafaí an cogadh in aghaidh na gáinneála ar dhaoine mura dtabharfaí cumhacht do na híospartaigh féin.
mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh as a result of a summons issued by
" Ó Monacháin os comhair na Cúirte Dúiche ar an Bhun Beag, i nGaeltacht Dhún na nGall, mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall.
d’eisigh an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann anuraidh the Immigrant Council of Ireland issued last year
" Is mó constaic ar an mbóthar rompu, áfach, mar a léiríonn tuairisc a d’eisigh an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann anuraidh.
D’eisigh an Bord ráiteas the bord issued a statement
" D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.
I dtuairisc a d’eisigh in a report issued
" I dtuairisc a d’eisigh Coiste Eorpach na gCeart Sóisialta níos luaithe i mbliana cuireadh in iúl go raibh Éire ag sárú roinnt mhaith ceart atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa.
a eisíodh ar fhadcheirnín which was published as an LP
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
d’eisigh released
" ** Bailiúchán atá anseo de cheirníní singil a d’eisigh Gael Linn idir 1968 agus 1980.
Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag K. have issued many lps
" Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag Kíla agus tá dhá dhíolaim eisithe ag Colm é féin, Éist agus Giving.
dhá dhíolaim eisithe ag two albums issued by
" Is iomaí fadcheirnín atá eisithe ag Kíla agus tá dhá dhíolaim eisithe ag Colm é féin, Éist agus Giving.
gach uair a eisítear uasghrádú nua every time a new upgrade is issued
" bia, tithíocht, sochaí, teaghlach) Tá an tiomantas sin inbhraite gach uair a eisítear uasghrádú nua in aon teicneolaíocht, gach uair a sheoltar dearadh nua ar an margadh.
I ráiteas a eisíodh in a statement issued
" I ráiteas a eisíodh ar an 6 Meán Fómhair, dúradh gurbh oth leis an fhoireann nach mbéifí ag foilsiú an nuachtáin as seo amach mar chuid den *Irish Independent*.
I dtuairisc a d’eisigh in a report issued by
" Dearcadh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ============================ I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach in Aibreán scrúdaíodh bainistiú teorainneacha seachtracha an AE agus an aird a thugtar ar chearta daonna inimirceach mar chuid den bhainistiú seo.
dhá dhíolam eisithe two albums issued
"dhá dhíolam eisithe ag Adele, dhá dhíolam iontacha! Tá siad thar barr, na hamhráin ag plé le cúrsaí grá agus briseadh croí.
D’eisigh sí ceirnín she published a number
" D’eisigh sí ceirnín darbh ainm ‘19’ agus í naoi mbliana déag d’aois.
d’eisigh issued
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.
D’eisigh published
" Leabhar Reynolds ======== D’eisigh an staraí iomráiteach, Henry Reynolds, an leabhar, *Forgotten War*, ar na mallaibh a tharraing aird nua ar an gcogadh.
D'eisigh an Rialtas ráiteas the Government issued a statement
" D'eisigh an Rialtas ráiteas ag am a fhoilsithe gur aithin siad go raibh sé ‘de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.
eisítear trí nó ceithre theideal three or four titles are published
" Tá an lipéad ar marthain i gcónaí agus eisítear trí nó ceithre theideal in aghaidh na bliana.
d’eisíomar we published
" Mar gheall ar an gcomóradh seasca bliain a bhí ar siúl anuraidh d’eisíomar roinnt seancheirníní ón gcartlann arís.
ach nár eisíodh riamh but were never issued
" Tarlaíonn gur ábhar iad a taifeadadh san am atá thart ach nár eisíodh riamh.
a d’eisigh which issued
" ’Sé Coláiste na nGael, a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil do thuairim is 25 páiste ar fud Shasana, a d’eisigh an bhileog agus tá siad ag iarraidh aird a tharraingt ar an chinneadh a deineadh anuraidh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúduithe don GCSE i Sasana.