Pota Focal Intergaelic
defy | den | dent | dewy | Aden
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Shéan Haughey Haughey denied
" Shéan Haughey i gcónaí go raibh aon eolas aige faoi na hairm.
Séanadh deontas a grant was denied
" Séanadh deontas ar chumann áitiúil amháin (atá bríomhar agus forásach) ar an mbonn go raibh a gclár oibre bunaithe an iomarca ar ranganna.
Shéan an rialtas the government denied
" Shéan an rialtas go raibh aon bhaint ag cúrsaí toghchánaíochta leis.
ag séanadh denying
" "Bhí Marrofat ag séanadh achan sórt.
a shéanadh to deny
" Is deacair a shéanadh, áfach, go bhfuil blas na gairmiúlachta ar na héilimh agus na hargóintí a chloistear.
ag diúltú denying, refusing
" Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.
á séanadh being denied
" Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt.
shéan O'Donaghue O'Donaghue denied
" Ach i mí Iúil 2001 shéan O'Donaghue sa chúirt go ndúirt sé a leithéid.
a shéanadh to deny
" Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ach ní féidir a shéanadh go ndearna sé éacht ina dhiaidh sin féin.
ag séanadh a ndúchais denying their heritage
" "Bhí siad ag séanadh a ndúchais," dar leis.
séanta denied
" Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Pell a dúirt gur bréaga mailíseacha atá iontu.
tar éis an scéal seo a bhréagnú after denying this story
" Go dtí seo níl Ambasáid na Breataine tar éis an scéal seo a bhréagnú.
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh they are denied basic rights
" Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
níor shéan sé he didn't deny
" Dúirt mise leis gur féidir úsáid shibhialtach nó mhíleata a bhaint astu sin agus níor shéan sé an méid sin.
shéan *The Badger* The Badger denied
" Go gairid i ndiaidh dó an t-agallamh a thabhairt shéan *The Badger* gur oibrigh sé riamh do sheirbhísí rúnda na Breataine.
séanann an snámhaí clúiteach the famous swimmer denies
" Dar leis an iris *Hustler *gurb é Henry "007" Ó Dónaill an t-aon duine faoin taobh sin tíre a mbeadh sé d'acmhainn aige an long a pholladh le neart a ngéag féin, ach séanann an snámhaí clúiteach gurbh eisean a bhuail an long.
Shéan sé he denied
" Shéan sé go raibh tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha ag bainisteoirí sa choláiste agus dúirt sé liom go raibh sé ag iarraidh rudaí a réiteach liomsa "go pearsanta".
shéanfadh aontachtaithe go láidir unionists would strongly deny
" Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur cúis imní an-mhór é fós do roinnt mhaith daoine an drochbhail atá ar go leor de ghnáthmhuintir na hIaráice.
Ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
líomain atá á séanadh go láidir aige an accusation that he is strongly denying
" Ainmníodh Freddie Scappaticci mar Stakeknife, spiaire de chuid MI5 taobh istigh den IRA, líomain atá á séanadh go láidir aige.
shéan an tUachtarán Bush President Bush denied
" Is éard a thugann an fórsa dá dtuarascáil ná gur shéan an tUachtarán Bush go raibh a leithéid de rud ann is athrú aeráide ó toghadh é ceithre bliana ó shin.
ní shéanfadh aon duine no-one would deny
" Ach ní shéanfadh aon duine go ndearna an páirtí íobairtí ar son na síochana, go háirithe le 15 bliana anuas nuair a chuir siad a bhfuinneamh isteach i bpróiseas a bhéarfadh poblachtánaigh "isteach ón fhuacht".
shéan an rialtas the government denied
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
ag diúltú don réaltacht denying reality
" Ach nach meatacht é sin, ag diúltú don réaltacht? "Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas.
shéan sé go láidir he strongly denied
" Thuig Coimisinéir an RUC John Hermon an dochar a dhéanfadh a leithéid de líomhain don chaidreamh idir an dá fhórsa agus, dá réir, shéan sé go láidir go raibh aon bhunús leis an ráfla seo.
nach féidir a shéanadh that can't be denied
" An rud nach féidir a shéanadh ná gur i Nua-Eabhrac a cuireadh tús den chéad uair le córas iompair ar scála ollmhór.
shéanfadh siad maith agus olc é they would totally deny it
" Ach dá gcasfaí an bheirt ort ag nochtadh as poll dorcha inteacht agus an ghruaig ina seasamh ar a gceann acu beirt, shéanfadh siad maith agus olc é.
gur ceileadh an gradam ar imreoir that a player was denied the award
" Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
shéan sé he denied
" *D'admhaigh sé naoi gcúis ag baint le gunnaí, ach shéan sé, creid é nó ná creid, go raibh sé ina bhall den UVF.
rud a shéanann sé something he denies
" Tar ar ais chugam air sin i gceann deich mbliana!” Meastar fosta go mbíonn sé dian ar an nuachtán *Lá*, rud a shéanann sé.
ina raibh cearta á séanadh in which rights were being denied
" Ní bheidís i gcarcair ach go b'é go raibh siad ina gcónaí i bpáirt den tír ina raibh cearta á séanadh ar an phobal náisiúnach.
ag séanadh denying
" Ach chomh fada agus a bhaineann sé le robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá an IRA fós ag séanadh go láidir na líomhaintí gurbh iad a bhí freagrach.
ag séanadh go láidir strongly denying
" Ach chomh fada agus a bhaineann sé le robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá an IRA fós ag séanadh go láidir na líomhaintí gurbh iad a bhí freagrach.
a shéanadh to deny it
" MOLLY: Cad é atá tú á mhaíomh? DENIS: Ní maith duit a shéanadh.
shéan urlabhraí de chuid an PSNI a spokesperson from the PSNI denied
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
Ní féidir a shéanadh it cannot be denied
" Ní féidir a shéanadh go bhfuil údar clamhsáin áirithe acu.
séanta go tréan strongly denied
" Staid bhreosla a thug orthu tuirlingt agus tá sé séanta go tréan ag an rialtas go raibh aon chime á iompar acu.
a shéanadh to deny
" I ndeireadh ama, is faoin Aire Gnóthaí Eachtracha atá sé cead a thabhairt nó a shéanadh.
go raibh a gcearta daonna á séanadh orthu that they were being denied their human rights
" Tosóidh muid leis an cheann is déanaí, is é sin an Seanadóir Joe O’Toole ag rá le muintir an Daingin i gCiarraí ar Raidió na Gaeltachta go raibh a gcearta daonna á séanadh orthu de bharr nach raibh an deis acu rogha a bheith acu maidir le hainm an bhaile.
Níl gar a shéanadh it is no use denying
" Níl gar a shéanadh gurbh iomaí lanúin a bhí buíoch as an deontas tithíochta sna blianta a chuaigh thart.
go séanann Connolly that Connolly denies
" Cuimhnímis go séanann Connolly gurb é féin atá sa ghrianghraf agus nár tugadh ach fótachóip mhíshoiléir do Sam Smyth a bhí méadaithe go tomhas A4.
shéan gach ball sinsearach den Ord every senior member of the Order denied
" Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
an fhíric lom sin a shéanadh to deny that bare fact
" Ní féidir le duine ar bith an fhíric lom sin a shéanadh.
ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh the unionists can't deny
" Ach, ag an am chéanna, ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh go ndearnadh nithe éagóracha ar a son siúd - dúnmharú san áireamh.
ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan but that he was totally denying
" **D ** Dermot Ahern, An tAire Gnóthaí Eachtracha: Ba ar ghlantóirí a thit sé a thaispeáint don Aire an rud a bhí ar eolas ag madraí an bhaile ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan – is é sin go bhfuil mí-úsáid á baint ag fórsaí míleata SAM as Aerfort na Sionna.
ag séanadh denying
" **Borradh faoi na meáin** Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.
Ní shéanann siad They don't deny
" Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
ag séanadh na fírinne denying the truth
" Ní thig linn leanúint orainn ag séanadh na fírinne agus ag tabhairt droim láimhe do thuairimí lucht eolaíochta.
Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh. I don't think that can be denied.
" Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh.
Ní shéanfadh éinne no one would deny
" Ní shéanfadh éinne gurb amhlaidh atá an scéal, cé go séanfadh an chuid is mó de na daoine a luafá an t-ábhar leo go bhfuil siad féin réamhchlaonta in aghaidh daoine dubha.
ní shéanaim I don't deny
" “Tusa a chuir an Sáirsint Glas ar bhealach a aimhleasa scór go leith bliain ó shin?” “Admhaím é agus ní shéanaim é,” arsa Diarmuid.
a shéanadh to deny
" Is cuma céard a deir daoine eile faoi, ní féidir a shéanadh ach gur cuid lárnach de chluichí Gaelacha í an bhruíon agus an t-achrann sa lá atá inniu ann.
shéan Harriet Harman Harriet Harman denied
" Agus cad é faoin daonlathas sa pháirtí agus toil na ndaoine? Ag an chomhdháil i Manchain shéan Harriet Harman (tánaiste nua Brown) gur vótáil sí ar son an chogaidh, agus ina óráid ansin, gheall Gordon Brown go n-éistfeadh sé le baill an pháirtí agus leis an phobal as seo amach.
a shéanann go fóill who still denies
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Cé go raibh na cluichí sin ar fad ar fheabhas, agus Áth Cliath agus Loch Garman go maith freisin, ní féidir a shéanadh ach gur chlúdaigh na cluichí sin laigí i gcaighdeán na hiomána agus sa chóras.
a shéanadh to deny
" Ach tá sé deacair an chaint seo a shéanadh agus Irial sa seomra leat mar is léir go bhfíoraíonn sé na teoiricí ó thaobh na slí a gcuireann sé é féin i láthair, agus ó thaobh a fhéinmhuiníne agus a údaráis cainte de.
Ní thig a shéanadh it can't be denied
" Ní thig a shéanadh go bhfuil buiséad Holyrood i ndiaidh dúbailt ó am a tionólta i 1999 ach maíonn na hAlbanaigh nach méadú as cuimse é seo le hais áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe.
séanta denied
" Tá gach líomhain chaimiléireachta séanta ag na Paisleys agus ag Foster.
séanta go láidir strongly denied
" ”* Mar bharr ar gach donas, táthar ag maíomh fosta go bhféadfadh mairteoil na Brasaíle a bheith ina bagairt do shláinte dhaonna, líomhain atá séanta go láidir ag na Brasaíligh.
níor shéan Strong Stong didn't deny
" Ina agallamh leis an iriseoir Ceanadach, níor shéan Strong gur theastaigh uaidh, go pearsanta, go gcuirfí rialachas domhanda i bhfeidhm.
shéan Strong Strong denied
" Ina agallamh leis an iriseoir Ceanadach, níor shéan Strong gur theastaigh uaidh, go pearsanta, go gcuirfí rialachas domhanda i bhfeidhm.
ag séanadh na fírinne loime. denying the bare truth
" Iasachtaí fophríomha atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht – tá na bainc ag séanadh na fírinne loime.
ní féidir a shéanadh it can%u2019t be denied
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
ceileadh were denied
" Mar sin féin, ceileadh go leor dá gcearta daonna orthu i Meiriceá de thoradh an chiníochais a bhí i réim san am sin.
shéanadh to deny
" Ach ní féidir a shéanadh gur mar airgead reatha a cuireadh i láthair é i mbuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i meastúchán na cainaisnéise (féach lch.
Séanann denies
" Séanann sé leis go raibh aon bhaint ag ballraíocht Ard-Stiúrthóir na heagraíochta - an Seanadóir Labhrás Ó Murchú - i bpáirtí Parlaiminteach Fianna Fáil leis an mhaoiniú bhreise a tugadh dóibh.
ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Tá spéis sa spórt gaelach ag dul i méid i gcónaí, sna cathracha go háirithe, agus ní féidir a shéanadh go bhfuil cumas cainte sa teanga Ghaeilge go mór san fhaisean faoi láthair chomh maith.
shéanadh to deny, denied
" Ní féidir a shéanadh gur ghlac na Briotanaigh leis na Carainn i seirbhís mhíleata fad a bhí Burma faoina smacht acu.
séanadh denying
" Scríobh sé alt san iris faisisteach 'The Rune' ag séanadh go raibh uileloscadh ann.
nílim á shéanadh I don't deny
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
shéanadh deny
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
séanta denied
" Dar le dreamanna Uígireacha, gortaíodh an-chuid Uígireach go dona le linn na troda, ach tá sé seo séanta ag an tSín.
shéanadh to deny
" Muna mbeadh an Chóiré Thuaidh luaite acu, bheadh sé an-deacair a shéanadh gur ar mhaithe le hIosrael atá Meiriceánaigh ag troid “an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
séanta denied
"séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
droimh láimhe slight(ed), deny(/ied)
" Níorbh fhada go raibh pobal nua Chambacuá beo ar an bhfeirmeoireacht agus cé go ndeachaigh cultúr na tíre nua i bhfeidhm orthu, níor thug siad droimh láimhe leis an dúchas Afracach, ná geall leis.
séanadh denied
" Mar a thug scríbhneoir an bhlaig 3000 Versts of Loneliness faoi deara agus é ag scriobh fá bhaill an DUP: “Tá feachtas Ian McCrea ann le cosc a chur ar an Phápa theacht go Tuaisceart Éireann; ráitis lánfuatha Iris Robinson fá dhaoine aeracha; séanadh Sammy Wilson go bhfuil baint ag an chine daonna le hathrú aeráide; Edwin Poots agus a mhacasamhail a chreideann nach bhfuil an domhan ach 5000 bliana d’aois; Jim Wells atá in éadan wifi .
Ní féidir a shéanadh can't be denied
" Ní féidir a shéanadh go mbíonn an iomarca béime anois ar chúrsaí tráchtála agus ar chaiteachais um Nollaig, ach is féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
lucht séanta people who deny
" Ba dhiabhalta an rud dá bhfeicfí Rialtas Iosrael ag tabhairt aon airgead do lucht séanta Uileloscadh na nGiúdach sa tír seo, ar nós Irving thuasluaite.
séanta denied
" Deir Uachtarán Shinn Féin gur beag ról a d’imir Liam Adams i gcúrsaí an pháirtí i nDún Dealgan agus gur chuir sé cosc ar a dheartháir seasamh don pháirtí in olltoghchán 1997, ach tá sé sin séanta ag Fra Browne agus Owen Hanratty (a fuair an t-ainmniúchán), beirt a d’fhág Sinn Fein i 1997 i ndiaidh don pháirtí glacadh le Prionsabail Mitchell, “socrú inmheánach atá in éadan bhunreacht an pháirtí” dar le Browne.
shéanadh deny
" An Craoltóir Óg Ní dóigh liom gur féidir a shéanadh dá mbeadh Gaeilge na Leabhar féin ina ceart ag láitheoirí óga raidió agus físe na linne seo, go mba mhisniú agus go mba mhéar ar eolas do go leor de lucht féachana agus de lucht éisteachta na tíre agus an domhain.
chontúirt séanta danger denied
" Ar ndóighe, ní raibh ann ach timpiste i gcás an Bhetelgeuse, ach an rud a bhí gránna ann ná nach raibh na socruithe déanta faoina choinne sin agus go raibh an chontúirt séanta ag comhairleoirí contae agus ag lucht ola agus ag lucht stáit agus ag airí stáit agus ag gach cineál diabhail a shíl go raibh oidhe an duine ina láimh acu agus go raibh an ceart go mbeadh oidhe an duine ina láimh acu.
níl séanadh air there's no denying
" Ar ndóigh, tá an pointe ann, más é an blag is fearr é, níl séanadh air, is é an blag is fearr é, agus má ghearrtar a leithéid amach as an iomaíocht é, is toradh bréagach aon toradh eile.
Ní féidir a shéanadh it can't be denied
" Ní féidir a shéanadh go ndearna formhór mór na ngnáth-Ollannach neamhshuim d’inimircigh ar feadh blianta; Ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil daoine de bhunadh inimirceach sa tír sa lá inniu atá ag iarraidh aird a tharraingt ar bhealaí nach bhfuil le moladh, ná baol air, ach a ghlanmhalairt.
níl a shéanadh air it can't be denied
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
Ní thig a shéanadh it can't be denied
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
shéanadh deny
" An Maith an Mhaith Dhéanach an Iarraidh Seo? =============== Ba iad na chéad sé mhí den bhliain seo an tréimhse is teo a taifeadadh riamh, agus ba dhána an mhaise d'aon duine a shéanadh go bhfuil iarmhairtí athrú aeráide á mbrath againn faoi láthair.
séanadh denied
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
ní thig a shéanadh it can’t be denied
" Cuma cén dearcadh atá agat faoi ról Bhlair in ionramh na hIaráice, ní thig a shéanadh gur píosa scríbhneoieachta den chéad scoth é seo a bhféadfadh a bheith mar lámhleabhar dóibh siúd atá ag lorg na síochána ar fud na cruinne.
shéanadh deny
" D’fhéadfadh fostóir a shéanadh go raibh aon oibrí baile aige agus mura bhfuil conradh i gceist is deacair a mhalairt a chruthú.
shéan rialtas government denied
" Cé gur éiligh an dream armtha arís agus arís eile go n-íocfaí airgead fuascailte leo sula scaoilfidís saor an bheirt bhan, shéan rialtas na hÉireann gur íocadh aon airgead leis na fuadaitheoirí.
nach féidir a shéanadh it can’t be denied
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
ní féidir a shéanadh it can’t be denied
" Mar sin, amach leo siúd atá in oifig! Marbh le Tae is Marbh gan É ============ Más gráin nó más grá leat lucht pleanála an Pháirtí Phoblachtaigh, ní féidir a shéanadh go bhfuil siad cliste.
Ní féidir a shéanadh it can’t be denied
" Ní féidir a shéanadh go bhfuil áilleacht ag an áireamh, is é sin, ag an matamaitic.
ar ceileadh arduithe céime orthu who were denied promotion
" Ceilt an Chirt ======= Ar ndóigh tragóid phearsanta a bhí sa leithcheal seo do dhaoine aonaracha ar ceileadh arduithe céime orthu agus an cúiteamh agus an sásamh agus na deiseanna breise a théann le sin.
séanta denied
" Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
shéan denied
" Mar fhreagra ar an litir seo, shéan an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, go raibh aon chomhaontú ar an cheist idir an Roinn Poist agus Telegrafa agus údaráis poist na Breataine.
shéan denied
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
séanta go láidir strongly denied
" Tá mí-iompar séanta go láidir ag an Dr Crowe.