Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá chinniúint to his destiny
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
smacht acu ar a gcinniúint féin control of their own destiny
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
lá na cinniúna the day of destiny
" An 15 Iúil 2003 lá na cinniúna do thionscal iascaireachta na hÉireann.
uair na cinniúna the hour of destiny
" Bhí an dochtúir ag maíomh go raibh uair na cinniúna sroichte ag an gcóras sláinte poiblí sa tír seo - rud ata soiléir go leor do a lán daoine.
cinniúint iar-chogaidh post-war destiny
" Nuair a chruinnigh an triúr seo le chéile le cinniúint iar-chogaidh na hEorpa a shocrú, thit sé amach go mbeadh an Pholainn laistiar den Chuirtín Iarainn.
ar a chinniúint féin. his own destiny.
" “Níl ann ach corrdhéagóir nach mian leis imeacht ón mbaile agus smacht iomlán a bheith aige ar a chinniúint féin.
dhá chloch bhua two stones of destiny
" Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
dán future, destiny
" Ach toisc gur dán dorcha a bhíonn sa chinniúint ag leannáin ar a gcoiméad sa cineama, tá a fhios againn nach mbeidh toradh maith ar seo uile.
Cumhacht na cinniúna the power of destiny
" Cumhacht na cinniúna, más mian leat.
i ndán dó his destiny
" Tá Assange é féin ar a theitheadh, ar bhealach, gan cinnteacht aige an é feallmharú atá i ndán dó, beart atá molta ag ceannairí polaitiúla áirithe.
cheapadh ár gcinniúna féin the bringing into being of our own destiny
" Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin.
a cinniúint féin i ndán di its own destiny ahead of it
" Cuirfidh turas an Uachtaráin ina luí gur tír cheannasach neamhspleách í Éire a bhfuil a cinniúint féin i ndán di.
ina gcinniúint féin in their own destiny
" Is cuma cén toradh a bheidh ar an vóta, beidh lámh níos láidre ag muintir na hAlban ina gcinniúint féin.
lena gcinniúint féin a cheapadh to determine their own destiny
" Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
raibh lámh aige i gcinniúint played a part in the destinies
" Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.