Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áis device
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
cruthaíodh gléas a device was created
" Le teacht ar an saol an Palm vii sa bhliain 1999, cruthaíodh gléas úr a sháraigh fadhb mhór na teicneolaíochta soghluaiste: an dóigh nach rabhthas ábalta ríomhairí neamhshreangaithe a cheangal leis an idirlíon.
gléasanna scanála scanning devices
" Agus gléasanna scanála againn anois a léifidh téacsanna dúinn, níl leithscéal ar bith ann gan foclóir cuimsitheach a thiomsú ón ábhar atá againn cheana féin, é a fhoilsiú, agus é seo uilig a dhéanamh go fíorluath ar bheagán airgid.
ghléas ilfheidhmeach multi-function device
" Ach ní haon rud nua é an coincheap seo de ghléas ilfheidhmeach.
buama loiscneach incendiary device
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
dhruid an fearas fuafar he closed the hateful device
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
gaireas device
" Tá chuile sheans ann nach sárófar an iarracht sin choíche le gaireas láimhe.
gléasanna leictreonacha electronic devices
" com/, áit a mbíonn gléasanna leictreonacha á n-úsáid chun an fad idir rudaí a thomhas.
gléas leictreonach éigin some electronic device
" Bíonn eagla orm féin i gcónaí go ngoidfear é nó go ndéanfar cóip de le gléas leictreonach éigin nuair nach bhfuil mé ag coimeád súil air.
ciútaí devices
" Ní féidir ach oiread é a ísliú go dtí liosta teoranta ciútaí nó móitífeanna.
seanghléasanna old devices
" “Cé go bhfuil suim againn i seanghléasanna agus a leitheid a bhailiú, níor mhaith linn a bheith mar iarsmalann a siúlfadh daoine thart uirthi,” a deir Ivor.
gléasanna daora leictreonacha expensive electronic devices
" Ní raibh sé ródheacair an cárta a chur isteach sa ríomhaire, cé nach mbím riamh ar mo shuaimhneas ag baint gléasanna daora leictreonacha as a chéile.
an gléas ilmheánach boise sin that hand-held multimedia device
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
seifteanna means, devices
" Ar an gcaoi sin agus thrí seifteanna eile mar é, ceaptar go bhfuair réimeas Saddam breis is $2 bhilliún san iomlán, nuair a bhí an t-airgead ar fad in ainm is a bheith ag dul chun leasa an phobail san Iaráic.
gléasanna daora leictreonacha expensive electronic devices
" Ní raibh sé ródheacair an cárta a chur isteach sa ríomhaire, cé nach mbím riamh ar mo shuaimhneas ag baint gléasanna daora leictreonacha as a chéile.
gléasanna cumarsáide communications devices
" Is éard atá ann ná tromaíocht a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, an guthán soghluaiste agus gléasanna cumarsáide eile.
gléas leictreonach an electronic device
" Ní rabhas róchinnte faoi seo, ach i ndeireadh báire ní raibh ann ach go raibh orainn gach rud inár bpócaí a fhágáil sa bhforhalla, cead a thabhairt do na bairdéirí cuardach trínár mbróga, agus cinntiú nach raibh gléas leictreonach farainn ar ár mbealach tríd an bpríosún.
gléasanna suimiúla, interesting devices,
" Ní hé nach bhfeicim gléasanna suimiúla, ach chun an fhírinne a rá is beag rud atá ar díol sna siopaí sin atá úsáideach – agus tá líon níos lú fós atá sa chatagóir “riachtanach”.
ghléasanna seafóideacha éagsúla. various stupid devices.
" San alt deireanach a scríobh mé san iris seo, chaith mé go leor ama ag déanamh gearáin faoi ghléasanna seafóideacha éagsúla.
do ghairis éisteachta for listening devices
" Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta – comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid. devices to move forward with the ball.
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, this devices were banned,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
seift shimplí a simple device
" “Bhí mé ag iarraidh seift shimplí a úsáid a léireodh gurbh as áit choimhthíoch iad na lads seo agus go raibh rud acu a dtiocfadh leo greim a choinneáil air - is é sin, a bhféiniúlacht.
An-seift is ea é, it is a great device/trick
leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna. with the next generation of devices
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
gléasanna soghluaiste tapa fast mobile devices
" Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2.
chuig an ngléas taifeadta. to the recording device
" Tá sé faoi gheasa anois agus tá a chuid mothúchán uile ar nós srutha dhiamhaire – iad ag taisteal óna chroí chuig a mhéara, chuig a ghiotár agus amach chuig an ngléas taifeadta.
seift éifeachtach effective device
" Úsáideann Ryan agus Mac Dhonnagáin seift éifeachtach chun brí chomhaimseartha a chruthú don dán seo ar an dlúthdhiosca – tá fuaimeanna tráchta le cloisteáil sa chúlra agus aithris á déanamh air.
ghléas bolscaireachta propaganda device
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
má fhágann siad ar a chonlán féin é. if they leave him to his own devices
" Deir sé leo go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire má fhágann siad ar a chonlán féin é.
gléas device
" Beidh an gléas ar fáil ar raon leathan seirbhísí – Vodafone, O2 agus Meteor ina measc.
gaireas loiscneach incendiary device
" An tseachtain seo caite, fágadh gaireas loiscneach in JBB, siopa spóirt i lár Bhéal Feirste.
gléasanna nua teicneolaíochta new technological devices
" (Paragraf 10) GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa lá atá inniu ann tá gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla.
gléasanna devices
" Má bhí tú i Luimneach an mhí chaite, gach seans go bhfaca tú radharc an-ait: bhí go leor daoine ag dul timpeall na cathrach go mall le gléasanna GPS agus leabhair nótaí ina lámh acu.
áis a device / means
" Nuair a chuaigh Liam ar scoil sa deireadh, lean sé leis ag tarraingt, ach ansin b’éigean dó bogadh chuig scoil speisialta do pháistí a bhí breoite, inar chaith sé dhá bhliain, sular phill sé ar Scoil na Croise Naofa agus chuig meánscoil Naomh Gabriel i dTuaisceart Bhéal Feirste.
ngléas device
" Leis an gclúdach deas leathair agus dath airgid air, tá cuma iontach ar an ngléas freisin.
deis facility, device
" Le dua fuarthas bealach lena scríbhneoireacht a mhealladh agus deis a thabhairt dó cumarsáid leis an domhan mór.
Ba dheis cruála eile it was another cruel device
" Ba dheis cruála eile aige orthu an dorchadas.
gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa a credit crisis solution device
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
uirlis device, tool
" Is uirlis fhíorchumasach é chun an nasc a chruthú idir comhlachtaí agus an margadh.
ghléasanna devices
" leabhair i bhfoirm chomhaid leictreonacha ar féidir iad a léamh ar ghléasanna úra ar nós an "Kindle".
gaireas a device
" Cuireadh tús leis i Feabhra 1986 nuair a d’eirigh leis an Mossad an ‘Traíoch,’ gaireas cumarsáide, a chur isteach go rúnda in árasán i Tripoli.
gaireas device
" Ach cén fáth go gcabhródh gníomhairí Iosraelach lena gcuid naimhde Ioslamacha greim a fháil ar an mbuama? Bhuel, dá bpléascfaí gaireas eithneach i gcathair Mheiriceánach, meas tú céard a tharlódh i ndiaidh sin? Is cinnte go gcuirfí an milleán ar thír Ioslamach éigin, is dócha, an Iaráin nó ar an bPacastáin, as cabhair a thabhairt do na sceimhlitheoirí – is cuma faoi na fíricí.
gairis chúléisteachta a listening device
" Go deimhin, ’sé Adams féin a mhol go bhfaighfeadh sé peata agus cé gur thairg sé ceann a fháil dó, bhí imní ar lucht slándála go mbeadh gairis chúléisteachta ina lapa! Nuair a b’éigean do Mhandelson éirí as a chúram, ghlaoigh Adams le comhbhrón a dhéanamh leis.
áis device
" ” Cúis mhór ghearáin eile a bhí ag Balor faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ná líon na mbaincéirí, na n-iarbhaincéirí, na bhfobhaincéirí agus na neasbhaincéirí a bhí i láthair agus a bhí ag cur samhnais ar na fíor-Ghaeil lena mbréagchrábhadh faoi thábhacht theanga na Gaeilge ina saol agus i saol an náisiúin.
gléas device
" Ar bhealach cuirfidh sé leis an deighilt idir saibhir agus daibhir faoi mar a rinne gach gléas teicneolaíochta eile ón ghuthán go dtí an teilifís.
giúirléid device
" Níor oibrigh gach giúirléid a sheol Apple, ach, bhí Jobs in ann a 'theachtaireacht' a thabhairt do dhaoine go héasca - .
gairis devices
" Cé gur ghlac an breitheamh a bhí i mbun na trialach leis nach raibh Eileen Gillespie i Sasana nuair a phléasc cuid de na gairis a bhí i gceist, dúirt sé go raibh ról *‘sinister and evil’* ag an bheirt deirfiúracha sa chomhcheilg.
uirlis shoghluaiste a mobile device
" Gan amhras, beidh léitheoir nó dhó den alt seo ina measc siúd a fuair uirlis shoghluaiste nua don Nollaig: an bhfuil *Angry Birds* insealbhaithe ar go fóill.
cé na deiseanna teicneolaíochta what are the technological devices
" Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile? Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin.
mar áis leithleach as a personal device
" Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de.
ní fiú an uirlis seo don uasteilgeoir amháin this device isn’t worth buying for the overhead projector
" Cé gur mór liom an smaoineamh agus stíl an ghuthain seo de réir na léirmheasanna a léigh mé, ní fiú an uirlis seo don uasteilgeoir amháin.
Is gléas seachráin é an t-idirlíon the internet is a delusion device
" Is gléas seachráin é an t-idirlíon thar aon ní agus tá sé dár dtabhairt i dtreo nua: tá sé ag athmhúnlú ár n-aigní.
mar dheis poiblíochta as a publicity device
" Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine.
Sás staidéir a device for studying
" Sás staidéir is ea PoetryBeo a chuireann filíocht Ghaeilge na hArdteiste ar fáil ar bhealach atá i dtiúin leis an bhforbairt thar cuimse atá ag teacht ar an nuatheicneolaíocht, ar phraghas níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh.
gaireas frithghadaíochta ar na gluaisteáin an anti-theft device on the cars
" An ceann is simplí, go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí slándála – is fairsinge i bhfad iad na haláraim tí anois ná mar a bhí siad deich mbliaina ó shin, tá gaireas frithghadaíochta ar na gluaisteáin, agus tá TVI ag an chuid is mó de na siopaí.
ceannaigh na giuirléidí seo a leanas buy the following devices
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
uirlis a tool, device
" "Ní amháin go bhfuil an t-iompar seo ár gcoinneáil siar ach is uirlis í leis an phobal a choinneáil sa dorchadas chomh maith.
na huirlisí s’againne the devices we have
" Dá bhfheicfeá an tslí a úsáideann an gasúr is óige againn na huirlisí s’againne, d’aontófá liom.
gléas a device, machine
" Na hIlmheán ====== Beidh díolachán suntasach ar theilifíseáin ghlice an Nollaig seo (is fearr liom an aidiacht ‘glic’ sa chás seo seachas an gnáththéarma ‘cliste’; an féidir le gléas a bheith cliste i ndáiríre?).
as fearaistí spiadóireachta from spying devices
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
luaigh mé dhá airnéis I mentioned two articles, devices
" aspx> don Nollaig inar luaigh mé dhá airnéis theicneolaíochta inchaite, ceamara agus uaireadóir.
do chuid uirlisí aibhléise a athluchtú ar to reload your electric devices on
" Gach seans go bhfuil coinneálaí tuáille cistine agat cheana ach an féidir leat do chuid uirlisí aibhléise a athluchtú ar do choinneálaí tuáille cistine? Ní féidir? Conas a mhair tú go dtí seo? (Cé go bhfuil mé ag magadh faoin uirlis cistine seo tá cuid díom ag smaoineamh faoi cé chomh háisiúil is a bheadh sé…) Dála an scéil, an bhfuil fhios agat go bhfuil soicéad le (USB)(http://www.
giuirléidí áiféiseacha seo these mad devices
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.
gléas device
" Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox.
gléasanna leictreonacha electronic devices
" Tá cosc ar go leor gléasanna leictreonacha ar eitleáin faoi láthair, gutháin shoghluaiste san áireamh, ach d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin sna blianta atá amach romhainn.
gléasanna seinnte ceoil music playing devices
" Murach an tOirmhinneach Nicholas Callan agus eolaithe eile Éireannacha seans nach mbeadh gléasanna seinnte ceoil mar an iPod chomh maith is atá siad, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
Seift chliste clever device or trick
" Seift chliste ab ea é Sarah Palin a roghnú mar iarrthóir leasuachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh, dar le Brian Ó Broin, mar go rachaidh a cuid polaitíochta i bhfeidhm ar mhuintir na stát bocht tuaithe.
deis facility, device
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
acra cliste a cute device
" Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo.
giolla guy, device
"giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith.
háiseanna iontacha ár linne wonderful devices of our times
" Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.