Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh sé ag déanamh lá difir it wasn't making any difference
" Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
ní dhéanfadh sé lá difir dósan it wouldn't make a blind bit of difference to him
" Thiocfadh leis a bheith ina shuí suas go dtí an dá shúil i stúr agus ní dhéanfadh sé lá difir dósan.
difir difference
" Is é ár ngnó anois bealaí trédhearcacha éifeachtacha fiúntacha a chur ar bun le go dtig le deontóir nó le daonchara deonachán a thabhairt agus fios a bheith aige go ndéanfaidh an t-airgead sin difir.
cé a d'aithneoidh an difear who would recognise the difference
" Agus cé a d'aithneoidh an difear idir damhsa na Rúise agus an stuif a théinn amach beo ar *Steip* gach bliain? Ní bheidh a fhios ag Joe Ó Doornail, an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, ar scor ar bith.
níl de dhifear idir an dá théacs there is no difference between the two texts
" Go deimhin, níl de dhifear idir an dá théacs ach deich gcinn den 250 alt a bhí sa Bhunreacht.
difear difference
" An ann dó? Más ann, an ndéanann sé difear ar bith? Beidh orainn fanacht go dtí De Céadaoin le fáil amach cad é tá le rá ag an Choimisiún Neamhspleách Faireacháin (CNF) leis an "fhírinne" a fháil.
difear difference
" Futa Fata Tá difear miontláith idir an pobal atá á chothú ag Futa Fata ar Facebook agus an dream a bhíonn istigh ar Gharraí Johnny Mhorgan: tá an leathanach ar Facebook dátheangach, a bheag nó a mhór, a fhad is atá an blag beagnach i nGaeilge amháin le míreanna níos faide rud a thugann le fios go dtuigeann Futa Fata an t-am atá ag lucht úsáide an dhá mheán.
difir an domhain a world of difference
" Glacfaidh sé tamall fada ach bainfear cothromaíocht chultúir amach luath nó mall agus tá difir an domhain idir stádas na gCaitliceach inniu agus a stádas le linn reiméas Stormont.