Pota Focal Intergaelic
aint | dent | diat | diet | din
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neart a ghangaide the dint of his venom
" Scríobh fear a thugann Grassy Noel air seo - agus is fiú a fhágáil gan aistriú le go bhfaighidh sibh neart a ghangaide.
le teann feirge with dint of temper
" Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo.
le teann with dint
" Agus cad é faoi na Francaigh a bhí ag teacht thar sáile? Ní thig léi canadh fúthu siúd níos mó, nó tá na Francaigh uilig ar shiúl abhaile arís thar sáile, le teann díomá agus ocrais agus bamba agus eile.
le teann from dint, due to
" Tá polaiteoirí Theach Laighean ag titim dá gcuid suíochán costasach compordach mar a bheadh duilleoga sa ghaoth Mhárta – cuid acu ag titim gan éirí, agus cuid eile ag titim le teann gáire fúthu siúd nach n-éireoidh arís.
le teann by dint
" Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, an le teann éada a maraíodh iad nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafáis seo? Craolfar Na Cloigne arís mar scannán lán fhada ar TG4 amach san fhómhar.
le teann faitís by dint of fear
" Cur na Ceiste ====== Ach, níor mhaith liom imeacht rófhada ón scéal, agus mar sin pillfidh mé ar Bhalor Óg bocht ina sheasamh go faiteach ag béal na pluaise, é ag bogadach thart le teann faitís, agus é ag fanacht le freagra a athar faoin bhrí atá le ‘polaitíocht’.
le hairm is le comhrac by dint of arms and battle
" Is ann do 'tor Breoghain' i gcónaí, faoin ainm 'La Torre de Hércules' (luaitear an túr le laochra lasmuigh den traidisiún Ceilteach leis!) ach mo léan Breoghan (nó go deimhin Hércules) féin, ní dhéanfadh a shlí isteach ann faoi láthair mura rachfadh sé le hairm is le comhrac.
le barr míchéadfa by dint of his being upset
" Is féidir, le barr míchéadfa, neamart a dhéanamh agus ba cheart láiche an lucht tacaíochta a mholadh go hard nuair is tábhachtaí an tréith áirithe sin ná a lán eile a dhéanaimid sa saol.
de thoradh saibhris agus cáile by dint of wealth and fame
" Baile Átha Cliathach a rugadh i 1708, ach de thoradh saibhris agus cáile, bhain sé an Bhrasaíl amach thart ar 1739 mar shaighdiúir tuarastail ag troid i gcoinne treibheanna na háite.
nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint shall not understand by dint of their laziness
" Ach ar ndóigh beidh siad ann i gcónaí nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint; na daoine a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn, gur muslamach é Barack Obama, nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama agus nach bhfuil an domhan cruinn!
le neart polaitíochta agus le gaireas smachtaithe an stáit by dint of political and oppressive state apparatus
" Le 50 bliain, b'fhurasta neamhaird a dhéanamh orthu, le neart polaitíochta agus le gaireas smachtaithe an stáit anuas ar an neamhaird a rinne rialtais i Sráid Chill Dara agus ag Westminster.
de dhroim riachtanais by dint of necessity
" Mar sin féin, de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta.
de bharr feabhas na dtosach atá acu by dint of their excellent forwards
" Is acu atá an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu.
le barr staince, gránach by dint of obstinacy and loathing
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
le teann fuatha by dint of hatred
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
le barr ómóis from dint of respect
" Scríobh Tony an t-alt seo thíos le barr ómóis dó.
le barr with dint
" Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.
le barr by dint (of)
" Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis.
faobhar dint, edge
" Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.
Le barr díograise by dint of zeal
" Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.