Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scoilt sheicteach sectarian divide
" Cad é is féidir a dhéanamh le scileanna agus postanna a thabhairt do na daoine ón dá phobal atá caite ar leataobh de bharr an díthionsclaithe? Seans maith nach mian leis na polaiteoirí an cheist a chur ar an dóigh sin mar go mbraitheann a gcuid vótaí ar an scoilt sheicteach.
roinnte divided
" Oifigí nuachtáin atá san fhoirgneamh seo agus tá sé roinnte ina dhá leath.
a roinnt suas divide up
" Fuair siad deontas beag ón Chomhairle Ealaíon agus d'éirigh leo an spás ar an cheathrú hurlár den fhoirgneamh a ghlanadh amach agus a roinnt suas ina spásanna éagsúla.
ag cothú deighilte causing a divide
" Ach dealraíonn sé gur seo rud eile atá ag cothú deighilte idir an dá champa.
á rann being divided
" I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill, ag stracadh leis an aimsir agus le cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann.
de shochaí scoilte of a divided society
deighilte divided
" Cé go bhfuil dhá champa éagsúla, atá deighilte go hiomlán óna chéile, i gceist san argóint seo mar gheall ar oideachas gnéasachta, ní ceist dubh agus bán í in aon chor.
go roinnfí Baile Átha Cliath that Dublin would be divided
" Anuas air sin, cúpla mí ó shin rinne an Taoiseach iarracht tabhairt ar an Uasal Ryan glacadh le socrú go roinnfí Baile Átha Cliath idir thuaidh agus theas, sin le rá gur i ndeisceart na cathrach amháin a dhéanfadh an tUasal Ryan a chuid stocaireachta agus, dá réir, go bhfanfadh an tUasal Brady i dtuaisceart na cathrach.
go roinntear an obair that the work is divided
" Tá an anamúlacht chomh costasach sin go roinntear an obair idir comhlachtaí éagsúla i dtíortha éagsúla.
roinnte divided
" Tá an anamúlacht chomh costasach sin go roinntear an obair idir comhlachtaí éagsúla i dtíortha éagsúla.
a roinnt to divide
" Is féidir léarscáil na tíre a roinnt i mionghreillí (25 x 40 méadar, mar shampla) agus comhordanáidí a chur ar gach ceann acu, mar dhomhanleithead agus domhanfhad.
agus an chreach á roinnt eatarthu and the booty being divided between them
" Sraith Eorpach a bheas ann as seo amach ina mbeidh dornán clubanna móra saibhre páirteach agus an chreach á roinnt eatarthu.
a roinnt to divide
" Is féidir léarscáil na tíre a roinnt i mionghreillí (25 x 40 méadar, mar shampla) agus comhordanáidí a chur ar gach ceann acu, mar dhomhanleithead agus domhanfhad.
roinnte divided
" Tá an taispeántas roinnte i dtréimhsí deich mbliana, ag tosú sna 1950í nuair a thóg Henri Cartier Bresson íomhánna tochtmhara de pháistí gioblacha ag súgradh taobh amuigh de thionóntán i mBaile Átha Cliath.
Roinneadh an domhan the world was divided
" Roinneadh an domhan ina cheithre chuid agus beidh Marco Fedi agus Nino Randazzo ina n-ionadaithe don toghlach is mó: an Áis, an Afraic agus na hAigéin.
ag roinnt a gcuid ama dividing their time
" Beidh an bheirt acu ag roinnt a gcuid ama idir Melbourne agus an Róimh.
a roinnt to divide
" Tugadh tús áite ó thaobh ticéad de do dhaoine a raibh ticéad séasúir d'Anfield acu agus ansin eagraíodh ballóid leis an 1,000 ticéad a bhí fágtha a roinnt idir an lucht tacaíochta eile.
roinntí an méid a bhíodh fágtha the amount left would be divided
" ” An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
roinnte in dhá chatagóir divided in two categories
" Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
sochaí dheighilte, éagothrom a divided and unequal society
" Ar bhealach níor chóir go gcuirfeadh torthaí na tuarascála seo aon ionadh orainn mar an té a bhfuil súil ina cheann aige feiceann sé gur sochaí dheighilte, éagothrom atá againn in Éirinn ó thaobh cúrsaí ioncaim, oideachais, sláinte, caighdeáin mhaireachtála agus mar sin de.
roinn mé I divided
" Ar dtús roinn mé an leabhar idir cúig uirlis: an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an fhidil, an bosca ceoil agus an consairtín.
sular roinneadh farasbarr Barrett. before Barrett's surplus was divided.
" D’fhág sin an cúigiú suíochán idir Richard Boyd-Barrett agus Ciarán Cuffe, Boyd-Barrett fós chun tosaigh sular roinneadh farasbarr Barrett.
ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, on the north/south divide in England,
" ) Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an *Telegraph* foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé! Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar *bona fides* na tuarascála.
go bhfuil an margadh cianaistir á roinnt. that the long-haul market is being divided.
" Seo thuas cúpla ceann de na comharthaí go bhfuil an margadh cianaistir á roinnt.
roinneadh na rannpháirtithe i ngrúpaí the participants were divided into groups
" Thug siad cuireadh do mhíle duine a bheith páirteach agus roinneadh na rannpháirtithe i ngrúpaí (céad duine i ngach ceann acu) agus phléigh gach grúpa dúshlán amháin ar feadh an deireadh seachtaine.
scoilt ollmhór huge divide
" Le húsáid a bhaint as líric a chum Paul Simon, is as “*the cradle of the Civil War*” di, áit a raibh scoilt ollmhór idir iad siúd a bhí ar thaobh an Chonartha agus iad a bhí ina éadan.
scoilt split or divide
" **Toirmeasc**Sampla maith den scoilt seo idir tuath agus cathair ab ea an méid a tharla in Washington, D.
Dealaíonn sí she divides
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile.
deighilte divided
" Nó dá mbeadh sí i gcré na cille cionn is gur mharaigh saighdiúir de chuid Arm na Breataine í, an mbeadh sí ag caitheamh mallachtaí orthu sin a dúirt nach íobartach ‘ceart’ a bhí inti? Dá mbeadh cead cainte ag na 3524 fíormharbhán a maraíodh le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, cad é déarfadh siad? B’fhéidir go mbeadh siad chomh deighilte leis an bhunadh a d’fhág siad ina ndiaidh.
roinntear divided
" Ní ga dom ach seinnt nó fuaimeanna nó frásaí ceoil a thaifeadadh agus fágaim an draíocht teicniúil faoi na draoithe teicniúla! Sé an chaoi go n-oibríonn sé ná go roinntear an scáileán i mboscaí ina gcuirtear ruainní beaga ceoil atá réamhthaifeadta agus trí bhreathnú ar na boscaí ‘seinntear’ an ruainnín ceoil.
dhealaigh divided
" Gheall an ceannaire cumannach ó Oirthear Bheirlin, Erich Honecker, i 1989 go mbeadh an balla, a dhealaigh pobal na cathrach lena chéile le 30 bliain, ina sheasamh go ceann 100 bliain eile.
deighilte divided
" Chun an fhírinne a rá, tá mo chroí féin deighilte idir r-phost agus seirbhísí bunaithe ar RSS ó thaobh nuashonrú rialta.
scoilt divided
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
scaipeadh divided
" ” Saol na Polaitíochta Is léir gur bean í Ivana atá thar a bheith cumasach is lán de bhrí, ach ar tháinig iarracht den aiféala uirthi riamh nár dhírigh sí a cuid fuinnimh go léir ar an aon réimse amháin a bhféadfadh sí a rian a fhágáil air? “Tá dlúthbhaint ag na réimsí go léir lena chéile – an cleachtas, an obair acadúil agus an pholaitíocht, ní bhraithim go bhfuil mo chuid fuinnimh á scaipeadh go róleathan agam.
deighilt divide, split
" Cuireann sé go mór leis an deighilt ‘muidinne’ agus ‘iadsan’, ach tá daoine éirithe compordach leis.
Roinntear are divided
" Roinntear na rannpháirtithe ag an gCalcúta i ngrúpaí, ar a dtugtar sindeacáití, le himthairiscintí a dhéanamh sa cheant.
roinneadh divided
" Rinneadh comhréiteach faoi dheireadh thiar thall inar roinneadh na cumhachtaí idir an rialtas cónaidhme agus rialtais na stát.
roinnte ar divided
" Éascaíonn na teicneolaíochtaí seo scaipeadh an ábhair ach níl sé soiléir go gcruthaíonn siad saol níos cóire ina bhfuil an saibhreas a thuilltear roinnte ar chách a chruthaigh an saibhreas céanna.
aigne roinnte divided mind
" Tá an ‘aigne roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley.
Dá roinnfí na suíocháin were the seats to be divided
" Dá roinnfí na suíocháin sa Dáil do réir na gcéatadán sin, bheadh 54 shuíochán ag an Lucht Oibre, 41 ag Fianna Fáil, ag tógaint suíochán an Cheann Comhairimh san áireamh, 40 ag Fine Gael araon, 13 ag Sinn Féin agus 15 ag Neamhspleáigh nó páirtithe eile.
dhriogadh divide, fractionalize
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
scartha divided
" Dá iontaí é an dul chun cinn atá déanta ó thuaidh, is léir gur sochaí leithscartha a bheas againn go cionn fada go leor eile.
deighilt divide
" Ach i mí Dheireadh Fómhair, bhain an Chéad Aire, Peter Robinson, geit as daoine nuair a mhaígh sé gur comhartha sóirt na cinedheighilte é an córas oideachais ó thuaidh agus go raibh córas ar bith a chruthaigh deighilt idir pháistí, "mímhorálta".
deighilt divide
" Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
Imleach Mór the Great Dividing Range
" Is baile beag é Gunnedah, lonnaithe ar bhruach na habhann Namoi, ar an taobh thiar den Imleach Mór, a scarann an stiall chaol ar chósta thoir na hAstráile ó na machairí ollmhóra intíre.
deighilt divide
"deighilt mhór ar an gceist i bPáirtí an Lucht Oibre, gan aon agó, ach beidh an cheist ar an gclár oibre ag a gcéad chomhdháil náisiúnta eile, a reáchtálfar i mí na Nollag i mbliana.
deighilt a divide
"deighilt i measc mhuintir na hAstráile i dtaca leis an gCeallach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 5, Meán Fómhair 2001).
méid na deighilte the extent of the divide
" Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.
roinnte ina dhá leath divided in two
" Bhí coláiste Gaeilge ar an oileán, agus bhí an t-ádh linne mar bhí an t-oileán roinnte ina dhá leath – na tithe ina mbíodh na cailíní agus na tithe ina mbíodh na buachaillí agus bhí muide ar thaobh na mbuachaillí.
roinnte ag an Roinn divided by the department
" Tá an Ghaeltacht oifigiúil, mar atá sé faoi láthair, roinnte ag an Roinn isteach i ‘19 gceantar pleanála teanga’ agus beidh ar chuile cheantar plean teanga a chur le chéile faoi stiúir Údarás na Gaeltachta.
roinneadh was divided
" Bhí Tír Aodha ina chuid de dháilcheantar Dhún na nGall sa chéad Dáil agus ina chuid den dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas ó roinneadh an chontae ina dhá chuid.
roinnte ag divided by
" Ach anois tá an dá thír seo a bhfuil an méid sin nasc acu lena chéile roinnte ag teorainn an AE agus tá víosaí ag teastáil ó Úcránaigh ar mian leo dul trasna na teorann.
roinneadh was divided
" Nuair a roinneadh an talamh faoi Phoblacht na Fraince, roinneadh an cladach agus an talamh chimín óna chéile.
buanú na deighilte continuing the divide
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
deighilte divided
" An deighilt a tharla ó thuaidh, d’fheil sé do na húdaráis ag an am go mbeadh gnáthmhuintir na Sé Chontae deighilte agus nach seasfadh an lucht oibre ar fad le chéile ón taobh aontachtach agus ón taobh poblachtach nó náisiúnach.
Scair is Treascair divide and conquer
" 'Scair is Treascair,' a thugtaí ar an chur chuige seo in aimsir Iúl Caesair.
ar deighilt divided
" Is le blianta anuas atá saol na Gaeilge ar deighilt, idir saol na Gaeltachta ag saol na Galltachta.
deighilt ghéar a sharp divide
" Bhí deighilt ghéar idir na páirtithe forásacha, atá i gcomhrialtas san ACT, agus an Páirtí Liobrálach, an freasúra, i dtaca leis an mbille.
le dáileadh ar to be divided between
" Faoin Múnla Nua Maoinithe beidh an t-airgead, a bhíodh á chaitheamh ar 16 de na heagraíochtaí Gaeilge go dtí seo, le dáileadh ar 6 ‘Cheanneagraíocht’.
roinntear an talamh the land is divided
" “San Airgintín, i ndiaidh d'úinéir feirme bás a fháil, roinntear an talamh i measc gach ceann de na hoidhrí.
roinneadh was divided
" Mar sin, nuair a fuair m’athair bás in 1999, roinneadh an fheirm idir cúigear againn agus is iad an cúigear againn atá i mbun na feirme.
bhí sé roinnte eadar rannóga it was divided between sections
" Chuir mé isteach air agus fuair mé cúig lá na seachtaine, agus bhí sé roinnte eadar rannóga.
choinneáil roinnte keep divided
" Ní thuigim cén fáth a bhfuil mionlach in ann an tír seo a choinneáil roinnte ina dhá cuid.
Divide et Impera divide and conquer
" Divide et Impera ====== Má bhí Meiriceá imithe, ní raibh na ceannaircigh.
roinnte idir divided between
" Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors.
Tá meon an phobail scoilte public opinion is divided
" Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht.