Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an nathair dhiaga the divine snake
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
idirghabháil dhiaga divine intervention
" Creidtear sa bhaile gur idirghabháil dhiaga a shábháil Barra de Navidad sa deireadh.
bó dhiaga divine cow
" ) Is iomaí bó dhiaga a roinn siad le chéile, iad ag caitheamh siar bairillí pórtair 'fhad is a bhí siad á gcogaint.
an dlí diaga the divine precept
" Scríobh sé gur cheart do dhaoine an dlí diaga a leanúint: “in doing to others, as we would wish others do unto us.
a bhraith go raibh ceart diaga acu who felt that they had a divine right
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
do bharúil dhiaga shaineolach your expert divine opinion
" Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht Dé ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?** Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, tá iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile ná gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr.