Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochloíte invincible
" Ach cuimhneoidh daoine atá aois áirithe ar na luathsheascaidí nuair a bhí foireann Thiobraid Árann ("Babs" Céitinn, John agus Jimmy Ó Dúill, Tony de Bhial, agus araile) in ainm is a bheith dochloíte, sé sin go dtí gur bhuaigh Cill Chainnigh orthu i 1967 agus Loch Garman i 1968.
dochloíte unbeatable
" Gach foireann dochloíte, cloítear í luath nó mall.
dochloíte invincible
" Tá Cionnaith Mac Craith, Dan Ó Seanacháin, Eoin Ó Ceallaigh, Antaine de Brún, Seán Ó Maoláin agus araile ina n-iománaithe iontacha, iad dochloíte agus iad i mbarr a maitheasa, agus ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann – bheadh sin iontach ar fad, faoi mar a bhí 1996 nuair a bhuaigh Loch Garman.
dochloíte indomitable
" Feicimid fosta an meon neamhspleách, dáigh, dochloíte a bhí mar bhunús lena chuid ábhar eile próis – a chuid litreacha agus aistí.
impire dochloíte the invincible emperor
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
dochloíte undefeatable
" Ní mór a rá, áfach, nach bhfuil foireann ar bith dá fheabhas í dochloíte go deo.
fianaise dochloíte solid evidence
" ece) Chreid go leor ar an eite chlé é in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurbh ó lucht Iosrael a theastaigh an cogadh.
dochloíte invincible
" Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin.
grá dochloíte unquenchable love
" Ní dheachaigh mé thar fóir le rud ar bith i mo shaol roimhe seo – seachas an grá dochloíte atá agam do mhuintir na hÉireann – agus níl sé ar intinn agam tosú anois.
fianaise dochloíte incontrovertable evidence
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
Nach mé atá dochloíte I’m the invincible one
" Nach mé atá iontach! Nach mé atá dochloíte!” **Balor:** “A Ardrí Éireann,” a dúirt Balor go breá béasach, “bhí mé an-tógtha leis an aitheasc agus le do bhua ar lucht an airgid Eorpaigh, mar a bhí gach duine ar m’aithne.
réimeas dochloíte invincible reign
" Nach againn a bheas an chraic, a Bhaloir? Beidh mise dolúbtha faoi seo agus beidh mo chuid rialacha dobhogtha agus mo réimeas dochloíte.
mar aon leis an ocras dochloíte collaí céanna along with the same insatiable sexual appetite(s)
" (Dlúthchara macánta aige áfach ab ea Jack Kennedy óg - beirt iarshaighdiúirí iad mar aon leis an ocras dochloíte collaí céanna ag déanamh tinnis dóibh).
dochloíte fós still invincible
" Is beag mórintinneacht atá léirithe acu ach measann siad go bhfuil siad dochloíte fós.
tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin I’m unenticeable, invincible, unmoveable in that regard
" Ní bhainfhidh mé an ghairleog agus tá mé domheallta, dochloíte, dobhogtha faoi sin.
dochloíte nach mór invincible almost
" D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
scannán a bhfuil grá domhain dochloíte a film which has deep invincible love
" Chaith Pat Butler súil ar scannán a bhfuil grá domhain dochloíte agus scoth d’ealaín na haisteoireachta ann, ‘Amour’ le Michael Haneke.