Pota Focal Intergaelic
cock | deck | doc | duck | hock
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na ndugaí the docks
" Os cionn na ndugaí, tá cuid crann tógála mór buí Harland and Wolff le feiceáil.
dugaire dock workers
" Bhí an ráta dífhostaíochta ag 18% aimsir an toghcháin dheireanaigh, bhí frithdhúnadh a mhairfeadh fiche mí á dhéanamh ar chúig chéad dugaire agus bhí muintir na háite ag súil le cuidiú go gasta.
dugaí docks
" Seo mar a thosaigh siad: Bhí achrann ann idir féitheoir Caitliceach agus oibrí Protastúnach sna dugaí.
duganna docks
" Theastaigh ó Robert Delargy, úinéir Pádraic's Place, an tábhairne ar na duganna i nGaillimh inár tógadh Ó Conaire, go ndéanfaí breithlá an scríbhneora a cheiliúradh agus d'iarr sé ar Dhiarmuid rud éigin a chur le chéile.
dugaí docks
" Tháinig coimeádáin lasta go dtí na dugaí.
dugaí docks
" Tá Larkin, a bhí ina cheannaire sa Fhrithdhúnadh Mór i mBaile Átha Cliath i 1913, mór le rá go fóill i measc na nÉireannach agus na gceardchumannaithe ar Merseyside; bhí Jimmy Nolan, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh fada sna dugaí i Learpholl 1995-1998, mar aoi-chainteoir ag an slógadh roimh an pharáid.
dugaí docks
" "Gránna," a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.
sna dugaí in the docks
" Lá amháin chonaic mé tanc mór sna dugaí i Learpholl agus an focal Gaeilge "Um" air.
dugaí docks
" Tá mo theach féin díreach in aice leis an iarnród go dtí na dugaí, sprioc mhór de chuid an *Luftwaffe* sa *blitz *i 1940.
dugaí docks
" Agus i 1997, i rith fhrithdhúnadh mór na ndugaí i Learpholl, bhí siad chun tosaigh sa pharáid ollmhór tríd an chathair.
i gceantar na ndugaí in the docks area
" Rugadh agus tógadh é i gceantar na ndugaí i Learpholl, áit a raibh formhór na ndaoine de bhunadh Éireannach.
úinéir na ndugaí the owner of the docks
" Bhí mámh ag an rialtas nua fosta – bhí 14 % de scaireanna an Mersey Docks and Harbour Company (MDHC), úinéir na ndugaí, ag an rialtas, rud a chiallaigh go dtiocfadh leo brú a chur ar an chomhlacht.
dugaí docks
" Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.
duganna docks
" Ceantar margaidh a bhí san áit tráth, ina raibh duganna do bháid trádála agus phaisinéirí.
dhuga docks
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
seanduganna old docks
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
dhuganna nuachóirithe newly refurbished docks
" Rinneadh sáriarracht ceantar turasóireachta a dhéanamh den cheantar ó na seascaidí i leith, agus bíonn tramanna agus busanna saor in aisce ag rith anois thar dhuganna nuachóirithe a bhfuil iarsmalanna de gach saghas ina seasamh in áit na seanmhonarchana agus trádstóras.
Faoi Chopóig under a dock leaf
" Faoi Chopóig nó Faoi Theastas? ================== Bhí an cheist ina mhórachrann arís le déanaí mar gheall ar an Uachtarán Barack Obama, a rugadh in Hawai'i in 1964.
nuair a bhuail a long cloch is cuan when the ship docked
" Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954.
chalafort port, docks
" Thosaigh an Blitz faoin am sin agus sprioc thábhachtach a bhí i Learpholl don Luftwaffe mar tháinig a lán lónta tríd an chalafort.
faoi dhuga do bhád about a dock for boat(s)
" Nílim ag caint faoi dhuga do bhád - nílim chomh ardnósach sin go fóill! Séard atá i gceist ná meascán idir seastán agus callairí don iPod nó iPhone.
idir dhuganna agus challairí gan sreang of both docks and speakers
" Tá réimse leathan idir dhuganna agus challairí gan sreang ar fáil ó Altec Lansing, mar shampla, le réimse leathan praghasanna leis.
dá mbainfí oiread is pingin rua if as much as a penny was docked
" Nuair a bhí cainteanna Pháirc an Chrócaigh II ar siúl, fuair ceardchumainn na múinteoirí – na trí cinn acu – údarás ó na baill le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha dá mbainfí oiread is pingin rua óna dtuarastal.
dugaí docks
" Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.