Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íomhá dhoiléir indistinct image
" Bíonn sé sin go breá nuair a bhíonn an nuacht á léamh, ach má bhíonn radharcanna á dtaispeáint ó chluichí peile bíonn an pictiúr ag athrú go minic, agus ní fheictear ansin ach íomhá dhoiléir.
an-doiléir very unclear, vague
" Tá an smaoineamh áirithe seo faoi thaithí oibre an-doiléir go fóill agus tá gá le míniú soiléir ar an dóigh a bhfuil sé i gceist an córas a chur i bhfeidhm.
téacs doiléir i lámhscríbhinní indistinct text in manuscripts
" Is féidir na teicnící céanna seo a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ghrianghraif atá glactha cheana féin, nó go fiú chun téacs doiléir i lámhscríbhinní a thabhairt chun solais.
an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir to wring defeat from the vague victory
" Dia ar sábháil, nár admhaigh an t-easaontóir is mó sa pháirtí, David Burnside, gur "gníomh substaintiúil díchoimisiúnaiathe" a bhí déanta ag an IRA ag deireadh na míosa seo caite? Cuir i gcás nár theip ar fhéinmhuinín an UUP agus nár éirigh leo - ní den chéad uair - an díombuadh a fháisceadh as an bhua dhoiléir a thug an IRA dóibh.
nathanna doiléire vague expressions
" Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta.
doiléir hazy, unclear
" Rinneadh ceangal idir an nóiseán cineál doiléir seo den tsaoirse agus an nóiseán doiléir eile gur daonlathas a bhí i Meiriceá, ina raibh próiseas cothrom toghcháin.
doiléir unclear
" ” * Chuir eagraíochtaí na bhfeirmeoirí is na siúlóirí an-fháilte roimh an bhreith seo mar go ndéanann sé soiléiriú ar an Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, dlí a bhí doiléir go maith roimhe sin.
doiléire vagueness
" Ach doiléire atá anois ann in áit na soiléireachta.
doiléir vague
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
go doiléir vaguely
" Tá na teileascóip sin iontach maith ag díriú ar rudaí nach bhfeiceann muid ach go doiléir, ach ní thaispeánann siad an pictiúr iomlán.
lorg doiléir an airgid fholachasaigh the vague trail of the hidden money
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
saibhir gan a bheith doiléir. rich without being obscure.
" Tá teanga an leabhair beacht ina cur síos ar charachtair agus ar mhothúcháin; níl na línte rófhada ach tá siad lán eolais; tá an scéal soiléir gan a bheith róshimplí agus tá an teanga saibhir gan a bheith doiléir.
doiléir unclear
" Tá na rialacha a bhaineann leis na raonta rothar sa tír seo casta in amanna, agus ní bhíonn sé soiléir cé aige a bhfuil an ceart slí Ní hamháin go gcuireann leagan amach na raonta rothar mearbhall ar dhaoine, ach bíonn sé doiléir freisin cad iad na hamanna ar féidir úsáid a bhaint astu.
tuiscint dhoiléir unclear understanding
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
doiléire vagueness
" Caithfear dul i ngleic leis an doiléire sin agus roinnt na hoibre idir an Foras agus an tÚdarás nua a dhaingniú go soiléir sa reachtaíocht nua má tá rath le bheith ar an straitéis seo.
tuiscint dhoiléir a faint idea
" Chonaic fear geal an liagán cáiliúil seo de chéaduair beagnach céad is ceathracha bliain ó shin, nuair nach raibh ach tuiscint dhoiléir ag na coilíneachtaí Eorpacha ar lár na hAstráile.
doiléire vagueness
"doiléire fosta ag baint le ról na n-eagraíochtaí éagsúla i bhfeidhmiú na Straitéise – idir Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, an tAonad Straitéise (a bheas freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an phróiseas phleanáil straitéise agus ar fhorbairt acmhainní) agus Foras na Gaeilge a bheas ag fanacht ‘mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán.
ráiteas doiléir a muddled statement
" Bhí an chuid deiridh den ráiteas doiléir, ach d’éirigh le Balor focail ar nós hoover agus tóin agus sáigh a aithint.
doiléir indistinct
" Cuid de na daoine a d'fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite.
doiléire ag baint a lack of clarity pertaining
" Thug Oifig an Ombudsman freagra ar na moltaí seo (9 Meitheamh, 2009) ach bhraith siad go raibh doiléire ag baint le cuid de na nithe a bhí le fágáil ar lár ón dréachtscéim.
níos, doiléire not as clear
" Bíonn sé níos, doiléire b’fhéidir, do dhaoine a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas, ná, abair, an dreas cainte.
abairt a bhfuil an oiread sin doiléire a sentence so indistinct
" “Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
Bearnaí, Trasnaíl agus Doiléire gaps, conflict (of work range), lack of clarity
" Bearnaí, Trasnaíl agus Doiléire =========== Tá cuid de na réimsí oibre thuas an-soiléir, ach tá cuid eile nach bhfuil.
trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar by slighting indistinctly
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.