Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar theann a ndíchill doing their best
" Ní nach ionadh go bhfuil siad ar theann a ndíchill an Tionól a choinneáil.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
tóiteog lazy woman, doing nothing
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
ar a ndícheall doing their best
" Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
ag amharc uaibh looking around, i.e. not doing anything
" "Seo," arsa Tomás, "ná bígí in bhur seasamh ansin ag amharc uaibh.
Nílid ag déanamh faic they're not doing anything
" Antaine: Céard faoi na scoileanna sa cheantar - an bhfuil aon rud ar siúl iontu sin? Éilís: Nílid ag déanamh faic deireadh seachtaine na hÉigse i mbliana ach táid á dhéanamh an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.
ag déanamh a díchill doing its best
" Ach mar sin féin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an iris ag déanamh a díchill gan an duine a bheadh níos feiliúnaí ná éinne eile a roghnú dá n-onóir: an tUachtarán George W.
ag déanamh dóthain doing enough
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
í ar a dícheall doing her best
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
i mbun a ceirde doing her thing
" Ba deas an radharc Joan agus í i mbun a ceirde.
ag gabháil go maith doing well
" Bhí mé ag gabháil go maith sa Roinn Éadóchais, ag treabhadh liom; achan duine, chóir a bheith, sásta agam agus sásta liom, taobh amuigh de na (blípeanna) sin san ASTI nach mbeadh sásta le Flaitheas Dé féin - ceann scríbe atá i ndán dóibh go luath má bhíonn neart agamsa air.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Sna laetha atá le theacht, beidh Blair ag déanamh a dhíchill tuilleadh soiléirithe a fháil ón IRA ach ní dócha go bhfaighidh sé é.
a seacht míle dícheall doing their very best
" Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic.
ar a ndícheall doing their best
" Tá grúpaí ar nós Taisce Árainn Teoranta agus Comharchumann Árainn Mhór ar a ndícheall ag iarraidh infrastruchtúr turasóireachta a chruthú don oileán agus tá forbairt na turasóireachta cultúrtha mar bhunaidhm acu.
ina cheann doing it
" "Bhuel," arsa Máire, "cén dóigh is fusa tabhairt faoi seo?" "Ó tharla gan ach an bheirt againn a bheith ina cheann, níl a dhath fána choinne ach na bocsaí a thabhairt isteach ceann ar cheann.
ar a ndícheall doing their best
" Bhí siad ar a ndícheall i gcónaí ag cuidiú liom, chaith siad airgead orm agus bhí muinín acu asam.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Níl mórán scríbhneoirí óga ag teacht chun tosaigh, dar leis, ach tá seisean ag déanamh a dhíchill, ag iarraidh daoine óga a spreagadh le ceardlanna agus ranganna.
ar an ealaín chéanna doing the same thing
" Tá filí na Gaeilge ar an ealaín chéanna.
ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
a bhfuil fíos a gnó go maith aici who really knows what she's doing
" Is duine ionraic díreach í a bhfuil fíos a gnó go maith aici agus tá sé de nós aici féachaint díreach ort agus í ag caint leat.
tá ag éirí go hiontach lena ghnólacht his business is doing really well
" Chuir Alan Jones, tábhairneoir The Ring O' Bells i West Kirby, cóngarach do Learpholl, cosc ar an tobac i Meitheamh 2003 agus tá ag éirí go hiontach lena ghnólacht ó shin.
ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith doing anyone an injustice
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith doing anyone an injustice
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil doing our utmost to gain victory
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
cén chaoi a gcuireann tú chuige? how do you go about doing it?
" AÓF: An bhfaigheann tú deacair é píosaí a chumadh, nó cén chaoi a gcuireann tú chuige? MÓR: Ceapaim go bhfuil sé iontach deacair píosaí a chumadh.
ag corraíocht leis an ghaoth struggling/doing battle with the wind
" Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
ag déanamh ar ndícheall doing our best
" Sinne in Oideas Gael ag déanamh ar ndícheall turasóirí a mhealladh chuig an cheantar agus sáraíonn amadán an áit go speisialta do RTÉ.
ar a ndícheall doing their best
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
ag déanamh mo dhíchill doing my best
" "Thosaigh mé ag déanamh mo dhíchill chun leigheas a fháil.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
ag déanamh a míle dícheall doing their utmost
" Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Cé go bhfuil sé anois ina chuid seachtóidí caitheann sé go leor dá chuid ama ag múineadh na Gaeilge na áiteanna difriúla agus ag déanamh a dhíchill spéis a mhúscailt i ndaoine sa teanga.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
i mbun céime sa Ghaeilge doing a degree in Irish
" “Thuig mé go dtiocfadh linn freastalaithe a fháil furasta go leor - tá neart mac léinn i mbun céime sa Ghaeilge.
i bun an tsearmanais oscailte doing the opening ceremony
" Ach nuair a bunaíodh an brú sna 1930í, bhí bean ar staonaire í i bun an tsearmanais oscailte.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
i bun an tsearmanais oscailte doing the opening ceremony
" Ach nuair a bunaíodh an brú sna 1930í, bhí bean ar staonaire í i bun an tsearmanais oscailte.
bhí ag éirí go maith leis an choláiste the college was doing well
" Nuair a ceapadh Philip Lewis mar phríomhoide i 1993, bhí ag éirí go maith leis an choláiste agus bhí £1 milliun i dtaisce sa bhanc.
ag déanamh innealtóireachta doing the engineering
" Triúr den bhanna a bhí ann, Liam agus Shea a bhí ag déanamh innealtóireachta dúinn.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
ag cruthú go maith doing well
" Agus is éard atá mise ag rá: na daoine atá ag cruthú go maith faoi láthair san ábhar a dtabharfaidh mé teanga na Gaeilge uirthi, beidh an rogha acu ansin an deis a thapú agus an buntáiste is mó a bhaint as an gcumas atá iontu tríd an dá ábhar a dhéanamh.
ag déanamh a ndíchill doing their best
" Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.
ar a ndícheall doing their best
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
ag déanamh béaltrialacha doing oral exams
" Is féidir linn bheith amuigh ag bunú clubanna óige, ag déanamh béaltrialacha le haghaidh na bhfáinní óir agus airgid, ag eagrú imeachtaí ar nós Chath na mBannaí agus deirí seachtaine oiliúna.
i mbun an taifeadta doing the recording
" ” De bhrí go raibh Muireann féin ag íoc as an stiúideo, chiallaigh sé nach bhféadfadh sí an oiread sin ama a chaitheamh i mbun an taifeadta.
ag déanamh dóthain doing enough
" Dúirt an tAire Cúrsaí Dúchasacha in Canberra, Mal Brough, nach raibh rialtas na Críche ag déanamh dóthain.
bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh I enjoyed doing the arrangements
" Tá triúr amhránaithe iontacha agam air, Deirdre Scanlan, Mick Scanlan agus Nóra Butler, agus bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh ar an tionlacan dóibh.
bhíomar déanta suas ar fad we were doing very well
" Idir theilifís RTÉ agus chuairt an Uachtaráin Uí Chinnéide ar Éirinn, bhíomar déanta suas ar fad.
á dhéanamh sin cheana féin doing that already
" Céard go díreach na hábhair staidéir a bheidh ar na cúrsaí seo? DdeB: Is dócha gurb é an ceol traidisiúnta is túisce a thagann chun cuimhne ach ní múineadh ceoil atá i gceist againn (tá go leor á dhéanamh sin cheana féin) ach léiriú a thabhairt ar chúlra an cheoil agus na foinsí as ar eascair sé, na daoine a chum agus a chaomhnaigh an ceol sna blianta roimhe seo, an tslí ar mhair siad anseo lena linn féin agus an spreagadh a fuair siad ón saol sin.
ag déanamh bolscaireachta doing publicity
" Ní raibh mé ag iarraidh bheith ag déanamh caidrimh phoiblí, ag déanamh bolscaireachta do rudaí nár chreid mé iontu.
ag déanamh iarchéime sa gceol doing a postgraduate degree in music
" Bhí muid ar fad ag déanamh iarchéime sa gceol ansin agus bhíodh muid ag casadh ceoil le chéile go sóisialta.
tá ag éirí go maith libh iontu you're doing well in them
" ***AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.
agus déanamh agallamh doing interviews
" Bhíomar ar an ‘Ryan Tubridy Show’, dheineamar Corcaigh inné, 96 FM, beimid ag dul ar ‘Ardán’ (TG4), agus déanamh agallamh le go leor páipéar.
go bhfuil fios a ngnaithe acu that they know what they're doing
" Mar sin, ní hamháin go bhfuil fios a ngnaithe acu ach tá grá acu don ábhar a bhfuil siad ag plé leis fosta.
faoi thaifeadadh a dhéanamh about doing a recording
" An raibh sin deacair nó ar thóg sé i bhfad ort é a dhéanamh? ENíC: Bíonn rudaí maithe mall! An-mhall! D’fhoghlaim mé go leor faoi thaifeadadh a dhéanamh i rith an phróisis agus is leor a rá nár chóir go dtógfadh sé an oiread céanna ama orm an chéad uair eile.
ag déanamh a ndícheall, doing their utmost,
" Tá siad ar fad ag déanamh a ndícheall, gan dabht, oiliúint mhaith a chur ar fáil i ngach réimse den churaclam, teagasc na Gaeilge san áireamh.
ar a dícheall doing its best
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
i mbun dreapadóireachta geimhridh doing winter climbing
" Chaith mé seachtain i mbun dreapadóireachta geimhridh san Iorua i mí an Mhárta.
a raibh ar siúl aige. everything he was doing.
" Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.
bhí fios a ngnó acu. they knew what they were doing.
" Bhídís ag déanamh a gcuid uirlisí féin agus mar sin bhí fios a ngnó acu.
ar a sheacht ndícheall doing his best
" Arra a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Cé a bhí ann ach Pat Scarey, an t-aire stáit úr i Roinn na Galltachta; é ann in áit Éamó Uí Chaoimhnis, agus é ar a sheacht ndícheall ag iarracht aire an tslua a tharraingt air féin – rud nár chuir stró ar bith ar Dev Óg nuair ba ghnách leis féin dul chuig Féile na nGael seachas an chéad ionadaí a chur amach ina áit.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
i mbun ceolchoirmeacha agus cumadóireachta doing concerts and writing music
" Bíonn sé iontach deacair a bheith i mbun ceolchoirmeacha agus cumadóireachta ag an am céanna.
sheachain mé taighde a dhéanamh air sin I avoided doing research on that
" Anois, sheachain mé taighde a dhéanamh air sin mar ní fheicim gur bhain sé leis an scéal.
ag obair ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá daoine agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre ag obair ar a seacht ndícheall i rith an ama ar son na teanga.
ag déanamh dochair doing damage
" Arís eile in agallamh le *Hot Press*, dúirt Paisley *fils* gur chuir daoine aeracha déistin air agus ba é ab iontaí faoin scéal ná go raibh Ian Óg ina Aire i roinn a raibh cur chun cinn an chothromais mar chúram amháin dá cuid! Ach níl mórán cumhachta ag “an vóta bándearg” agus ligeadh do Paisley leanúint leis ag déanamh dochair dá pháirtí.
i mbun an cheoil doing the music
" Beidh leithéidí John Spillane, Prison Love agus Slide i mbun an cheoil agus tá Des Bishop – fear eile atá gnóthach na laethanta seo – i mbun an ghrinn.
i mbun an ghrinn. doing the comedy
" Beidh leithéidí John Spillane, Prison Love agus Slide i mbun an cheoil agus tá Des Bishop – fear eile atá gnóthach na laethanta seo – i mbun an ghrinn.
Shílfeá go raibh sé ag déanamh gair dom. you would think that he was doing me a favour
" Shílfeá go raibh sé ag déanamh gair dom.
ag déanamh tráchtaireachta doing commentary
" Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, studying the media, doing media studies
" Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, nó d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar *Broadcasting in Irish* (2003)a léamh chomh maith.
ag déanamh oibre doing work
" Tá cabhair ar fáil chomh maith más ag déanamh oibre sa ghairdín atá tú.
cad go díreach atá ar bun agat. what exactly you're doing.
" ní gan mhaith, tá sin róláidir, ach cuireann tú ceist ort féin cad go díreach atá ar bun agat.
a bhí i mbun cúrsaí fuaime. who was doing the sound
" ”Bhí Liam Óg O’Flynn and Andy Irvine páirteach sa taifeadadh chomh maith agus ba é Bill Leader, an léiritheoir agus innealtóir clúiteach as Sasana, a bhí i mbun cúrsaí fuaime.
éagóir wrong-doing
" Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás, fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint.
ar a ndícheall doing their best
" Sin an áit a mbíonn tuismitheoirí faoi bhrú le feiceáil; iad ar a ndícheall ag treorú a gcuid páistí isteach, á socrú ina gcuid suíochán agus ansin, go tobann, á dtabhairt amach arís chun an leithris de bharr gur ól duine amháin acu barraíocht Coke agus, bíodh is nach bhfuil fonn múin ar an chuid eile, níl siad sásta fanacht sa phictiúrlann dhorcha leo féin agus amach leo ar fad, duine ar dhuine, a gcuid cartán *popcorn *agus a gcuid milseán ina nglac acu agus gach aon “Brón orm” as béal a dtuismitheoirí agus fios acu go mbeidh an t-agó céanna i gceist nuair a fhillfidh siad.
go mbeadh orm luí isteach ar an albam that I would have to get down to doing the album
" I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
i mbun an tseó, doing the show
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
dhéanann a gcomhairle féin doing their own thing
" Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá.
ag déanamh a ndíchill doing their best
" “Níl Cill Chainnigh ag déanamh a ndíchill”, arsa Babs ar RTÉ ag leath ama sa chluiche iomána idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath i bPáirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh 19 Aibreán.
an dá thrá a fhreastal doing two things simultaneously
" Ach fuair siad amach go bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
faoi bhláth doing well
" Ach fiú in áiteanna ina bhfuil an fhoraois fós faoi bhláth, tá na Batwa á scaradh amach ón saol is dual dóibh.
ar an bpláta beag doing time, in jail
" Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag.
i mbun ghnímh doing the deed
" Tá maicín óg thart ar dhá bhliain d’aois ag an mbeirt a thagann orthu i mbun ghnímh.
gcnap doings
" “Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna boigéiseacha eile nach mbíonn málaí crochta faoina dtóin lena gcnap a cheapadh!” a fhógraíonn sé )agus é ag cuimhneamh ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne).
Ag Imeacht le Cóir doing magnificently
" Ag Imeacht le Cóir ======== Níl aon agó ach go raibh Rudd ar an bpríomhaire a ba mhó meas riamh san Astráil ar feadh dhá bhliain tar éis an olltoghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna go léir a foilsíodh le linn na tréimhse sin.
ar a ndícheall doing their level best
" Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
An Dá Thrá a Fhreastal doing too many things
" An Dá Thrá a Fhreastal ============ Ar aghaidh linn mar sin chuig an chéad rud eile atá ag déanamh buartha do Bhalor bocht ar na saolta seo: bronntanais Nollag.
ag déanamh amhlaidh doing likewise
" Cé gur duine é seo a bhfuil an-eolas aige ar thimpeallacht na mara, facthas dom go raibh teaghlaigh agus daoine eile go leor amuigh ag déanamh amhlaidh, agus leis an líon sin oisrí a bhí os ár gcomhair, níor ghá le haon oiliúint faoi leith ach a bheith airdeallach ar an taoide.
ag déanamh a ndíchill doing their best
" Bhí an chuma ar an scéal gur chuir an tAire ceist ar NIW cad é bhí á dhéanamh acu, gur fhreagair siadsan go raibh siad ag déanamh a ndíchill, agus gur dhúirt An tAire Murphy 'Okay, maith go leor.
á dhéanamh agam I’m doing
" Tá an scagadh á dhéanamh agam, ar cé mar a líonfar na suíocháin sa 43 Dáilcheantar, á fhoilsiú ar Gaelscéal sna seachtainí idir sinn agus an toghchán.
ag gabháil thart doing the rounds
" Tá an scéal ag gabháil thart gur ainmníodh Baltimore Maryland as ‘barúnacht’ i gContae Liatroma/Longfoirt sa bhliain 1625 nuair a bronnadh talamh agus teideal, ‘Barún Baltimore’ ar George, ach níl barúntacht den ainm sin ann.
in airde arís doing the rounds again
" Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia.
Gan a dhath a dhéanamh doing nothing
" Gan a dhath a dhéanamh nuair a bhíonn an geilleagar lag agus maoiniú a thabhairt do corrthionscnamh ealaíne nuair atá an t-airgead ar fáil, sin dearcadh contúirteach, seanaimseartha, amaideach.
nach ag cur na caoire thar an abhainn not just giving the appearance of doing something
" Tá súil agam nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur orainn agus nach ag cur na caoire thar an abhainn atá sé.
ar bun againn we’re doing
" Is leis an sárthaistealaí mara Paddy Barry an luamh agus cineál oilithreachta atá ar bun againn, ag leanacht na manaigh Éireannacha ó thuaidh.