Pota Focal Intergaelic
dig | din | dinc | dinge | dingí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ding wedge
" Má éiríonn leo, tiománfaidh siad ding pholaitiúil isteach i gcroí an chomhaontais liobrálaigh.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
mo bhealach a dhingeadh push my way
" B'éigean dom féin mo bhealach a dhingeadh trí na daoine le mo thicéad a dhéanamh bailí.
dingthe wedged
" * Gluais • Glossary smeadráiltesmeared ag gobadh amachsticking out ag screadachscreaming ina thranglamtangled up dingthewedged
dingthe isteach squeezed into
" Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliún duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht.
nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg that this meal would not be a right ding-dong
" Bhí mionna tugtha ag Nuala nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg agus dá thairbhe sin lig sí thairsti a raibh le rá ag Nan.
a dhingeadh isteach who used to squeeze into
" Bhí sé ar dhuine de na mílte fear agus bean a dhingeadh isteach i dtraein fhothalún uimhir 4, a d'iompraítí ar luas lasrach go híochtar oileán Manhattan, agus a thuirlingíodh ag stop Bowling Green.
dingthe isteach packed tightly into
" Bhí muid réidh lenár mbealach a bhrú amach fríd an ocht milliún duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic muid fógra mór a thóg ár gcroí: An Ghaeltacht.
ding dhaonna na n-imreoirí a human wedge of the players
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
an tóin dingthe amach the bum stuck, wedged, out
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
dhingeadh isteach to stick in, to stuff in
" Ag Dia tá a fhios cá bhfuil mé ag fáil an ama le halt a scríobh ar chor ar bith, nó tá deich n-aiste le bheith istigh agam i gceithre lá (tá mé fríd a chéile anois, nó bhí a fhios agam go raibh lear oibre romham, ach nuair a fheiceann tú é sin scríofa os do chomhair amach, scanraíonn sé thú ar bhealach eile ar fad!), ach tá bealach iontach acu ar an ollscoil na laethanta seo nach raibh ann im’ amsa, agus bhí mise i NIHE/DCU a raibh de chlú orthu a bheith nua-aimseartha, ach ar ndóigh thiocfadh leat feck all a dhéanamh i rith na bliana agus ansin trí sheachtain roimh na scrúduithe, gan corraí as do sheomra leapa (a bhí i bpoll an tí a bhí mar digs agat), agus an t-íosmhéid d’eolas a bhí riachtanach a dhingeadh isteach sa chloigeann, é a ‘chur amach’ ar an pháipear laethe na scrúduithe, agus dearmad iomlán a dhéanamh den eolas an lá chéanna.
dhingeadh jamming (things into)
" Ar ndóigh, ní stopann Deaidí na Nollag ag tabhairt cuairt ort agus tú sna fichidí, agus cheannaigh mé rud nó dhó dom féin fosta, mar sin! Ba é an chéad rud a bhíog mo chroí, nuair a rinne mé iarracht gach rud a dhingeadh isteach sa chás.
a teanga dingthe go maith ina pluc aici tongue in cheek
" Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.
dhingeadh to jam in
" 5 milliún daoine a dhingeadh i bpriosún mar seo.
dingthe stuffed
" Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliúin duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht.
dhingeadh stick into, wedge
" Le haon fhocal úr amháin, cuir i gcás, a dhingeadh i gcuimhne an duine (os cionn 14 bl.
ding wedge
" Ní raibh na All Blacks sa tír ar chor ar bith…” Don Phápa Benedictus XVI tá ding ceannaithe ag Biffo.
dingthe isteach jammed in
" Taobh istigh d’achan ‘chillín’ acu feictear samhaíl mhillteanach de Ai Wei Wei, dingthe isteach sa spás beag agus é faoi scrúdú leanúnach ag beirt de lucht a ghabhála.