Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dorchlaí corridors
" Mhothaigh mé trua do na páistí ar ghnách leo cónaí ann, mar tá na síleálacha chomh hard sin agus na dorchlaí chomh fada.
sna dorchlaí in the corridors
" Ní an DUP a bheas mar ainm níos mó air, nó tá mé dubh dóite de Adams agus McGuinness agus an scaifte scabhaitéirí sin ag cogarnaíl liom go mioscaiseach, mailíseach, maslach agus iad ag siúl tharam sna dorchlaí: 'Hé a Ian, do you pee san oíche? Hé a Ian, do you pee ar maidin? Hé a Ian, do you pee go minic?' Ní bheidh orm glacadh leis níos mó mar tharcaisne, nó is é an t-ainm úr a bheas ar an pháirtí feasta Democratic Unionist Party na hÉireann, nó na DUPEs más fearr libh.
i ndorchlaí ospidéil in hospital corridors
" Tá othair thinne go fóill ina luí ar thralaithe i ndorchlaí ospidéil ar fud na tíre agus airgead á chur amú ar chapaill agus ar thaisteal ar fud na hEorpa.
i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta far from the corridors of power
" Tógadh í i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta, áfach, i Maínis i gConamara, áit ar bhog an teaghlach ag deireadh na seascaidí.
dorchla dorcha, ábhalmhór a huge, dark corridor
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
dorchla corridor
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
ndorchlaí corridors
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
dorchla corridor
" Tá mise in ann siúl isteach, ‘hello’, ‘cén chaoi a bhfuil tú’, ‘cén chaoi a bhfuil rudaí’? Siúl síos an dorchla, na glaochanna gutháin, na cártaí aifrinn a bhí curtha dom, sin mo chomhleacaithe.
dorchla corridor, institutional
" Ach fiafraigh fios an bhealaigh de,Labharfaidh glór dorchla lán cruinnisÉide cruthanta arís é-Is é an post an duine.
ndorchla corridor
" Thug siad drochbhualadh dó i ndorchla na scoile.
ndorchlaí corridors
" Ach ní raibh aon éalú ón chód coigiltis a bhí leagtha síos ag Tuarascáil an Bhord Snip Nua agus ní hiontas ar bith é go raibh an creathadh fuar a cuireadh fríd eagraíochtaí státmhaoinithe an stáit le brath i ndorchlaí Chearnóg Mhuirfean fosta agus sna heagrais Ghaeilge dá réir.
dorchla corridor
" Chodlódh sí ar tocht sa dorchla.
síos dorchla caol down a narrow corridor
" Shiúil mé síos dorchla caol ag cuardach an tseomra.
dorchla cultúir a cultural corridor
" Tá iarratas ar £10m d'airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fosta ‘dorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.
i ndorchlaí na cumhachta in the corridors of power
" Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d'Éirinn.
dorchlaí rúndiamhara secretive corridors
" Ciorann Maidhc Ó Cathail dorchlaí rúndiamhara Oifig Feidearálach an Imscrúdaithe faoina nós gobán a chur ar chuid dá muintir féin.
dorchlaí stairiúla historic corridors
" Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh.