Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
compántas taistil drámaíochta travelling drama company
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
cúl a thabhairt leis an drámaíocht to turn his back on drama
" Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
compántais amharclainne drama groups
" Is liosta le lua é cheana féin na tionscadail atá i ndiaidh a theacht chun cinn le cuidiú na hIomairte - cuairteanna ó cheoltóirí, compántais amharclainne agus scríbhneoirí as Albain ar Éirinn agus a mhalairt, grúpaí pobail agus scoileanna ag foghlaim óna chéile, cúrsaí speisialta Gaeilge do Ghàidhligeoirí agus cúrsaí Gàidhlig do Ghaeilgeoirí.
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta to promote the language through drama
" Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
ceardlanna drámaíochta drama workshops
" ” Chomh maith leis na himeachtaí thuas, beidh ceardlanna drámaíochta, agus oícheanta ceoil agus damhsa ar siúl le linn na féile freisin.
ó thaobh díospóireachta, drámaíochta, ceoil, spóirt as regards debating, drama, music and sport
" Thug an scoil muinín dom agus thug sé deiseanna dom, ó thaobh díospóireachta, drámaíochta, ceoil, spóirt – bhí mé bainteach le chuile rud.
complacht drámaíochta drama company
" Le cois a bheith ina iriseoir ar feadh na mblianta leis an nuachtán laethúil Gaeilge Lá (foilseachán a raibh baint mhór aige lena bhunú), tá complacht drámaíochta bunaithe aige, mar aon le comhlacht teilifíse, Scannán Aisling Ghéar.
complacht drámaíochta drama company
" Le cois a bheith ina iriseoir ar feadh na mblianta leis an nuachtán laethúil Gaeilge Lá (foilseachán a raibh baint mhór aige lena bhunú), tá complacht drámaíochta bunaithe aige, mar aon le comhlacht teilifíse, Scannán Aisling Ghéar.
i réimsí an cheoil, na scannán agus na drámaíochta. in the areas of music, film and drama.
" Ar an ollscoil i gCorcaigh bhí Riobard cairdiúil le Seán Ó Riada agus bhí siad le comhoibriú ar mhórán tionscadal ina dhiaidh sin i réimsí an cheoil, na scannán agus na drámaíochta.
ar dhráma é, which was a drama,
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
an dráma the drama
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach I optioned the drama
"Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach ceithre bliana ó shin, agus dúirt mé le Jimmy go raibh mé ag iarraidh mo scéal féin a dhéanamh de.
caighdeán maith drámaíochta a good standard of drama
" “Shocraigh muid nach raibh caighdeán maith drámaíochta ann do dhaoine óga – *lip-service* amháin a bhí á thabhairt dóibh.
le haghaidh na bhféilte drámaíochta for the drama festivals
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
chúlra drámaíochta drama background
" Ó, bhí sí tharr barr, mar bhí suim aici sna healaíona agus bhíodh sí ag déanamh drámaí scoile linn agus bhíodh sí ag cur na ndrámaí isteach ar chomórtaisí agus, i ndáiríre, sin í an chaoi inar thosaigh mise, a mhúscail mo shuim i ndrámaíocht i ndáiríre mar ní raibh aon chúlra drámaíochta i mo chlann ná aon rud mar sin taobh amuigh de scéalaíocht cois tine agus comharsana agus mar sin.
a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe his completed drama productions
" Ach ní furaist an rud é tarraingt agus beocht Milch a bhlaiseadh gan féachaint ar a chuid táirgí drámaíochta críochnaithe.
Léirmheastóir drámaíochta drama reviewer
" Léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in iarthar na hÉireann.
d'oibrigh sé leis an gcomhlachas drámaíochta he worked with the drama company
" Scríobh an drámadóir Jocelyn Clarke an t-athchóiriú seo, agus d'oibrigh sé leis an gcomhlachas drámaíochta, Blue Raincoat Ensemble cheana ar shaothar eile Uí Nualláin, The Third Policeman agus At Swim Two Birds.
ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla most remarkable in the various dramas
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
le linn bhuaicphoinnte an dráma seo during the drama's climax
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
dráma na Páise seo this drama of the Passion
" Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
ag aisteoireacht le compántas acting with a drama group
" Cén dóigh ar thosaigh sí ag obair sna meáin, a d’fhiafraigh mé di? “D’oibrigh mé mar mhúinteoir bunscoile ó 1985-1988, ag aisteoireacht le compántas drámaíochta san oíche.
i gcomórtas drámaíochta an Oireachtais in the O. drama competition
" Nuair a bhain Alphonsus Ó Labhradha an chéad duais i gcomórtas drámaíochta an Oireachtais le An tSnaidhm i 1910, dúirt sé nach raibh ach ceithre lá caite aige in Éirinn riamh.
sula bhfaca mé an dráma before I saw the drama
" Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine not everyone had that amount of drama experience or background
" Nuair a thosaigh Kalanna a gcuid ceardlann, “ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine – ní raibh ach beirt i mbun íomhá, agus taithí faisnéise is mó a bhí acu”.
Ba dhuine díograiseach he was a driven man (of Irish drama ..)
" Tom an Bhungaló ======= **SMM: Ba dhuine díograiseach drámaíochta Gaeilge é d’athair Tom, beannacht Dé leis.
Tionchar na Drámaíochta the influence of drama
" Bhí sé mar chuid de mo shaol agus mé ag fás aníos agus ag plé drámaíochta agus scéalta, ag plé aisteoirí agus carachtairí Tionchar na Drámaíochta ======= **SMM: Caithfidh gur shaighdigh sé sin thú i dtreo na scríbhneoireachta agus na teilifíse?** ANGBh: Go cinnte! Gan amhras ar bith agus crothnaím go mór m’athair anois, ar na mallaibh ansin, bhí mé ag cur iarratas le chéile le cur isteach ag TG4.
dhá fhéile drámaíochta two drama festivals
" Beidh dhá fhéile drámaíochta ar siúl in ionad axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le linn na míosa seo agus na míosa seo chugainn.
complacht drámaíochta drama company
" Le cois a bheith ina iriseoir, ina ghníomhaire teanga agus léiritheoir teilifíse, tá complacht drámaíochta dá chuid féin aige fosta.
complacht drámaíochta drama company
" Le cois a bheith ina iriseoir, ina ghníomhaire teanga agus léiritheoir teilifíse, tá complacht drámaíochta dá chuid féin aige fosta.
saothar drámaíocht scáileáin body of screen drama work
" Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
compántas drámaíochta drama company
" Tá sí den bharúil go bhfuil roinnt barrchleití amach fós ar an gcóiriú a rinne an compántas drámaíochta Blue Raincoat Theatre.
drámaíocht sa tsaol drama in life
" Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.
bíonn an saol ina dhrámaíocht life is a drama
" Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.