Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dreasachtaí incentives
" Tá na dreasachtaí ar fáil le tosú, macasamhail an phacáiste tacaíochta a d'fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite le deis a thabhairt do dhaoine a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích.
dreasachtaí geilleagracha economic incentives
" Tá sé den bharúil gur cheart do na hÉireannaigh níos mó gréasán gnó a chruthú sa dóigh is go mbeadh dreasachtaí geilleagracha acu le fanacht sna Stáit Aontaithe.
Cuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta Special Savings Incentive Account
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
dreasacht incentive
" Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith.
dreasachtaí airgid financial incentives
" Anuas air sin, ba cheart go dtabharfaí dreasachtaí airgid dóibh siúd a chuireann bearta i gcrích le fuinneamh a shábháil agus go ngearrfaí pionóis ar dhaoine a chuireann fuinneamh amú go fánach.
dreasachtaí eacnamúla economic incentives
" Arís eile, níor mhór dreasachtaí eacnamúla a bheith ar fáil le taighde a dhéanamh ar fhuinneamh malartach.
easpa dreasachta a lack of incentive
" Thiocfadh leat a rá go raibh easpa dreasachta i gceist ó mo thaobhsa de maidir leis na rialacha a shárú nó a bhriseadh.
dreasachtaí incentives
" Ach anois, agus an cúlú faoi lán seoil, tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag iarradh ar an rialtas dreasachtaí a chur ar fáil chun daoine a spreagadh le húsáid a bhaint as an aerfort! Tá eagla ar Údarás Aerfort BhÁC go gcaillfear postanna má leantar leis an laghdú ar líon na n-eitiltí.
dreasachta of encouragement
" Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh? Éadáil an Ghaoith Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin.

Scéim Dhreasachta Coigiltis Special Savings Incentive Scheme
" Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.