Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mangaireacht drugaí drug selling
" Iad siúd nach mbíonn an t-ádh céanna orthu, súitear isteach i dtionscal an ghnéis iad nó i mangaireacht drugaí.
andúil sna drugaí drug addiction
" Is minic a chothaíonn a gcuid máistrí andúil sna drugaí iontu nó a ndéanann siad ionsaithe gnéis orthu le hiad a ullmhú don striapachas.
mangairí drugaí drug pushers
" Beidh na mangairí drugaí fós i mbun gnó i gcúinní dorcha fá shráideanna na gcathracha.
andúiligh drugaí drug addicts
" Níor chuir an cur síos ar na gadaithe iontas orm, mar déanann andúiligh drugaí an chuid is mó den ghadaíocht anseo agus bíonn siad i gcónaí tanaí.
Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí Drug Treatment Centre
" Cé gur tháinig titim, de réir mar a chuaigh na hochtóidí ar aghaidh, i líon na ndaoine a cúisíodh, tháinig méadú sa líon andúileach cócaoin a bhí ag freastal ar an Ionad Cóireála do Lucht Mí?Úsáide Drugaí.
dá thromluithe óil nó drugaí of his drink or drugs nightmare
" Ach de réir a chéile thuig sé nach i gceann eile dá thromluithe óil nó drugaí a bhí sé, nach móide go mbeadh cos eile faoi ar maidin amárach ná arú amárach ná bliain ó arú amárach mura mbeadh cos mharbh mhístuama adhmaid nó phlaistigh ann.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
ag baint leasa as drugaí using drugs
" , ag an leibhéal is airde, ag baint leasa as drugaí chun cabhrú leo caighdeáin agus spriocanna a bhaint amach agus buntáiste a bheith acu i gcoinne iomaitheoirí eile.
coireanna drugaí drug crimes
" Tugadh go hAlbain - le cosaint na bpéas - iad ach, an tseachtain seo, cuireadh coireanna drugaí i leith Gina Adair agus a mac Jonathan i mBolton Shasana.
mí-úsáid alcóil agus drugaí alcohol and drug abuse
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
Údarás Bia agus Drugaí Food and Drug Administration
" I mí na Nollag 2003, vótáil Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe san Údarás Bia agus Drugaí (an FDA) 23 in aghaidh a ceathair i bhfábhar an piollaire seo a chur ar fáil do mhná gan oideas, mar a tharlaíonn i dtrí thír is tríocha eile, An Bhreatain san áireamh.
faoi thionchar drugaí under the influence of drugs
" Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an mhéid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí.
formhór na n-andúileach drugaí most of the drug addicts
" Tá sin fíor ar bhealach; bhí an t-am ann, áfach, agus ba sna ceantair ba bhoichte sna cathracha a bhí formhór na n-andúileach drugaí.
mhangaireacht drugaí drug dealing
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
mhí-úsáid drugaí drug abuse
" Tá siad i gcoinne mhí-úsáid drugaí agus deir siad nár tugadh dóthain airde ar an dochar a dhéanann drugaí sa gcás seo.
dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha the distribution and use of illegal drugs
" Ní cóir go mbeadh ionadh ar aon duine faoi sin mar tá faillí déanta leis na blianta fada ag rialtas i ndiaidh rialtais sa bpobal lárchathrach agus toradh an neamairt sin le feiceáil le breis agus scór bliain i bhfoirm dháileadh agus úsáid drugaí mídhleathacha, coireachta agus fadhbanna eile sóisialta.
a bhí ina mhangaire drugaí who was a drug dealer
" Tá a fhios againn anois go raibh Haddock – a bhí ina mhangaire drugaí chomh maith – ina bhrathadóir ag an Bhrainse fosta agus creideann McCord gur chosain an Brainse Speisialta é ó chásanna cúirte.
go mbeidís ag smuigleáil drugaí. that they'd be smuggling drugs.
" B'annamh grúpa mac léinn agus léachtóirí ag teacht chun an phríosúin, agus ba bheag seans go mbeidís ag smuigleáil drugaí.
an mhangaireacht drugaí the selling of drugs
" Is iad an mhangaireacht drugaí agus an ghadaíocht an gnó atá acu, dála an Strand Gang, a bhfuil 41 ball idir sé bliana déag agus 33 bliain d’aois ann.
tástálacha drugaí drugs tests
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
ceannaithe drugaí drug dealers
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí. that they would flood the borders of America with drugs.
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
mangaireacht drugaí drug selling
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
tiarnaí drugaí na tíre the drug lords of the country
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
agus freagracht air i leith drugaí. with responsibility for drugs.
" **Buntáistí**: Chruthaigh sé é féin go maith mar aire sóisearach agus freagracht air i leith drugaí.
díol drugaí sale of drugs
" Bhí go leor daoine eile a raibh fadhbanna móra dlíthiúla acu ina mball chomh maith – leithéidí Agha Hasan Abedi, mar shampla, a bhunaigh BCCI, banc a d’úsáid an CIA chun sciúradh a dhéanamh ar airgead a tuilleadh as díol drugaí.
fadhbanna alcóil agus drugaí alcohol and drug problems
" Tá obair iontach ar siúl ag Irish Community Care Merseyside i measc na nÉireannach bocht i Learpholl agus iad siúd a bhfuil fadhbanna alcóil agus drugaí acu.
sáite sna drugaí involved in drugs
" Tá fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.